The proceedings of the third Oireachtas held in Dublin on Wednesday, 7th June, 1899: including the Cardinal’s speech, Oireachtas ode, Oireachtas address, prize essays, stories and poems, 1899, pp. 70-86.
SECOND PRIZE STORY BY ‘Fear na Muintire.’
’Neósad-sa ḋíḃ mar ċuala ⁊ ní ḃeiḋ mé ag dúnaireaċt éiṫiġ do réir ḋeallraiṁ: mara (muna) gcuirfiḋ mé focal leis ní ḃainfiḋ mé aon ḟocal de:―Lá ḋos na laeṫeanntaiḃ ⁊ tráṫ ḋos na tráṫanntaiḃ do ġluais Fionn Mac Cuṁail ⁊ a ṁaċaiḋe ⁊ a ṁór-ṡluaiġte amaċ ag fiaḋaċ ⁊ ag fineċosgairt,―mar ba ġnáṫ leó dul,―ar ċnoc do ḃí os cionn na réiḋ-ṫeaġlaiġe amaċ.
Do ṫiomáineadar leó go dtángadar go barra an ċnoic. Do stadadar uile go léir annsoin, ⁊ d’ḟéaċadar timċeall orra féin ⁊ amaċ ar an ḃfairrge, ⁊ ċonnaiceadar faid a raḋairc uaṫa mar ḃeaḋ aṁail préaċáin. D’ḟanadar ḋ’á ’niúċaḋ ar feaḋ tamaill, ⁊ is gearr go raiḃ sé ag dul i méid: is ró-ġearr ’n-a ḋiaiḋ sin gur ḋeineadar amaċ gur long a ḃí ann ⁊ go raiḃ sí ag deanaṁ fé n-a ḋéin, fé lán-tseóil. Ṫáinig sí isteaċ go dtí an cuan ⁊ do ṫáinig aon ḟear aṁáin aonair amaċ aisti, ⁊ do luiḋ sé ag ceangal a luinge.
Do stadadar uile go léir ag féaċaint air ċun (ċum) go nduḃairt Conán Maol mac Móirne: ‘Caidé an ḟéaċaint sin oraiḃ: tá a ḟios agaiḃ-se naċ aon doluiġeaċ foġanta é sin: riṫfimís linn féin as so,’―go nduḃairt Fionn gur náireaċ an niḋ do ḋuine riṫ ó n-a ṫiġ nuair ḃeaḋ stróinséir ag teaċt fé n-a ḋéin. D’ḟill an uile ḟear aca ṫar n-ais arís go dtáinig an fear fé n-a ḋéin,―⁊ dar do láiṁ, ba ṁó é siúd ná aon ċúigear fear d’á ḃfacadar ’riaṁ.
Do ḃuail sé aníos ċuċa ⁊ níor ḃeannuiġ ⁊ níor uṁluiġ d’aon ḟear go dtáinig sé ar aġaiḋ Ḟinn ṁic Cuṁail amaċ. Do ḃeannuiġ sé d’Ḟionn do ḃréiṫriḃ fostanaċa fáiḋeaṁla ⁊ do ráiḋteaċas na sean-aimsire, ⁊ do ḃeannuiġ Fionn do do’n óráid ċéadna.
‘Cé hé do ṁaiṫiḃ an doṁain ṫú?’ arsa Fionn, ‘nó cad is ainm duit?’
‘Aolán Aol Croḋa ṁ’ainm-se,’ ars an fear mór, ‘⁊ ní hé sin m’ainm ar fuaid an doṁain ṁóir aċt an Maċaiḋe Mór mac riġ na hEaspáinne.’
‘Agus cad do ṫóg go hÉirinn an tan so ṫú?’ arsa Fionn.
‘Le díoġalṫas ċinn riġ Éireann,’ ars an fear mór, ‘⁊ an tusa é?’
‘Ní mise rí ceart Éireann,’ arsa Fionn, ‘aċt Rí Cormac.’
‘An dtiuḃrá eólas doṁsa go cúirt Riġ Ċormaic?’ ars an fear mór.
‘Tiuḃrad ar maidin,’ ars Fionn, ‘aċt fan ’n-ár ḃfoċair-ne anoċt,’―mar ba ġnáṫ le Fionn gan aon stróinséir ṫiocfaḋ go dtí ḋá ṫiġ é leogaint (leigeant) uaiḋ go maidin go háiriġṫe.
D’ḟill an uile ḟear ’riaṁ aca isteaċ do gtí an réiḋ-ṫeaġlaċ, ⁊ do ċaiṫeadar an oiḋċe sin ar fleaḋ ⁊ ar mór-ḟéasda go rug solas an lae i mbáiriġ orra.
‘Anois a Ḟinn,’ duḃairt an fear mór, ‘ó tá solas an law aguinn bí ċoṁ maiṫ le t’ḟocal, ⁊ gluais liom go cúirt Riġ Ċormaic.’
‘Seaḋ ċeana,’ arsa Fionn; ‘téanam ort.’ Do ṫiomáin an ḃeirt leó ⁊ níor stad cos díoḃ go dtángadar i raḋarc cúirte Riġ Ċormaic. Do stad Fionn annsoin ⁊ duḃairt: ‘Sin í ṫall cúirt Riġ Ċormaic, ⁊ ní raġad-sa níosa ṡia leat mar ní ṫuigim féin ná Rí Cormac a ċéile ró-ṁaiṫ le déideanaiġe.’ Do ċas Fionn ṫar n-ais arís go dtí an réiḋ-ṫeaġlaċ, ⁊ ṫiomáin an Maċaiḋe Mór fé ḋéin cúirte Riġ Ċormaic.
San am soin b’é nós Riġ Ċormaic gairm-sgoile ’ċur amaċ ar a riġeaċt go léir ċun (ċum) teaċt uair is gaċ aon trí mbliaḋna ċun féaċaint ar ṫaidn (ṫaiṫniġ) a ḋliġṫe leó, ⁊ mara dtaidnfeaḋ, dliġṫe aṫruġaḋ ḋóiḃ,―⁊ b’in é an lá go raiḃ an t-aonaċ soin cnuasta ann.―Do ḃuail an Maċaiḋe suas ⁊ níos ḃeannuiġ ⁊ níor uṁluiġ d’aon ḟear gur ḃuail sé a ḋá órdóig i gcoinniḃ ḋá órdóig Riġ Ċormaic, do ḃeannuiġ Rí Cormac do do ḃréiṫriḃ fostanaċa fáiḋeaṁla, ⁊ do ráiḋteaċas na sean-aimsire, ⁊ do ḃeannuiġ an fear mór do do’n óráid ċéadna.
‘Cé hé do ṁaiṫiḃ an doṁain ṫú?’ arsa Cormac.
‘Aolán Aol Croḋa ṁ’ainm-se,’ ars an fear mór, ‘⁊ ní hé sin m’ainm ar fuaid an doṁain ṁóir aċt an Maċaiḋe Mór mac riġ na hEaspáinne.’
‘Cá’r ċodlas aréir a ḟir ṁóir?’ arsa Rí Cormac.
Ċodlas i n-Alṁain árd-ḟairsiug (fairsin) Laiġin,’ ars an fear mór, ‘⁊ farraḋ Fionn Mac Cuṁail ⁊ uaisle áilne Ċlanna Gaeḋeal mar aon leis.’
‘Agus cad do ṫóg (ṫug) go hÉirinn an tan so ṫú?’ arsa Rí Cormac.
‘Le díoġalṫas ċinn Ríġ Éireann,’ ars an fear mór, ‘agus an tusa é?’
‘Ní mise rí ceart Éireann,’ arsa Rí Cormac, ‘aċt Fionn Mac Cuṁail.’
‘Agus cad fáṫ go laḃálann sé caṫaoir na honóra ḋuit-se?’ ars an fear mór.
‘Mar is doṁ-sa ṫéiḋeann sí do réir sínsearaċt,’ arsa Cormac; ‘⁊ a ḟir ṁóir is cirte ⁊ is cóire d’Ḟionn Mac Cuṁail troid ar son na hÉireann ná ḋoṁ-sa mar is mó ḋo ṫoraḋ is do ṫairḃe na hÉireann ag tuitim ċuige gaċ lá ná ċuġam-sa. Tá cú is gaċ ball aige ⁊ seilg is gaċ gleann …’
‘Seaḋ,’ ars an Maċaiḋe, ‘ní ḋéanfaiḋ soin an gnó ḋuit-se. Má ċuireann Fionn mise ṫar n-ais le haon aiṫ-sgéal ní ṫógfad-sa uait aon leaṫ-sgéal gan do ċeann.’ Do sgar an ḃeirt le ċéile ar an áit sin, ⁊ d’ḟill an fear mór ṫar n-ais arís go Fionn Mac Cuṁail: ‘Seaḋ, a Ḟinn,’ ars eisean, ‘do ṡéan Rí Cormac a ċion do riġeaċt na hÉireann ort.’
‘Ní ṡéanfad-sa mo ċion do riġeaċt na hÉireann,’ arsa Fionn, ‘le heagla aon ḟir ar biṫ; ní ḋéanfaiḋ sin do Rí Cormac é: caiṫfiḋ sé a ṫaḃairt sé n-a láiṁ gur mise rí ceart Éireann ⁊ raġam araon go dtí é ar maidin i mbáireaċ,―aċt téanam ort isteac.’
Do ċaiṫeadar an oiḋċe sin ar fleaḋ ⁊ ar mór-ḟéasda go ruġ solas an lae imbáiriġ orra.
‘Téanam ort anois, a ḟir ṁóir,’ arsa Fionn. Do ṫiomáineadar leó, ⁊ níor stad cos díoḃ go ndeaġadar go cúirt Riġ Ċormaic. Do laḃair Fionn le Rí Cormac: ‘do ṡéanais do ċion do riġeaċt na hÉireann orm-sa,’ do ráiḋ Fionn, ‘⁊ ní ṡéanfad-sa mo ċion do riġeaċt na hÉireann le heagla aon ḟir ar biṫ: aċt caiṫfiḋ tú a ṫaḃairt fé’d láiṁ dam gur mise rí ceart Éireann sara dtroidfiḋ mé a ṫuilleaḋ ar son na hÉireann.’
‘Ná déin,’ arsa Rí Cormac; ‘aċt tá sean-duine san oileán so tamall maiṫ uainn go dtugann siad Bearaċán air, ⁊ isé an fear is aosta san oileán é, ⁊ pé rud adéaraiḋ sé sin bímís araon sásta leis.’
‘Gaḃaim le n-ais,’ arsa Fionn.
Do ṫiomáin an triúr leó ⁊ níor ḋeineadar stad ná coṁnuiḋe go ndeaġadar go dtí tiġ (teaċ) Ḃearċáin. Ṫángadar isteaċ is ċuir sé fáilte rómpa. D’innseadar do fios a dturais, ⁊ aduḃairt sé leó suiḋe síos. Fuair sé biaḋ ⁊ deoċ ḋóiḃ ar a gcóir. Nuair a ḃí biaḋ ⁊ deoċ caiṫte aca ċuaiḋ Bearaċán suas go dtí almóir a ḃí sa tiġ, ⁊ do ṫug sé anuas píosa muic-ḟeóla do ḃí troiġ d’ḟeóil-ḃáin airsi: ‘Sin muc,’ ar seisean, ‘a tógaḋ le linn sean-aṫar Riġ Ċormaic.’ Ċuaiḋ sé suas arís ⁊ do ṫug sé anuas píosa eile muiċ-ḟeóla ná raiḃ aċt sé hórdla (orlaiġ) d’ḟeóil-ḃáin airri: ‘Sin píosa do ṁuic do tógaḋ le linn aṫar Riġ Ċormaic,’ ar sé. Ċuaiḋ sé suas an tríoṁaḋ huair ⁊ do ṫug sé anuas píosa eile muic-ḟeóla do tógaḋ le linn Riġ Ċormaic féinig (féin), aċt ní raiḃ sí acṫ trí hórdla d’ḟeóil-ḃáin: ‘Seaḋ anois, a ḋaoine uaisle,’ arsa Bearaċán; ‘ċiḋeann siḃ féin an ċuma go ḃfuil an náisiún ag dul ċun boiċtneaċt’ do réir mar ṫáid siad so ag teaċt i n-oiġreaċt, ⁊ má ṫagann Cairbre mac Ċormaic i n-oiġreaċt ní féidir d’aon’na maireaċtaint san náisiún,―beiḋ sé ċom dealḃ soin; aċt ṁolfainn-se d’Ḟionn Mac Cuṁail an riġeaċt mar isé sin an fear is fearr.―Aċt caidé an ċaḃair doṁ-sa soin ⁊ go mbeiḋ mo ċnáṁa piocaiṫe ag na mactírí anoċt,―mar ní raḃas ċun báis d’ḟaġáil ċoiḋċe go gcodlfaḋ trí riġṫe im’ ṫiġ.’
‘Is mór an seód an sgéal,’ ars an Maċaiḋe Mór, ‘má leogfimíd (leigfimíd) d’aon ṁactíre do ċnáṁa ṗiocaḋ anoċt.’
Ċuireadar é fé ḃéal daiḃċe a ḃí san áit, a fuaradar paca cártaí nó imirt éigin eile, ⁊ do luiḋeadar ar imirt ós cionn na daiḃċe.
Ḃíodar ag imirt annsoin ar feaḋ tamaill ṁaiṫ de’n oiḋċe gur ṫáinig garsúinín beag leaṫ-lomnoċta amuiġ ag an ndoras ⁊ é ag gol. D’ḟiafruiġeadar de cé ḃí ann nó cad do ḃeir ann ċoṁ déiḋeanaċ san oiḋċe é. Duḃairt sé leó gur garsún é ċuir a ṁuintir amaċ ar lorg gaḃar, go ndeaġaiḋ sé amuġa sa ċeó, ⁊ é leogaint (leigint) isteaċ mar go raiḃ sé fuar. Duḃairt an triúr le ċéile gur dóċa ná déanfaḋ sé aon díoġḃáil é leogaint isteaċ. Do leogaḋar isteaċ é, ⁊ ḃuail ṡé suas ċun na teine’ ⁊ do ṫéiḋ é féin. Duḃairt sé annsoin: ‘A ḋaoine uaisle, tá ceól beag agam a ṡeinnfinn díḃ dá mb’é ḃur dtoil é.’ Duḃradar leis seint. Do ḋíriġ sé ar seint an ċeóil ba uaiḃriġe d’airiġeadar ’riaṁ. B’é críoċ an sgéil gur ṫuit an triúr ’n-a gcodlaḋ ⁊ d’ḟanadar ansa ċodlaḋ soin go maidin. Nuair a ḋúisiġeadar ní raiḃ aon ṗioc do ṫuairisg an ġarsúin aca. D’ḟéaċadar fé’n ndaḃaiġ ⁊ ní raiḃ aon ṗioc do Ḃeareaċán aca aċt a ċnáṁa piocaiṫe.
‘Seaḋ,’ arsa Fionn, ‘tá an méid sin imṫiġṫe orainn.’
‘Tá go deiṁin,’ ars an Maċaiḋe Mór, ‘⁊ isé an ceól teinn dúinn, ceól an ġarsúin.’
‘Téanaiḋ oraiḃ,’ arsa Cormac; ⁊ do ṫiomáin an triúr leó ṫar n-ais. D’ḟan Cormac agá ċúirt féinig, ⁊ do ġluais Fionn ⁊ an fear mór le ċéile ċun go dtángadar go dtí an réiḋ-ṫeaġlaċ. Ċuadar isteaċ, iad ḟéin ⁊ an ċuid eile ḋe’n Ḟéinn, ⁊ ṫugadar an oiḋċe sin ar fleaḋ ⁊ ar mór-ḟéasda go rug solas an lae i mḃáiriġ orra.
‘Seaḋ, a Ḟinn,’ ars ar fear mór, ‘tá an riġeaċt molṫa ḋuit-se ⁊ caiṫifr troid ar a son.’
‘Tá, ċeana,’ arsa Fionn; ⁊ do ċuadar araon amaċ ar an ḃfaiṫċe, ⁊ do lean an Ḟéinn eile iad.
‘A Ġoll ṁic Móirne,’ arsa Fionn, ‘an raġfá-sa do ċoṁrac ṫar mo ċeann leis an ḃfear mór?’
‘Am ḃriaṫar ḟéin, a Ḟinn,’ arsa Goll, ‘ná raġad mar ná braiṫim mé féin i meisneaċ ċun an ḟir ṁóir a ṫroid.’
‘A Ṡeaċráin Sál-ḟada, an raġfá do ċoṁrac ṫar mo ċeann leis an ḃfear mór?’ arsa Fionn.
‘Am ḃriaṫar ḟéin, a Ḟinn,’ arsa Seaċrán, ‘ní raġaḋ, mar ní ḃraiṫim mé féin i meisneaċ ċun an ḟir ṁóir a ṫroid.’
‘A Luġaiḋ Láṁ-ḟada,’ arsa Fionn, ‘an raġfá do ċoṁrac ṫar mo ċeann leis an ḃfear mór?’
‘Am ḃriaṫar ḟéin ná raġad,’ arsa Luġaiḋ Láṁ-ḟada; ‘mar an cuiṁin leat-sa féinig, a Ḟinn, ar an lá úd do ṫógas-sa liom deiċ gcéad de’n ḟéinn dul i n-ionnsuiḋe mná sa Doṁan Toir ⁊ gur ġlaoḋais ṫar n-ais an uile ḟear aca, mar nár ḃ’ḟearr leat mé ṫeaċt slán ’ná tuitim fé’n dtoisg gcéadna, i gcás go mbeaḋ an ḃean agat ḟéin.’
‘A Oisín ṁic Finn,’ arsa Fionn, ‘an raġfá-sa do ċoṁrac ṫar mo ċeann leis an ḃfear mór?’
‘Am ḃriaṫar ḟéin, a Ḟinn,’ ars Oisín, ‘ná raġad mar ná braiṫim mé féin i meisneaċ ċun an ḟir ṁóir a ṫroid.’
‘A Osgair mac Oisín ṁic Finn,’ arsa Fionn, ‘an raġfá do ċoṁrac ṫar mo ċeann leis an ḃfear mór?’
‘Am ḃriaṫar ḟéin, a Ḟinn, ná raġad,’ arsa Osgar, ‘mar an gcuiṁniġeann tusa ḟéin a Ḟinn, ar an lá úd ná raḃas-sa tagaiṫe aċt bliaḋain óm’ ḃanarṫlain, nuair ṫáinig an Cíoṫaċ Crú-armaċ ó’n nDoṁan Toir, ⁊ do rug sé leis Saḋḃ inġean Ógain Óige bean Ṁic Aónċéarda Béara,―mar ba ḃreáġḋa í ná do ḃean-sa,―mar ná raiḃ aon duine agaiḃ-se sa ḃaile, ⁊ go nduḃairt Gráinne Ní Ċormaic,―b’in í bean Ḟinn,―gur ḃ’olc an fear an Cíoṫaċ ⁊ láṁ a ḋéanaṁ do ṁnaoi: ḋuḃairt an Cíoṫaċ léi d’á freagraḋ naċ í an ḃean a ḃí uaiḋ aċt na fir, ⁊ dá mb’ ḟir iad go leanfidís í. Nuair ṫángamar uile aḃaile is d-oiḋċe, a Ḟinn, ní raiḃ aon ḟocal as na mnáiḃ. Duḃairt Conán Maol leó gur ḃ’ḟuraisde (furasda) aiṫint ḋá dtiocfimís folaṁ go minic go gcaillfiḋ siḃ ḃur gcaint.’ ‘Ní hé sin i n-aon ċor tá orainn,’ arsa Gráinne Ní Ċormaic, ‘aċt beirt d’ár mnáiḃ atá i n-easnaṁ orainn tar éis an lae,’ ⁊ aduḃairt sí go dtáinig an Cíoṫaċ Crú-armaċ ó’n nDoṁan Toir ⁊ go rug sé leis bean Ṁic Aonċéarda Béara, ⁊ gur báṫaḋ Féile Ní Ġuaire i n-aḃainn na Féile; ⁊ d’á ċoṁarṫa soin féin, a Ḟinn, duḃraidis-se ná raiḃ aon teangṁálaiḋe fé’n spéir ba luaġ ort a ṫarrac (tarraingt) ort ’ná an Cíoṫaċ Crú-armaċ.
‘D’ḟan an sgéal mar sin, a Ḟinn, ar feaḋ trí ṁí go nduḃairt Conán Maol gur ḃ’ḟuraisde aiṫint gur ḃ’olc na fir sinn, ⁊ ná raiḃ aon’na ag cur iongnaiṁ air aċt Mac Aonċéarda Béara go raiḃ a ḃean imṫiġṫe uaiḋ duḃraiḋis-se annsoin, a Ḟinn, go raiḃ an ceart aige, ⁊ duḃriaḋis linn sinn féin d’ullṁuġaḋ i gcoṁair na maidne imḃáireaċ.
‘Do ġléasadar iad ḟéin ar maidin, deiċ gcéad aca, ⁊ ṫógadar leó do long féin, an “Ḃreac-Ċuaċ,” ⁊ d’á ċoṁarṫa soin féin, a Ḟinn, isé do ṁac Oisín do ċuiris mar ċeann ar na fearaiḃ.
‘Ṫiomáineadar leó ar an muir ṁóir, ⁊ do ḃíodar trí ṁí ar an ḃfairrge do dtí gur ṫángadar isteaċ go hoileán, ⁊ do ċeap muintir an oileáin sin gur náṁaid iad. Do ḃuaileadar caṫ ⁊ cruaḋ-ċoṁrac le ċéile,―⁊ b’é an riġeaċt é sin ná riġeaċt Eóġain Gorm-úiliġ. Do ḃíodar ag troid leó i gcaiṫeaṁ an lae go dtáinig an Síogaire Gorm-úileaċ mac an riġ ⁊ Oisín ar aġaiḋ a ċéile. Ḃí an ḃeirt ag troid go croḋa go dtí go raiḃ an láṁ uaċtair ag Oisín ḋ’á ḟaġáil air, is go dtáinig an rí ⁊ ċaiṫ sé brat síoṫċána ’n-a measg, ⁊ duḃairt sé gur ṁaise ḋo’n dís sgur go lá.
‘“Cé hiad de ṁaiṫiḃ an doṁain siḃ?” ars an rí.
‘“Sguib d’Ḟiannaiḃ Éireann sinne atá ar seaċrán,’ arsa Oisín.
‘Do ḃuail an rí a ḋá ḃois: “Is measa ná riaṁ,” ar seisean, “⁊ gur fadó do ḃíosa gan mo riġeaċt aċt mara mbeaḋ bagairt Ḟinn Ṁic Cuṁail ⁊ a ṁór-ṡluaiġte ar na riġṫiḃ eile atá ar mo ṫí: céad míle fáilte roṁaiḃ go dtí mo riġeaċt-sa: téanaiḋ oraiḃ liom-sa.”
‘Ṫiomáineadar uile leó annsoin, a Ḟinn, go dtí cúirt Eóġain Gorm-úiliġ, ⁊ fuaradar gaċ uile ċóir dá ḟeaḃas, ⁊ d’ḟanadar annsoin ar feaḋ trí ṁí go nduḃairt Conán Maol go ndéaraḋ an rí nó aon’ne eile ná raiḃ pioc le n-iṫe sa ḃaile aca ⁊ a ráḋ go raḃadar ag fanaṁaint ċoṁ fada ann. Duḃairt Oisín leó annsoin iad ḟéin d’ullṁuġaḋ i gcoṁair imṫeaċt lár ’n-a ḃáireaċ.
‘Ḃí soin go maiṫ: ⁊ dúḃairt an Síogaire Gormúileaċ mac an riġ sin le hOisín é féin a ḃreiṫ leis, ⁊ cead d’iarraiḋ ar a aṫair é leogaint leó: “déaraiḋ m’aṫair leat,” ars an Síogaire le hOisín, “go leogfaḋ sé leat mé i n-aon ḃall fé’n spéir aċt fé ḋéin an Ċíoṫaiġ Ċrú-armaiġ. Nuair a raġair isteaċ ċun do ḃreicfaist ar maidin, buail do sgéan (sgian) ⁊ t’ḟorc crosta sa ḃfeóil. Fiafró’iḋ ṁ’aṫair do ṁac riġ Féinne cad ’n-a ṫaoḃ ná fuil sé ag iṫe a ḃreicfaist. Abair-se leis ná híosair ⁊ na hólfair aon ṗioc go ḃfaġair aon aṫċuinge fé’n speir aċt mé féin a leogaint leat fé ḋéin an Ċíṫiġ Ċrú-armaiġ. Abair-se leis gur b’in í díreaċ an aṫċuinge ḃí uait ⁊ go ḃfágfair a ṫiġ faoi ḟeirg mara ḃfaġair an aṫċuinge sin.”
‘Sin mar ḃí, a Ḟinn: Ar maidin lar n-a ḃáireaċ nuair ḃuail Oisín ċun a ḃreicfaist ḃuail se a sgéan ⁊ a ḟorc crosta sa ḃfeóil. D’ḟiafruiġ an rí de ṁac riġ Féinne cad n-a ṫaoḃ ná raiḃ sé ag iṫe a ḃreicfaist, “Tá,” ars Oisín, “ná híosad ⁊ ná hólfad aon niḋ ad’ ṫiġ go ḃfaġad (ḃfuiġead) aṫċuinge.”
‘“Doġeoḃair aon aṫċuinge fé’n spéir,” duḃairt an rí, “aċt an Síogaire Gorm-úileaċ a leogaint leat fé ḋéin an Ċíṫiġ Ċrú-armaiġ.”
‘“Caidé an ṁaiṫ soin,” ars Oisín, “⁊ gur b’in í díreaċ an aṫċuinge aṫa uaim, ⁊ fágaiḋ mé do ṫiġ faoi ḟeirg mara ḃfaġad í sin.”
‘“Seaḋ, a ṁic riġ Féinne,” ars an rí, “níos túisge ná fágfá mo ṫiġ faoi ḟeirg ġeoḃair t’ aṫċuinge, ar ċoinġioll má ṫagann aon’ne agaiḃ beó glaoḋaċ ċuġam ċun insint dam connus do ṫriaḋail1 an Síogaire sa ċoṁrac.”
‘“Ġeoḃair soin,” ars Oisín.
‘Seaḋ, a Ḟinn; do ṫiomáineadar leó ⁊ an Síogaire i n-éinḟeaċt leó, ⁊ ṫugadar a n-aġaiḋ do ṁuir ⁊ a ndeireaḋ do ṫír: níor ḋeineadar stad na coṁnuiḋe go dtángadar go riġeaċt an Ċíṫiġ Ċrú-armaiġ. Ḃí cúirt an Ċíṫiġ ar ḃruaċ an ċuain: ⁊ a Ḟinn, is aṁlaiḋ a ḃí bean Ṁic Aonċearda Béara i n-áirde i ngrianán na cúirte, ⁊ beirt ṁac an Ċíṫiġ ag taḃairt aire ḋi mar ní raiḃ sé féin sa ḃaile. Do ċuir sí sgearta gáire aisti nuair do ċonnaic sí an “Ḃreac-Ċuaċ” tagaiṫe isteaċ sa ċuan:―“Caidé fáṫ do ġáire?”, ars an mac críona léi, “nó ’ḃfaġad ar mo ċrann toṁais2 é?”
‘“Ġeoḃair ċeana,” ar sise.
‘“Tá,” ar seisean, “gur coiġciḋeas ó anoċt do ṫiocfaiḋ an sean-ḃuaċaill aḃaile ⁊ ag cuiṁneaṁ ar an saoġal breáġ do-ġeoḃair uaiḋ.”
‘“Ní heaḋ go deiṁin,” ar sisi, “aċt dá ġiorraċt dúinn an aimsir sin ċiḋim daṫ annsúd ṫíos ar an gcuan ṫiuḃraiḋ do ċuid fola le n-ól duit-se fé sin.”
‘Do ḃuail sé le claḃatóig í le neart uaḃair ’dtaoḃ a ráḋ go raiḃ aon ḟear ná fir a ṫiuḃraḋ a ċuid fola le n-ól do féin. Le n-a linn sin, a Ḟinn, do ḃí an ṁuintir eile ’n-a stad ṫíos ar bórd luinge go nduḃairt Conán: Caidé an ḟéaċaint sin a ḃí aca timċeall orra féin, ⁊ dul ⁊ an ḃean a ṫaḃairt leó. Le n-a linn sin d’éiriġ an Síogaire d’úlaiḃ a ṡleaġ ⁊ do ṡnaiḋmeannaiḃ a ċnáṁ, do ḋá ṡísde ḋá smísde ċnáṁ-reaṁar a ċoise do’n ḃaoṫ-léim nár ṫrom, gur ṫúirlic (tuirling) ar ġrianán na cúirté ⁊ ḃuail sé a ṁéar fé ċrios na mná: do ḃuail ar ṁaoil-árd a ġualann í, ⁊ ċuaiḋ ṫar n-ais arís do’n léim ċéadna ar bórd na luinge.
‘“Cad is cóir a ṁeas do’n Éireannaċ a ḋein an cleas úd?” arsa mac an Ċíṫiġ le n-a ḋearḃráṫair.
‘“Cad do ḋéanfí leis?” ars an tarna dearḃráṫair, “aċt an cleas céadna do ḋéanaṁ leis arís?” Annsoin d’éiriġ sé d’úlaiḃ a ṡleaġ ⁊ do ṡnaiḋmeannaiḃ a ċnáṁ, do ḋá ṡísde ḋá smísde ċnáṁ-reaṁar a ċoise do’n ḃaoṫ-léim nár ṫrom, gur ṫúirlic ar bórd luinge, ⁊ ṫóg sé (faoi) an ḃean leis ṫar n-ais arís.
‘Seaḋ, a Ḟinn: nuair ċonnaic an Ḟéinn an niḋ a ḃí déanta ag mac an Ċíṫiġ, duḃradar le ċéile ná héireóċaḋ soin leis, ⁊ naċ é aṁáin go mbéaridís an ḃean leó aċt ná fágfidís duine ná beiṫiḋeaċ, ná aon ainṁiḋe eile san oileán gan ídiuġaḋ. Do ḃuail Fianna Éireann, agus beirt ṁac an Ċíṫiġ ⁊ na coṁalṫaiḋe ḃí aca, caṫ ⁊ cruaḋ-ċoṁrac le ċéile, ⁊ b’é críoċ an ċaṫa soin nár ḟág an Ḟéinn aon duine ’n-a ḃeaṫaiḋ san áit, ⁊ ṫugadar teine do’n oileán: níor ḟágadar gol leinḃ, ná búir bó,―ná aon ainṁiḋe eile ann gan losgaḋ; aċt aṁáin mucaiḋe muc a ċuaiḋ i bpluais carraige (mbéilic) ó’n lasair.
‘Ṫiomáineadar leó ṫar n-ais annsoin ⁊ an ḃean aca. Do ġlaoḋadar ċun riġeaċt’ Eóġain Ġorm-úiliġ ⁊ isé do ḃí go fáilṫeaċ rómpa.―Duḃairt an Síogaire le hOisín cead iarraiḋ ar a aṫair é féin a leogaint leó go hÉirinn. Sin mar ḃí, ⁊ d’iarr Oisín ar Eóġan Gorm-úileaċ an Síogaire leogaint leó. Duḃairt an rí go leogfaḋ sé ⁊ fáilte, mar ná raiḃ aon ḃaoġal air i n-aon ḃall sa doṁan ó ṫángadar saor o’n gCíṫeaċ Crúarmaċ. Ṫiomain an Ḟéinn leó arís: ṫugadar a n-aġaiḋ do’n ṁuir ⁊ a ndeireaḋ do ṫír, ⁊ níor ḋeineadar stad ná coṁuiḋe go dtángadar isteaċ go hÉirinn.
‘Ḃí soin go maiṫ, a Ḟinn. Nuair ṫainig an Cíṫeaċ aḃaile go dtí a riġeaċt féin ⁊ ná fuair sé aon’ne beó roimis (roiṁe), ḃí sé ag riṫ ar fuaid an oileáin mar ḃeaḋ duine buile, go dtáinig sé go dtí an áit go raiḃ an mucaiḋe muc. Do ċuir an mucaiḋe gáire as nuair a ċonnaic sé an ċuma go raiḃ an Cíṫeaċ,―ag imṫeaċt ’n-a ġeil ar buile. Duḃairt an Cíṫeaċ:
‘“Ní fearr liom ar ṁair ’riaṁ sa réim ḋíriġ ná tusa ḃeiṫ roṁam ċun insint dam cé ḋein an tóiteán.”
‘“Duḃairt ċeana leat,” ars an mucaiḋe, “gur ḃ’olc an t-alatán an ḃean úd a ṫugais leat, ⁊ ná raiḃ aon teangṁálaiḋe fé’n spéir ba ṁeasa ná Fionn Mac Cuṁail.”
‘“Seaḋ,” ars an Cíṫeaċ: “cuirim-se druim le haon dá ḃéile ḃiḋ d’iṫe ar aon ḃórd, ná aon dá oiḋċe do ċodlaḋ i n-aon leabaiḋ go dtiuḃraiḋ me liom go dian daingean do-sgaoilte im’ luing iad, ⁊ go mbainfiḋ mé na cinn díoḃ ar mo ṡuaiṁneas san áit gur ḋeineadar an tóiteán ⁊ an t-éirleaċ.”
‘“Is usa é sin a ráḋ ná a ḋéanaṁ,” ars an mucaiḋe. Níor ḋein an Cíṫeaċ aon tsuim do’n méid sin coṁráḋ: Ṫiomáin sé leis, ⁊ coicṫiḋeas ó’n lá soin do fógaraiġeaḋ tagaiṫe isteaċ go hÉirinn é, ⁊ a Ḟinn, ba ċóir ná dearó’dfá-sa féin an lá úd. Do ḃuail sé caṫ ⁊ cruaḋ-ċoṁrac le Fianna Éireann an lá soin, ⁊ isé an ċéad duine do léim ċuige ḋ’á ṫroid ná an Síogaire Gorm-úileaċ; is gairid do ṡasaiṁ (seas) sé leis an gCíṫeaċ nuair ċeangail sé go dian daingean do-sgaoilṫe é; ⁊ do ḃí sé ag taḃairt an ċóir sin do gaċ aon ḟear agaiḃ; ⁊ a Ḟinn, nuair ċonnaiciḋis-se an obair sin ḋ’á ḋéanaṁ, duḃraiḋis mise ’ċur fé ḃéal daiḃċe―mar ní raḃas-sa aċt oċt mbliaḋna d’aois san am soin; go mb’ḟéidir gur mé ḃainfeaḋ sásaṁ amaċ fós as an gcor do ḃí agaiḃ ḋ’á ḟaġáil ó’n gCíṫeaċ.
‘Seaḋ, a Ḟinn; do ċeangail sé an uile ḟear agaiḃ ⁊ do ċuir sé ar ḃórd a luinge siḃ. Do ḃuail sé síos ⁊ suas ag féaċaint timċeall ar féin nuair ḃí an gníoṁ soin déanta aige, ⁊ do ċonnaic sé an daḃaċ. Do ṫug sé barra a ċoise do’n daḃaiġ ⁊ d’iompuiġ an taoḃ ṫíos suas di, ⁊ do ċonnaic sé mé féin ⁊ aduḃairt:―
‘“A ġarsúin,” ar seisean, “an truaġ leat-sa an ċuma go ḃfuil an ċuid eile dod’ ṁuintir ceangailṫe go dian daingean do-sgaoilṫe im’ luing agam-sa ċun a gcinn a ḃaint díoḃ ar mo ṡuaiṁneas ins an áit gur ḋeineadar an tóiteán ⁊ an léir-sgrios.”
‘“Ba ṫruaġ ⁊ ba ró-ṫruaġ dá mbaḋ rud é a ḃeaḋ aṁlaiḋ,” arsa mise.
‘“Aiṫniġim, a ġarsúin,” ar seisean, “dá mbeaḋ an neart ionnat ná beaḋ an ceart ionnat aċt ċoṁ beag leó.”
‘“Braiṫim go ḃfuil neart mo ḋóiṫin ionnam duit-se,” arsa mise.
‘“B’ḟearra ḋuit é ṫriaḋáil,” ar seisean.
‘“Triaḋáilfad anois,” arsa mise, ⁊ sar (sul) raiḃ sé ullaṁ sa ċeart ċun caṫa do ḃí mórán do ċneaṫaċaiḃ doiṁne curṫa agam ann.
‘Seaḋ, a Ḟinn; timċeall lár an lae d’iarr sé sosa coṁraic orm. Duḃairt go dtiuḃrainn aċt an Féinn eile do sgaoileaḋ, ⁊ do sgaoileaḋ; ⁊ a Ḟinn, ḃíos óg ⁊ gan meas ar ṁ’ḟocal agam. D’iompuiġeas air arís, ⁊ tráṫ éigin fé’n oiḋċe do ḃaineas an ceann do’n Ċíṫeaċ Crú-armaċ; ⁊ do ṫugas lá ⁊ bliaḋain im’ luiḋe fé ċneaṫaċaiḃ i ndiaiḋ an Ċíṫiġ, ⁊ mar ġeall ar sin, a Ḟinn, ní raġad-sa do ċoṁrac ṫar do ċeann leis an Maċaiḋe Mór.’
‘Fáġaiḋiġ ḋam mo ċulaiṫ airm is éadaiġ,’ arsa Fionn, ‘mar is mise féin be ġnáṫaiġe troid ṫar ċeann na Féinne eile.’ Do tugaḋ ċuige as seómra na séad a ċulaiṫ airm ⁊ éadaiġ:―léine ṡíoda ṡíplis, éide ḋaingean do-ḃrisde, a sgiaṫ ṁór ḃugóideac ḃán-dearg, a ċlaiḋeaṁ tanaiḋe sáir-imeallaċ. Nuair a ḃí sé gléasta suas do ḃuail sé béim ċaṫa go teann. Do ḋein sé gleó gráinneaṁail ⁊ coṁrac calma gur sgread a sgiaṫ fá ṫrí―mar ḃí geasa ag sgiaṫ Ḟinn nuair ḃeaḋ aon ḃaoġal báis air go sgreadfaḋ a sgiaṫ. Nuair airiġ an Ḟéinn soin, ċuadar uile go léir i gcogaḋ ⁊ ag gaḃáil an ḟir ṁóir, ⁊ ní mó ná ċúiġ céad aca do ċuir sé síos do’n t an soin.
‘Stop do ċosgaint na Féinne, a ḟir ṁóir,’ arsa Osgar, ‘⁊ tiuḃraiḋ mise coṁrac aon-ḟir duit.’
‘Sin é díreaċ is fearr liom-sa,’ ars an fear mór, ‘⁊ ní hé éirig na Féinne uile a ḃeiṫ orm.’
Ṫosnuiġ an ḃeirt ar a ċéile, ⁊ an té ṫiocfaḋ ó íoċtar an doṁain go huaċtar an doṁain ag féaċaint ar ċaṫ nó ar ċruaḋ-ċoṁrac, is orra ba ċóir do ṫeaċt ag féaċaint ar ċaṫ nó ar ċruaḋ-ċoṁrac, is orra ba ċóir do ṫeaċt ag féaċaint. Do ḋeinidís ball bog do’n ḃall ċruaiḋ ⁊ ball cruaiḋ do’n ḃall ḃog, ⁊ do ṫairigidís (ṫarraingidís) tobaireaċa fíor-uisge aníos trí ḃarra na gcarraigearaċa ruaḋ le neart díoġalṫais i gcroiceann a ċéile, go dtáiniġ tráṫnóna ⁊ deireád lae orra ⁊ gur iarr Osgar sosa coṁraic ar an ḃfear mór.
‘Geoḃair, ċeana,’ ars an Maċaiḋe Mór, ‘⁊ gáḃaḋ mo ḋóiṫin agam féin leis.’ Do ḃuail an fear mór ⁊ Fionn isteaċ i n-éinḟeaċt le ċéile, ⁊ d’iarr an fear mór deoċ. Do tugaḋ ċuige corn diġe, ⁊ do ṫug sé turas fé’n gcorn, is níor ḟág sé braon innit (ann?). D’iarr sé leabaiḋ ⁊ do b’éigean í ’ḟaġáil do ċun a ṫoile.
Le n-a linn sin do ṫáinig teaċtaire ó Osgar ċun Finn Ṁic Cuṁail go raiḃ gnó aige d’Ḟionn. D’imṫiġ Fionn fé ḋéin Osgair, ⁊ aduḃairt Osgar:
‘A Ḟinn, is bás doṁ-sa i mbáireaċ mara sáḃáilfir-se mé anoċt.’
‘A ṁic mo ṁic,’ arsa Fionn, ‘connas a ṡáḃáilfinn-se ṫú.’
‘Tá,’ arsa Osgar, ‘leis na ċúig oiḋċe ó ṫáinig an Maċaiḋe Mór go hÉirinn níor ḋein sé codlaḋ aċt an méid do ḋein sé ad’ ṫeannta-sa i dtiġ Ḃearaċáin.’
‘Níor ṁór é sin,’ arsa Fionn.
‘Seaḋ,’ arsa Osgar, ‘taḃair sgéal do, ⁊ bain sgéal de ⁊ loit codlaḋ na hoiḋċe air ar sliġe éigin; mar má ċodlann an fear mór anoċt ⁊ ná codlód-sa, raċaiḋ ag an ḃfear mór orm-sa i mbáireaċ; aċt má ċodlaim-se ⁊ ná codló’id an fear mór, raċaiḋ agam-sa ar an ḃfear mór i mbáireaċ.’
D’imṫiġ Fionn ṫar n-ais arís ⁊ ċuaiḋ sé go dtí an fear mór, ⁊ do ċuadar aċodlaḋ. Do luiḋeadar ar ċaint le ċéile ar feaḋ tamaill go dtí go raiḃ an codlaḋ ag traoċaḋ an ḟir ṁóir. Nuair a ċonnaic Fionn soin, duḃairt sé:
‘A ḟir ṁóir, an raiḃ bean agat, nó connas a fuarais í?’
‘A Ḟinn,’ ar sé, ‘do ḃí bean agam, ⁊ is aṁlaiḋ a fuaras í―⁊ is eagal-sa go ḃfuil Osgar ’n-a ċodlaḋ―
‘Ó faire,’ arsa Fionn, ‘níor ḋein sé a leiṫéid d’ḟeall (ḟeill) ar a ċéile ċoṁraic riaṁ: tá sé ag iṫe ⁊ ag ól i dteannta an ċuid eile ḋo’n Ḟéinn anoċt, mar is dóiġ leis gurab’ í an oiḋċe ḋéiḋeanaċ aige ’n-a dteannta í―aċt, a ḟir ṁóir, innis dam connas a fuarais do ḃean.’
‘Seaḋ, a Ḟinn; lá ḋ’á raḃas-sa ar riġeaċt m’aṫar ⁊ mo ṁáṫar féin, ⁊ mé ag éirġe suas am ḟear. Duḃart le’m ṁuintir gur ṁiṫid dam bean ’ḟaġáil. Duḃradar liom ḋom’ ḟreagraḋ go raiḃ an dá leór gaisgiḋeaċ ba ṁeasa ’ná mé tar éis ban ’ḟaġáil do ḃárr a ngoile ⁊ a ngaisge féin, ċun a ráḋ ná faġainn-se. Seaḋ, a Ḟinn; ní raiḃ uaim-se aċt an méid sin do ṫoil m’ aṫar ⁊ mo ṁáṫar d’ḟaġáil. Fuaras mo ṫuaṫ ḃeag ġearra ġéar, ⁊ do ḋeineas corraċán ceann-árd, cliaḃ-ḟairsiug, (-fairsing) ion-umaire ċraoḃsgaoilṫe ó éisg go sgairiḃ, is ó sgairḃ go sgairiḃé, i n-áit na beirt luaċra mara mbíoḋ colla gác crainn neaċ ná fágfaḋ tairinniḋe gan tásga, tásga gus a’ trean-ásga ⁊ a ċur fá n-a ċéile. Siúd mar ġluaiseaḋ tuairisg mo ċorraċáin, mar a ġluaisfeaḋ buinne raḃata, nó scaḃat gaoiṫe siḋe-gaoiṫe sean-earraiġ lá Márta i má-mannaiḃ sléiḃe ag taosgaḋ na fairrge fairsinge fionn-ruaḋ ṫairis, mar a mbíoḋ aolta rónta míolta móra busadáin ⁊ basadáin ⁊ aḋgialaiṫe na fairrge teaċt ar busaiḃ ⁊ ar basaiḃ ⁊ ar sleasaraiḋe maidí-rá’ ag déanaṁ ceóil spóirt ⁊ aoiḃnis do ṁac riġ ó b’anaṁ leis gluaiseaċt. D’éirġeas d’úlaiḃ mo ṡleaġ, do ṡnaiḋmeannaiḃ mo ċnáṁ, do ḋá ṡísde ḋá smísda cnáṁ-reaṁar mo ċoise do’n ḃaoṫ-léim nár ṫrom ⁊ gur ṫúrlaiciġeas (ṫuirlingeas) i mbarra mo ċorraċáin. D’ḟéaċas uaim go fada ⁊ go gearr, ⁊ do ċonnaic aṁail oileáin, mar ḃeaḋ aṁail préaċáin, faid mo raḋairc uaim. Ṫúrlaiciġeas annsoin i ndeireaḋ an ċorraċáin, ⁊ ní’l an ċic (speaċ) d’á mbuailfinn air ná go gcuirfinn seaċt gcéad léig lán-ċalma do’n ḟairrge fairsing fionn-ruaḋ ṫrom, go dtánag suas le talaṁ tirm. Ṫugas ceangal lae ⁊ lán-ḃliaḋna ar mo ċorraċán i n-áit nár ḃaoġal do gaoṫ d’á ḟuadaċ, tonn d’á luasgaḋ, grian d’á ġrian-sgolṫaḋ, siúd is ná beinn uaiḋ aċt uair an ċloig. Ṫiomáineas liom isteaċ tríd an dtír go dtáinig go cúirt riġ na háite sin. Is aṁlaiḋ mar a ṫárla go raiḃ inġean ag an rí sin: ⁊ ar eagla go ndéaraḋ sí go dtoġfaí aon ḟear i gcoinniḃ a toile, ċuir a haṫair gairm-sgoile amaċ ar a riġeaċt go léir ċun teaċt go dtoġfaḋ sí féin fear asta; ⁊, a Ḟinn, b’in é an lá ḃí an t-aonaċ soin cnuasta ann,―⁊ ca ḃfios duit-se, a Ḟinn, ná gur mise féin an fear do ṫóiḃ (ṫoġa) sí as na sluaiġte. Do ḃuaileas isteaċ tríd an aonaċ soin, ⁊ níos ḃeannuiġeas ⁊ níor uṁlaiġeas d’aon ḟear aca. Do ḃí an ḃean óg i ngrianán na cúirte, ⁊ d’éirġeas d’úlaiḃ mo ṡleaġ ⁊ do ṡnaiḋmeannaiḃ mo ċnáṁ, do ḋá ṡísde ḋá smísde cnáṁ-reaṁar mo ċoise do’n ḃaoṫ-léim nár ṫrom, gur ṫúrlaiciġeas ar ġrianán na cúirte: ḃuaileas méar fé ’n-a crios ⁊ do ḃuail ċuġam í ar ṁaoil-árd mo ġualann, ⁊ do ġluaiseas amaċ ṫar n-ais tríd an aonaċ, ⁊ níor ċuir aon ḟear aca sméid orm, go ndeaġas amaċ, tríoṫa uile go léir. Ḃí eagla orm annsoin, a Ḟinn, go ndéaraḋ sí gur le bárrluas nó toraḋ raṫa do ḃéarainn liom í, ⁊ ná beaḋ aon ḟuil doirtiġṫe mar ġioll uirri. Do leogar uaim í, ⁊ do ṫugas ṁ’ aġaiḋ ar an aonaċ soin, ⁊ ní mó ná ċúig céad aca do ċuireas síos do’n tan soin. Ṫionáineas liom annsoin, mé féin ⁊ mo ḃean, go ndeaġas go dtí mo ċorraċán, ⁊ do ṫógas liom isteaċ im’ ċorreċán í. Ṫiomáineas liom, a Ḟinn, mé ḟéin ⁊ mo ḃean, ar mo ċorraċán, ⁊ is gairid amaċ sa ḃfairrge ċuaḋamar nuair ḃuail aon ḟear aṁáin aonair umainn ar luing, ⁊ dar do láiṁ, a Ḟinn, ba ṁó é siúd na aon ċúigear fear d’á ḃfeaċa-sa riaṁ. Do ṡín sé láṁ amaċ as a luing, ⁊ ṫóg sé mé féin ⁊ mo ḃean ar ḃórd a luinge, ⁊ ṫug sé ceangal dian daingean do-sgaoilṫe orainn. Ċaiṫ sé síos ar ṫóin na luinge sinn annsoin, ⁊ an méid do’n ḃiaḋ ḃeirḃṫe doġeiḃmís ní mór a ṫéiḋeaḋ sé ċun tairḃe ḋúinn ag piastaiḋe caoiṫeaċa, ⁊ ag aḋgialaiṫe na fairrge ag léimriġ ar ár gcorpaiḃ, ⁊ ag baint an ḃlúire do b’ḟearr as ár mbéal. Ṫiomáin sé leis annsoin, a Ḟinn, go dtáinig sé isteaċ i dtír éigin mar a raiḃ dá’r’éag gaḃainniḋe (gaḃan) ag déanaṁ claiḋiṁ. Ṫug sé mé ḟéin ⁊ mo ḃean leis go dtí an áit ċéadna. D’ḟiafruiġ sé dos na gaḃainniḋe ar ḃ’ullaṁ claiḋeaṁ riġ na hAḃan-tua. Duḃradar dá ḟreagraḋ gur ḃ’ullaṁ ċeana dá ḃfaġfaiḋe aon ḟuil ríoġaṁail ċun é ḟaġairt. “Tá sí agam-sa annso,” ar seisean, “do réir a deilḃ ⁊ a deallraiṁ ċoṁ maiṫ is tá sí fé’n spéir”―ag tarrac (tarraing) a ċlaiḋiṁ ⁊ ag gearraḋ mo ṁná sa sgórnaiġ. Deineaḋ an claiḋeaṁ d’ḟaġairt i ḃfuil mo ṁná. Nuair a ḃí an claiḋeaṁ faġairte, d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ: “An ḃfuil aṁail mo ċlaiḋiṁ déanta?” “Ní’l,” ar siad-san, “aċt d’airiġeamar go raiḃ claiḋeaṁ ag Clann Uisniġ i n-Éirinn nár ḟág ’riaṁ fuiġeal béime ’n-a ḋiaiḋ.” D’imṫiġ sé uainn annsoin, ⁊ d’ḟág sé órduġaḋ ag na gaḃainniḋe an ceann do ḃaint díom-sa. D’imṫiġ an t-aon’ne déag dos na gaḃainniḋe ag caiṫeaṁ a suipéir, ⁊ d’ḟágadar an fear eile ’am’ ḟaire-se ⁊ ag feiġilt3 an ċlaiḋiṁ. Nuair ḃíodar imṫiġṫe d’iompuiġ sé orm féin ⁊ d’ḟiafruiġ sé ḋíom cad as mé. Duḃart leis gur Easpáinneaċ mé féin. Le n-a linn sin, do ṫuit sruṫ deór leis, ⁊ duḃairt gur Easpáinneaċ é féin. “An ndéanfá aon-niḋ ar biṫ le claiḋeaṁ?” ar seisean. “Ṡaṁluiġeas féin go ndéanfainn,” arsa mise, “dá ḃfaġainn mé féin sgaoilṫe.” Do sgaoil sé gaoṫ an airm niṁe faoi’m’ ċeangalaċaiḃ, ⁊ d’ éirġeas go slán-ċréaċtaċ. Le n-a linn sin do ṫáinig an t-aon’ne déag eile gaḃainniḋe suas, ⁊ do ṫógas an claiḋeaṁ ⁊ do ṁarḃuiġeas iad ⁊ a raiḃ do ċoṁalṫaiḋe eile ag an rí san áit sin: ⁊ ní raiḃ aon ṗioc do ṫuairisg riġ na hAḃan-tua féin―pé áit gur imṫiġ sé. Ṫiomáineas liom annsoin, mé ḟéin ⁊ an gaḃa, ⁊ ṫógas liom mo ḃean ⁊ ċuaḋamar ar bórd luinge. Do ṫugamar ár n-aġaiḋ do ṁuir is ár ndeireaḋ do ṫír, ⁊ is gearr amaċ do’n ḟairrge ċuaḋamar nuair éiriġ gála ar an ḃfairrge, ⁊ ba ṁaiṫ an coṁairleaċ an gaḃa, a Ḟinn: duḃairt sé liom gur ġnáṫaċ aon long go mbeaḋ duine marḃ uirri i ’ḃáṫaḋ. Ṫiomáineas liom, a Ḟinn. Níor ḋeineas aon truim de, ⁊ amaċ san oiḋċe d’éiriġ gála ar an ḃfairrge ba ḋá ṁó’ ná soin. Duḃairt an gaḃa liom mo ḃean a ċaiṫeaṁ amaċ: ⁊, a Ḟinn, do b’olc an congnaṁ a ḃí agam-sa an oiḋċe úd ar an muir ṁóir―bean ṁarḃ ⁊ fualán gaḃa. Seaḋ, ṫiomáineas liom, ⁊ do ċiúniġ an oiḋċe, ⁊ ar maidin ṫángamar isteaċ i dtír. Ċuaḋas go dtí rí na tíre sin ⁊ d’innseas mo ċúrsa ḋo. Duḃairt sé gur ḃ’ḟear le seans mé mar go ngaḃann seilg san áit seo uair ins na seaċt mbliaḋan, ⁊ an té ṁairḃeoċ’ an t-seilg sin, ⁊ a cuid fola ’ġaḃáil i n-árṫaċ, ⁊ í ṫaḃairt ’n-a teas d’ aon ’ne ḃeaḋ marḃ le seaċt mbliaḋna, go n-éirġeóċ’ sé go slán-ċréaċtaċ. Ba ṁaiṫ an ṁaise sin aige. Ċuir sé mé ḟéin ar aṁail an anaiġ do b’ḟearr do. Ṫáinig an t-seilg: ċuireas mo ṡleaġ tríṫe ó ṫaoḃ go taoḃ ⁊ ó ṫaoḃ i ndiaiḋ go dorn. Ba ṁaiṫ an ṁaise sin ag an rí. Ṫáinig sé ⁊ corn aige, ⁊ do ġaiḃ sé an ḟuil, ⁊ ṫug ṡe i ḋom’ ṁnaoi le n-ól, ⁊ d’éiriġ sí ċoṁ maiṫ is ḃí sí ’riaṁ. Duḃairt sé liom-sa fanaṁaint ’n-a ḟoċair ḟéin go maidin ar aon ċuma, ⁊ ar maidin i mbáireaċ do fógaraiġeaṁ rí na hAḃan-tua tagaiṫe isteaċ i dtreóiriġeaċt a ċlaiḋiṁ. Ḃuail sé cogaḋ ⁊ cruaḋ-ċoṁrac le rí na háite sin. Ċuaḋas féin sa ċaṫ, a Ḟinn; ⁊ do ṡeasaiṁ an caṫ soin ar feaḋ lae ⁊ lán-ḃliaḋna ag coṁalṫaiḋe friseáilṫe agá ṫaḃairt isteaċ gaċ aon lá gur ṫuit an duine déiḋeanaċ aca linn, ⁊ d’ullṁuiġeas-sa suas mé féin ċun an ḟir ṁóir féin a ṫroid lár na ḃáireaċ. Ar maidin lár ’na ḃáireaċ ní raiḃ aon ṗioc d’á ṫuairisg san oileán, ⁊ ní ḟeadar-sa ciaca le heagla nó ag iarraiḋ tuilleaḋ conganta do ċuaiḋ sé, aċt d’imṫiġeas ḟéin ⁊ mo ḃean, ⁊ ċuaḋamar aḃaile do’n Easpáinn: ⁊, a Ḟinn, is eagal-sa go ḃfuil Osgar ’n-a ċodlaḋ.’
‘Ó faire, ní’l,’ arsa Fionn; ‘níor ḋein sé a leiṫéid d’ḟeall (ḟeill) ar a ċéile-ċoṁraic ’riaṁ. Tá sé ag iṫe ⁊ ag ól i dteannta an ċuid eile ḋo’n Ḟéinn anoċt, mar saṁluiġeann sé gur b’í an oiḋċe ḋéiḋeanaċ aige ’n-a dteannta í, ⁊ ná stop dod’ ráiḋte beóil, a ḟir ṁóir, cé gur binne liom iad ná canaṁainniḋe diaḋa ⁊ ná ceól éanlaiṫe parraṫair.’
‘Seaḋ, a Ḟinn,’ ars an fear mór; ‘ṫiomáineas liom, ⁊ ċuaḋas do’n Easpáinn go dtí riġeaċt m’aṫar ⁊ mo ṁáṫar féin. Ḃíos ċoṁ fada soin amuiġ gur imṫiġ mo ḋearḃráṫair críona ar mo lorg. Do casaḋ isteaċ go hÉirinn é; ⁊ do baineaḋ an ceann i n-Éirinn de. D’imṫiġ an tarna dearḃráṫair ar ár lorg araon. Do casaḋ isteaċ go hÉirinn é; ⁊ do baineaḋ an ceann i nÉirinn de. D’imṫiġeas féin annsoin, a Ḟinn, ⁊ do ṫánag go hÉirinn ċun mo ċinn ’ḟágaint (fágáil) ann, nó dioġalṫas ḟaġáil a cinn mo ḋearḃráṫraċa.’
Le n-a linn sin do ḃuail Osgar buille ar an gcuaille coṁraic amuiġ ar an ḃfaiṫċe, ⁊ do ċuir sé béic as gur ċlos do ċúig ranna an doṁain é. D’éiriġ an fear mór do léim as an leabaiḋ, ⁊ d’ḟéaċ sé ’n-a ḋiaiḋ aniar ar Ḟionn, ⁊ duḃairt:
‘Á, a Ḟinn ġránna ṁailísiġ, d’ḟeallais orm.’
Annsoin do ċuaiḋ an Maċaiḋe Mór amaċ go dtí Osgar, ⁊ do luiḋeadar ar ṫroid le ċéile, ⁊ tráṫ éigin sar raiḃ an oiḋċe ann do ḃain Osgar an ceann de. Sin é bás ṁic Riġ na hEaspáinne le hOsgar mac Oisín ar Ḟaiṫċe na hAlṁain.
FEAR NA MUINTIRE.
1 Ṫriaḋail = fared.
2 Crann toṁais = conjecture, guess.
3 Feiġilt = minding, watching.