Fáinne an Lae, Éanair 8, 1898.

Is í an Ghaedhilg teanga na hÉireann. Tá an teanga so dhá labhairt I hÉirinn ar feadh dhá mhíle agus cúig céad bliadhan, an chuid is lugha dhe. Is é baramhail a láin go raibh sí dhá labhairt sa tír seo le haimsir i bhfad níos sgar said ar fad léi go dtí an uair seo. D’fhág gach line í ag an líne tháinig na ndiaidh, go dtí an lá atá indiu’ ann.

A fhir nó a bhean atá a’ léigheadh na bhfocal so, nó atá ag éisteacht leo, tá Gaedhilg agat-sa. Cá bhfuair tú í? Na seacht sinsir romhat, bhí sí acu. Cuir na seacht sinsir rómpa sin dhá uair dhéag roimh a chéile, agus bhí an Ghaedhilg ag gach aon líne acu.

Tá cuidh mhaith de mhuintir na hÉireann anois agus ní’l fiú aon fhocail amháin Gaedhilge acu. Is iomdha duine a raibh Gaedhilg ag a athair agus ag a mháthair agus gan blas di aige féin. Is iomdha athair agus máthair atá a’ labhairt Gaedhilge le chéile ar an nóimint seo, agus a gclann ag éisteacht leó, agus ní’l breith ag a gcloínn ar aon fhocal dá gcaint, acht an oiread agus tá ag muic nó ag capall nó ag madadh air.

Nach mór an sgéal é an teanga so bheith faoi réim agus faoi mheas sa tír seo le cúig céad ar fhichid de bhliadhantaibh, agus go leigfeadh a náire d’ athair nó do mháthair san am so a rád: ‘Fuair mé an Ghaedhilg mar theanga dhúthchais ó na daoinibh bhí romham ann ar feadh céadta agus céadta bliadhan, acht cuirfidh mé chum báis í; ní bheidh sí ann am’ dhiadh; ní fhágfaidh mé ag mo chloinn í; ní’l aon mhaith inti; tá sí thíos, agus buailfidh mise cos uirrí; tá sí daortha, agus beidh mise am’ chrochadóir di!’

Sin mar tá na haithreacha agus na máithreacha a’ déanamh i hÉirinn le tamall. Ní fearr atá an sgéal ag na daoinibh óga. Seo mar deir riad-san leó féin: ‘Tá Gaedhilg ag na sean-daoine agus ag na daoine bochta, acht ní mar sin dúinne. Támuid-ne i bhfad níos uaisle agus níos fearr ar gach aon tslighe ná iad-san. Fuair sinne foghlaim (slán gach samhail!). Tá tabhairt suas orainn. Tá Béarla againn, mar tá ag na daoinibh uaisle eile.’ Tá, agus ní’l bacach ná bochtán insna bailtibh móra, ná bitheamhnach i bpríosún, ná rógaire gan rath ar fud na hÉireann nach bhfuil an Béarla go breágh bog deis-bhéalach aige.

‘Acht ní ’l aon tslighe bheathadh ag duine anois ar an saoghal,’ arsa tusa, ‘gan Béarla bheith aige.’ Díodh gur fíor sin, ní fhágann sin gur cóir dúinn an Ghaedhilg do sgrios amach. Ní dhéanann sí díoghbháil ar bith do’n Bhéarla. Dá ndéanadh, an measann tú go mbeadh na mílte daoine a’ foghlaim Gaedhilge mar tá? Tá na céadta mílte ar an domhan, agus dá theanga acu, agus deir daoine eolacha gur fearrde iad dá theanga beith acu.

Na daoine seo atá a’ cur suas do’n Ghaedhilg, ní thuigeann siad brígh agus deise agus sgiamh agus treise na Gaedhilge. Ní thuigeann siad go bhfuil sé mar aithis agus mar dhímheas ag an saoghal mór ar mhuintir na tíre seo iad a bheith a’ díol agus a’ reic a dteangadh féin ar theanga na Sasanach agus ar an maoin saoghalta nach bhfaghann siad. Is mairg a bheidheas go holc agus go bocht na dhiadh.

Tá sé mar locht acu ar an nGaedhilg nach bhfaghann siad léigheann ná foghlaim inti. Muna bhfaghaid, ní ar an nGaedhilg atá a mhilleán. Bhí léigheann agus foghlaim sa nGaedhilg, sul a raibh trácht ná tuairisg ar an mBéárla. An Sasanach a chuir cosg ar léigheann na Gaedhilge, a’ tnúth le cosg do chur ar spioraid na hÉireann. Agus ba chríonna an bheart dó é. Acht le cungnamh Dé, beidh léigheann agus foghlaim againn i n-ar dteanga féin arís. Tá sí ag éirghe i n-áirde ó ló go ló.

Má ’s éigean dúinn an Béarla Sasanach do bheith againn, bíodh sé mar chapall nó mar asal againn le haghaidh oibre an lae. Acht bíodh an Ghaedhilg mar charaid nó mar chéile againn faoi dhíon an tighe, ó is í is gaol dúinn agus atá d’aon bhunadh amháin linn féin. Budh mhór an náire dhúinn ar ngaolta féin do thréigean agus do dhíbirt, agus na beithigh tabhairt isteach ‘na n-ionad. Má’s uasal nó íseal iad, is díol náire Éireannaigh gan Ghaedhilg, agus cuirfimid sin i n-umhail dóibh.

Tá an Béarla anois na shlighe mhóir leathain réid (mar dhéarthá) ag an Sasanach le teacht anall agus seilbh fhagháil ar aigneadh agus ar intinn na nÉireannach, do réir mar fuair sé seilbh cheana ar cheannas agus ar thalamh na hÉireann. Tá atharrughadh mór a’ teacht ar aigneadh agus ar intinn mhuintire na hÉireann ó ló go ló a-gan fhios dóibh. Dá mbeadh arm agus loingeas cogaidh agus comhachta agus ceannas na tíre ag muintir na hÉireann, budh bheag an mhaith iad go léir le toir-measg a chur ar an atharrughadh sin, an fhaid do bheadh an Ghaedhilg faoi chosg agus an Béarla amháin i n-árd-réim mar atá. Níos dhíoghbháil gach a dtárla riamh de mhí-ádh ar mhuintir na hÉireann seachas an díoghbháil sin, anam agus intinn agus aigneadh na nGaedheal agus na hÉireann do mhúchadh agus do bhárughadh go deó na ndeór. Is í teanga na tíre anam na tíre. Tá sé ar gach duine againn a dhícheall do dhéanamh gan anam na hÉireann do leigean uainn, agus go mbuadhaidh Dia leis an obair sin!