‘An dtiocfaidh tú a bhuaint aitinn liom
a Mháire Ní Mhaoileoin?’
‘Do thiocfainn is á cheangal leat,
a chuid den tsaol is a stóir!’
‘Rachainn féin chun aifrinn leat,
is ní le grá do m’anam é,
ach le fonn bheith ag amharc ort,
a ógánaigh óig.’
‘An dtiocfair don ghairdín liom
a phlúr na mban óg?’
‘Créad do bheimis ag déanamh ann,
a chuid den tsaol is a stóir?’
‘Ag buaint úlla de bharr géagáin,
mar mbí bric ar loch ag léimnigh,
is cailín deas le bréagnadh,
mar Mháire Ní Mhaoileoin.’
‘An dtiocfaidh tú don teampall liom,
a Mháire Ní Mhaoileoin?’
‘Créad do bheimis ag iarraidh ann,
a chuid den tsaol is a stóir?’
‘Ag éisteacht le cantaireacht
na ministrí bán galltacha,
is go gcríochnóimis an cleamhnas ann,
a phlúr na mban óg!’
Do thug mé chun an teampaill í,
mo chuid den tsaol is mo stór;
do thug mé chun an teampaill í,
mo chreach is mo mhíle brón!
do tharraing mé mo scian,
do thug mé sá faoin gcíoch di
is do léig me fuil a croí léi
go hiallacha a bróg!
‘Créad é seo tá tú a dhéanamh,
a chuid den tsaol is a stóir?
och! créad é seo tá tú a dhéanamh,
a ógánaigh óig?
léig m’anam liom den scríb seo,
is ní éileoidh mé choíche arís tú,
och! siúlfad na seacht ríochta
le do leanbh beag óg.’
Thug mise don Mhumhain í,
mo phlúr na mban óg,
thug mise don Mhumhain í,
mo chreach, is mo mhíle brón;
do bhuain mé díom mo chóta,
mo stocaí is mo bhróga,
is d’éalaigh mé san gceo
ó Mhaire Ní Mhaoileoin.