Collected in Chéad de Cheoltaibh Uladh (1915), an anthology of Ulster Irish poetry by Énrí Ó Muirgheasa. The poem’s author is given in several manuscript sources as ‘Muiris Ó Moghain’, believed to have possibly been a pseudonym of An t-Athair Cathal Ruadhraigh of Drumgooland, County Down however Ó Muirgheasa remained inconclusive on the matter.
Mar atáid, a Ḋé, na Gaeḋeil gan treóir is truaiġ,
Síol áḋṁar Néill, síol Éiḃir ṁóir i dtuaiḋ,
Síol Táil go treiṫ, slioċt Ṡéarlais ċroḋa i nguais,
Gan ċáil, gan ċéim, ó’n éag sin Eoġain Ruaiḋ.
I dtaiṁċeas léin atá Éire ó Ḃóinn go Muaiḋ,
Ó Árd-loċ léin go Dael, go feoir, ’sgo Buais,
Ó Ṁáiġ go léim, ó’n Éirne fóst go Cruaiċ,
Gan lann, gan sgéiṫ, ó’n éag sin Eoġain Ruaiḋ.
Níor ḟág ḋi daoirse méad an orlaiġ buan;
A cnáṁa ó ċéile, a féiṫ ’sa feóil do ṫruaill:
An báire ’mbéal an éaga ar Ḟódla ċuaiḋ,
’S gan dáil ḋí éírġe ó’n éag sin Eoġain Ruaiḋ.
Táid éigse Éireann is aois ċruit-ċeoil gan suan,
’S gan lá céille ag saor-luċt órḋa duain;
Gaċ stáid-ḃean ḃaoṫ dá éis is a deoir le n’ gruaiḋ,
’Snaċ ḃfáġann caoṁnaḋ ó’n éag sin Eoġain Ruaiḋ.
Is láidir a ṡéideas gaoṫ gaċ ló do ṫuaiḋ,
Is d’ḟás air léas na gréine neoil gu nuaḋ;
Is árd do ġéis gaċ spéir le doġra cruaiḋ,
’S ní lán an éasga ó’n éag sin Eoġain Ruaiḋ.
Buḋ ró-ṡlán Éire d’éis gaċ breo-ġuin fuair,
Iar mbás gaċ réics dar ġéill an Ḟódla ’nuas;
B’í bláṫ na sgéiṁe í ó ṫréig a h-orċra uaiṫi,
Go dtainic téarma an tréin-ṁic Eoġain Ruaiḋ.
Gaċ áḋ a d’éiriġ d’Éirinn ḟód-glais ḟuair,
Gaċ bláṫ séin, gaċ céim, gaċ glóir, gaċ buaiḋ,
An lá a d’éag ba téarma ḋóiḃ, monuar,
An tráṫ ċuaiḋ cré le caoiṁ-ċneas Eoġain Ruaiḋ.
Mo ṁíle lean, gur ṫeasdaiḋ an coṁlaċ cruaiḋ,
Chuirfeaḋ an Gall i sceoin ’sa ḟaol-ċoin feannta ’nguais;
I mbéarnaiḃ baoġail go sraonaḋ an gleo gan buais,
Aċt ’is creaċ na nGaeḋeal an t-éag sin Eoġain Ruaiḋ.
Faoi ċlár i gcré taoi féile Ḟódla uainn,
Bláṫ na nGaeḋeal, is éasga óir an t-sluaiġ:
Láṁ na n-éaċt nár ċlaon ón ċoir ar luaċ,
Is d’ḟág Éire i mbaoġal faoi lean ó’n lá do ċuaiḋ.
’Sé ġrása Dé ṫug Maoise ar mór-ṁuir ruaiḋ,
A n-arc do Naoi do caoṁnuġaḋ ar ḃóċna ḟuair,
Buḋ slán gan baoġal tar éis gaċ doġra fuair,
Go ḃfáġ an réim-se sin Énrí na gcóṁlann gcruaiḋ.
Sé ċéad déag mar áirṁim síos le stuaim,
An fiċe faoi ḋó, an dó ’s a seaċt, mo nuar,
Ó ṫeaċt Ṁic Ḋé ’san tsaoġal ó ḟlaiṫeas anuas
Go bás Uí Néill, an tréan-ḟear Eoġan Ruaḋ.