Irish Freedom, Saṁain 1910.
Tá sceul agam le h-innsint díḃ, í dtaoiḃ ċumainn éigin do cuireaḋ ar bun le deiḋeannaiġ. Tá difriġeaċt ṁór idir an cumann so agus na cumainn eile atá scaipṫe ar fuid na h-Éireann, agus deunfaiḋ mé iarraċt ar a cur í n-iúil díḃ beagán de’n difriġeaċt atá eatorra. Sa ceud dul síos is gnáṫaċ le daoiniḃ í n-Éirinn a ḃeas ar tí rud a deunaṁ clampar agus foṫram a ḃeiṫ aca agus fógraí a cur ins na bpáipéaraiḃ nuaiḋeaċta ċun go gcuirfear i n-iúl do’n tsaoġal ṁóir go ḃfuiltear ċun an ruda so nó an ruda súd a deunaṁ agus go gcaiṫfear cuidiuġaḋ leó i dtreo go mbuailfear buille trom―a leiṫeid de ḃuille nár bualaḋ fós agus ná buailfiḋe arís go deo―ar son na h-Éirinn. Dála sinne níor ċuireamar sceula dtí na páipéirí le cur í dtuigsint do ċaċ gur daoine móra geur-cuiseaċa árd-aigeanta sinn, daoine go raiḃ eolas ṫar ḃárr againn ar gaċ niḋ in Éirinn nó lasmuiċ d’Éirinn, daoine go raiḃ léiġinn agus oideaċas agus tabáirt suas againn, daoine go mbéiḋeaḋ i n-ann, dá ṡeasóċaḋ muinntir na h-Éireann linn nó ar ár dtaoḃ, saoirseaċt na h-Éireann a ḃaint amaċ sul a raiḃ ḟios ag an t-saoġal ṁór cad a ḃí againn ’a deunaṁ. Cad é an fáṫ dá n-abróċaḋ sinn gur daoine móra, geur-ċuiseaċa atá ionann deurfaḋ bréug agus ní maiṫ linn breug a innsint gan cúis. Sin é an fáṫ. Is follus ar an méid a duḃraḋ ċeana gur suaraċ an dream sinn le cur i gcomórtas le h-aon dream eile in Éirinn. Adṁuiġmid sin. Aċt, mar sin féin, tá sceul againn le h-innsint agus b’ḟéidir go ḃfuil daoine ann coṁ eug-céilliḋe linn féin agus go mbuḋ ṁaiṫ leo an sceul a cloisint. Cinneamar ar dtúr nár ceart duinn a ḃeiṫ beul-scaoilteaċ agus go gcoiméadfamuid an sceul mar rún againn féin agus ḃí conspóid sin againn ar feaḋ tamaill duine againn a ráḋ gur ceart é a’ innsint do’n dream súd. Fé ḋeireaḋ ṫiar ṫall ṡocruiġeamar ar an sceul a innscint do’n dá dream .i. na daoine a raiḃ ḟios uaṫa agus na daoine naċ raiḃ ḟios uaṫa. Sin sean-nós na n-Éireannaċ agus glaoḋann siad air “fírinne aigneaḋ” aċt na daoine taoḃ amuiġ d’Éirinn tugann siad “noċtaḋ aigneaḋ” ar an rud ceudna. Aċt bioḋ sin mar atá.
Mar duḃraḋ ċeana níl ins an gCumann so againne aċt ceaṫrar agus is iad na daoine Mac Aigneaḋ, Mac Anama, Mac an t-Saoġail, agus ‘Peata.’ Biḋmid i gcoṁnuiḋe le ċéile aċt is minic naċ mbiḋmid sásta le na ċeile agus i minice ná sin naċ n-aontuiġmid le ċéile. Seaḋ sin fé ndear an cumann so a ḃeiṫ ann. Ḃí a lán rudaí naċ féidir linn socarugaḋ a deunaṁ díoḃ agus ḃí a lán ceisteanna geura, gasta, cruaḋa nár éiriġ linn freagraí a ḟaġáil dóiḃ, agus ceapamar nár misde dúinn ár suaiṁneas a glacaḋ lá sa seaċtṁain amuiġ fe’n spéir i measg na bfraoċ ar ḃárr Ċnuic Éadáin, áit ’na ḃéiḋeaḋ aon cur-isteaċ ag aoinne orrainn agus áit i a mbéiḋmis in ann na ceisteanna a réiḋteaċ dúinn féin gan eagla go mbéiḋeaḋ gleó agus clampar an t-saoġail ṁóir g’ár gcur amuḋa.
Lá breaġ sa saṁraiḋ tionólaḋ an ceud cruinniuġaḋ. Go moċ ar maidin ḃuaileamar amaċ as an tiġ agus cuireamar roṁainn bárr an t-sléiḃe a sroiscint má ḃí ionnan an meud sin a saoṫaruġaḋ. Ḃí an ġrian ag soillsiġ go gléigeal agus an ġaoṫ ionnḟuair cuṁra ag séideaḋ díreaċ in ár n-aġaiḋ ag teaċt ó’n sliaḃ, agus ḃí bolaḋ an fraoiċ le moṫuiġ ann. Scríoḃtar a lán rudaí i dtaoibh bolaḋ an ḟéir nuaḋ-deunta, aċt níl aon teaċt suas leis ná le aon bolaḋ eile ar ḋruim an dóṁain le bolaḋ an ḟraoich, ḃí an bóṫar fada, geal os ár gcoṁair amaċ ċoṁ díreaċ le riaġal agus ċoṁ fada sin gur dóiġ leat naċ raiḃ aon deireaḋ leis. Ṫáinigeamar fé ḋeireaḋ go dtí an sliaḃ agus b’ḟiú turas fada an aṁarc breaġ a ḃí againn an uair sin. Ar ár láṁ clé agus an láiṁ ḋeis ḃí na cnuic ‘ag bagairt a gcinn tar druim a ċéile.’ Os ár gcoṁair amaċ aċt ḃfad ḃfad sios dínn ḃí an loċ geal fairsing agus ag ceann an loċa ḃí an báile mór agus an aḃa ag casaḋ agus ag sníoṁaḋ tríd, díreaċ mar a ḃeaḋ solus na ngrás ag iarraiḋ sliġe a ḃaint amaċ dó féin tré ṡalaċair an t-saoġail ṁóir. Ḃí gaċ niḋ taiṫneaṁaċ aċt aṁáin an baile mór. Dia do rinne an sliaḃ, agus an loċ, agus an aḃa, agus na euna a ḃí ag canntan imearg na gcraoḃ, agus na paṁasóirí do ḃí ag fás annso agus annsúd imearg na ḃfraoċ agus na rudaí áilne eile a ḃeiṫ le feicsint ar gaċ taoḃ dínn. Aċt an báile mór, báile mór gránda sin an obair do rinne na daoine daonda dóiḃ féin agus asta féin. Daoine a ḃí ag smaoineaḋ ó ṁaidin go h-oiḋċe ar airgead, airgead, airgead. Ní féidir le daoiniḃ a ḃíonn i gcoṁnuiḋe ag riṫ i ndiaḋ an airgid rud seasṁaċ áluinn a ceapaḋ agus ḃí rian an airgid le feicsint ar an mbáile. Ḃí sé mór. Fairsing, tiġṫe árda, muilne móra, sráidí fada, aċt ó ceann go ceann ḃí sé gránda.
Aċt bíoḋ sin mar atá. Ní ḃaineann sin leis an gcumainn seo againne. Is iomḋa rud do ċuireamar fé ṁeas an lá sin. Ḃí díospóireaċta againn ar leaḃraiḋ, ar ċumannaċt, ar ‘ceart na mbán,’ agus ar saoirseaċt na h-Éireann. Inniseoċaiḋ mé duit cad é an socaruġaḋ a ḋeineamar ar na ceisteannaiḃ seo an ṁí seo ċugainn.