Ó ‘Proceedings of the Oireachtas held in Dublin on Wednesday, 7th June, 1899’ le Conraḋ na Gaeilge.
’Sé cuṁa mo ċroiḋe, ’gus diṫ na hÉireann
An leoṁan do sgaoil gan ṁoill ár ngéiḃeann,
An laoċ mear-ṁeamnaċ, treasaṁail, tréiṫeaċ,
Mo léan! Gan tapaḋ ‘san talaṁ go tréiṫ-lag.
Fear léiġeanta, líomṫa, croiḋeaṁail, croḋa,
Nár géill do Ġallaiḃ i gcaismirt ná i gcoṁrac,
Aċt a’ sgapaḋ na daoirse de Ġaeḋal, ḃoċt, ḃrónaċ,
’S a’ taḃairt talaṁ gan ċíos do’n ḃuiḋin mí-ṫreóraċ.
Bile de’n ċrann nár ċrom ċum Seóirse,
Do ṡeasaṁ go teann i ḃfoġar na Foḋla,
’N-aġaiḋ dream an ḟill do ṁill go deó í,
Mo léan-sa fann, an ceann d’aiṫ-beóḋoċaḋ í.
Rí gan coróin, ar ḟód glas Éireann,
Rí fá ḋó, ar ṗór ċlann Éiḃir,
Rí gan gó, cuir cóip an éirliġ
Ag criṫ ’na mbrógaiḃ, mo ḃrón! Fá (a) éagaḋ.
Ó d’éag ar laoċ tá Éire buaiḋearṫa,
Níl teas ins a’ gréin ’s an spéir go suaite,
Níl ceól ag éanlaiṫ, níl sgléip ná suairceas,
Ná solas ’sa’ rae, aċt an saoġal faoi ḋuairceas.
Faoi ḋuairceas doiṁin mo greim duḃ-dóiġte,
Ar gcamṫaiḋe deaġailte gan feiḋm lag-leónta,
I ḃFeis na Sacsan gan acfuinn ċum gnóṫa,
Aṁail scata caoraċ gan maor dá seólaḋ.
’Siad faol-ċuin Sacsan do ṁasluiġ go géar é,
Ar ṁaiṫe le-n’ anam gérḃ annaṁ a ġéillid
Do Rí na n-aingeal do ċeannuiġ go daor iad,
Aċt póit is peacaḋ ’s na haiṫeannt’ dá réabaḋ.
Níor ḃ’ iongnaṁ Galla-ṗoic Sacsan ag sgrúdaḋ
Diaḋaċt’ do Éirinn, tír éigse ’s uġdar,
Cliar is naoṁ, is gaċ n-aon ba ṁúinte
Ag foġluim deag-ḃéas ó ċlaon-ṡlioċt liútair.
Cá’rḃ iongnaṁ aicme na Breatain’ dá ṫraoċaḋ,
Aċt pór na Banba dá ċartaḋ ċoṁ géar leo,
Dá ċlaoiḋ’, dá ġreadaḋ, dá ġearraḋ, ’sdá ċéasaḋ,
Go ḃfuaraḋ marḃ é i ḃfad ó-na ġaolaiḃ.
Cá ḃfaġam’ curaḋ dob’ ursa le Gaeḋealaiḃ,
Cá ḃfaġam’ ceannurraḋ i n-ionad an tréin-ḟir,
Cá ḃfaġam’ saoi ’san t-sliġe d’ár dtreóraḋ,
Do ḃris cam-ḋliġe ’gus feall-sliġe ’n ḟóirnirt.
Mar ṁeasaim do meallaḋ an t-aicme seo ṫréig é
Le mór-ċuid bladair is geallaṁnaíḋ’ bréagaċ’
Cad tá aca a ḃarra aċt anacar ‘s éiṫeaċ
’S iad féin ag steallaḋ ’s a’ feallaḋ ’r a ċéile?
Do ġeall Uilliam mór, aċt ár saoi do ṫréigean,
A ṫaḃairt arís dúinn riġeaċt na hÉireann,
Aċt nuair fuair an cuireat, ár maḋ maiṫ traoċta,
D’ḟúig sgamall a raḋarc, is treiġid a ċlaon-ċorp.
Do cuir ċuġainn eaċaire mar ċeannairt na séise,
Fear gan ceann, gan ṁeaḃair, gan éifeaċt
Tiġearna tacair na laḃarṫa baoṫaċ
’S a smuainte ar ládas, ráis is béiṫe.
Do cuir anall ċuġainn ard-rún-ċleireaċ,
Fear gan ċroiḋe, gan ċreideaṁ, gan daonnaċt,
Le briaṫra’ feallsa, do ṁeall na daoine,
Is ṫug cróc is gad do’n ḟear nár ṫuill iad.
Do ġeall sé ḋúinn-ne ar ṫeaċt an-réim do,
Gaċ dliġe dá ḟeaḃas do ċeapaḋ do Ġaeḋealaiḃ
Aċt nuair fuair an gradam níor aiṫin sé aon-’ne
Aṁail Ṡeaġán na Sguab nuair rinneaḋ de méire.
Do ġeall a ṫuilleaḋ gaċ duine le daor-ḃruid,
Do cuireaḋ as seilḃ, d’ḟilleaḋ gan staonaḋ,
’S na príosúnaiḋe uaigneaċ, faoi ċruaiḋ-ġlasaiḃ géiḃinn
Ag dreóiġ fá ḋaoirse, gan ṁoill do ṡaoraḋ.
’S na bráiṫre léiġeanta, léir-ċaoin, ceannsa,
Gurb árd a gcéim i ndiaḋaċt ’s i ḃḟoġluim,
Ní ṫiuḃraḋ bonn mar ċaḃair ó’n riġeaċt dóiḃ,
’Dtaoḃ íoṁáiḋe Dé ‘s na naoṁ na dtimċeall.
Cá’l aontuġaḋ croiḋe do maoiḋeaḋ go déiġeannaċ
’Dir Ġaeḋeal is Gall d’réir uġdar ḃréagaċ?
Go dtáṫfaiḋ aoile le huisge na féile
Ní ṫáṫfaiḋ croiḋṫe na díse le ċéile.
Seo ceaċt do ṁúin an t-uġdar glé ḋúinn,
Go bráṫ gan lúbaḋ faoi ṡúiste ’n daor-smaiċt.
Aċt eirġe go Luaimneaċ, uaiḃreaċ, d’aon ḃuiḋin,
Is buille do ḃualaḋ, go lúṫṁar, léir-ċruinn.
Mo ṫír ḃoċt, ocraċ, doċraċ, léanṁar,
Anacraċ, easbuiḋeaċ, tubaisteaċ, céasta,
Go ḃfilliḋ Gé’n Oileáin ’d-tí ’n caisleán do ṫréig sé,
Ní ċóiṁlíonfaiḋ Gaill a ngeallaṁnaiḋe d’Éirinn.