An Bhean Mhór Ruadh d’osgail an doras dom.
“Suidh annsin,” ar sise go mí-mhúinte.
Shuidheas ar an gcathaoir. Dhearcas uirri. Is iomdha duine chonnaiceas le cuthach le mo linn, acht a leithéid siúd ní fhacas go dtí sin. Bhí a dhá súil ar lasadh. Bhí anfadh ’n‑a gnúis. Bhí buile ’n‑a glór.
“Agus tá tú le pósadh!” ar sise, agus rinne sí an-iarracht ar a rádh go leanbach neamh-urchóideach, acht theip uirri.
D’fhéachas féin uirri. D’fhéachas thart thimcheall an tseómra. Bhí an Bhean Reamhar ’san gcúinne ab’ fhuide uaim agus creathadh géag uirri. Bhí a héadan chomh bán leis an sneachta séidte, agus an fuar-allus léithi.
“Agus tá tú le pósadh!” ars’ an Bhean Mhór Ruadh arís. “Molaim do rogha,” ar sise, agus d’éirigh léithi an fhearg a bhí uirri a cheilt.
Cheap an Bhean Reamhar bhocht focal éigin a rádh, acht d’fhéach an bhean eile uirri. D’fhan sí ’n‑a tost.
“Agus cheapadar a dhéanamh i ngan-fhios dúinn gan cuireadh chun na bainse féin a thabhairt dhúinn,” ar sise; bhí sí ag éirghe fonóideach, acht má bhí, ba le teann feirge é.
“Cé dubhairt leat go raibh mé le pósadh? Má tá, cá bhfuil an bhean?” arsa mise.
“Sin í thall í,” ar sise, “agus is breágh mór toirteamhail an bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire agus ó dhaoinibh uirri.”
Shíleas féin gáire a dhéanamh acht bhí cineál sgátha orm roimpi. Dá mbéinn leis an Mnaoi Reamhair a phósadh féin, cé’n gnótha bhí aici-se a chur eadrainn? Cé’n bhaint a bhí aici leis an sgéal? Nach raibh cead agam a pósadh dá dtogróchainn é? Acht b’fhéidir go bhfuil grádh ag an Mnaoi Mhóir Ruaidh féin dhom.…
Labhair sí arís.
“Gabh i leith annseo, a chuid,” ar sise leis an mnaoi eile, “agus tabhair póg dó.”
Chuir an Bhean Reamhar cor dhi. Do cheapfá gur biorán a sáitheadh ’n‑a ceathramhain. Níor éirigh sí.
“Nach tú tá cúthalach?” ars’ an Bhean Mhór Ruadh go magamhail, “nach bhfuil sean-aithne agam-sa oraibh beirt?”
Níor chorruigh an bhean eile. Bhí sí i riocht a dhul i laige.
“Féachfaidh mise amach thríd an bhfuinneóig,” ars’ an Bhean Ruadh, “nós nach bhfeicfidh mé chor ar bith sibh. ’Nois.”
Chuaidh sí chuig an bhfuinneóig, agus do dhearc amach. Grádh bhí aici dhom go cinnte, agus bhí sí éadmhar go raibh an bhean eile le mé fhagháil. Cheapas greann a bhaint aisti.
“Gabh i leith annseo,” arsa mise leis an mnaoi eile, “agus suidh lem’ ais.”
“Déan,” ars’ an bhean a bhí ag an bhfuinneóig gan féachaint orainn.
D’éirigh an Bhean Reamhar agus tháinic sí chugam go mall.
Shuidh sí ar chathaoir le mo thaoibh.
“Tabhair póg dom anois, a chuisle,” arsa mise, “aon phóg amháin.”
Bhí an bhean a bhí ag an bhfuinneóig ar buile. Chonnaiceas a dhá dorn dúnta aici, acht nach í féin adubhairt liom a pógadh?
“Aon phóg amháin, a chuid,” arsa mise chomh lághach is d’fhéadas é. Bhí eagla orm go bpléasgfainn ag gáiridhe. Cheap an Bhean Reamhar go rabhas i ndáríribh. Chrom sí ós mo chionn. Thug sí an phóg dom, acht má thug, thug an bhean eile leadóg faoi’n gcluais dhi a leag ar an urlár í.
“Mo náire thú! mo náire thú!” arsa mise leis an Mnaoi Mhóir Ruaidh.
“Éirigh,” ar sise leis an mnaoi a bhí ’n‑a suidhe ar an urlár, “éirigh, adeirim leat, nó.…”
D’éirigh sí.
“Gabh anonn annsin agus fan thall ’san áit ar chuireas thú. Má chorruigheann tú―”
Chuaidh an Bhean Reamhar anonn. Thug an bhean eile aghaidh orm-sa.
“Is beag a bheireadh orm,” ar sise, “an íde chéadna thabhairt ort-sa. Marach an bhail atá ort,” ar sise, “bí cinnte nach rachthá saor. Go ndéanfadh mac t’athar is do mháthar a leithéid! go bpósfadh sé inghean an gheócaigh! go bpósfadh sé í síud! féach uirri! féach uirri!”
“Nach bhfuil cead agam mo rogha dhuine a phósadh?” arsa mise le baint aisti.
“Ó tá, tá,” ar sise go sgigeamhail.
D’osgail an Bhean Reamhar a béal le labhairt. D’fhéach an bhean eile uirri. D’fhan an béal ar osgailt. Bhí lucht na gcártaí ag canadh amhrán. Bhí na páisdí ag déanamh grinn dhóibh féin ar an tsráid; An Casúr ag díosbóireacht ag an doras; mé féin agus an bheirt bhan ag achrann ’san seómra, má’s ag achrann a bhíos féin, acht níor bh’ eadh acht ag déanamh grinn dhom féin. Beirt bhan i n‑éadan a chéile i ngeall orm! I ngeall ar dhuine dhem’ shórt-sa! Agus an bheirt úd! Cé cheapfadh ar an Mnaoi Mhóir Ruaidh é! Cé cheapfadh nach gean máthardha thug sí dhom? Acht níor bh’ eadh! Dá mb’eadh, an mbéadh cuthach uirri nuair a shíl sí go rabhas féin leis an mnaoi eile a phósadh? Bhí sí éadmhar. Leigeas orm féin go raibh mé an-gheanamhail leis an Mnaoi Reamhair; cheapfá orm go mba ghile liom í ná a rugadh ariamh de mhnáibh. Ba dhóigh léithi-se go raibh mé i ndáríribh, agus má bhí sí faiteach féin, bhí ríméad an domhain uirri nach raibh ag éirghe leis an Mnaoi Mhóir Ruaidh an cleamhnas a bhriseadh. Agus ar ndóigh, cheap an Bhean Ruadh go raibh an cleamhnas ann, agus ní raibh uaim acht go gceapfadh sí é. Is agam a bhí an greann!
“Bhfuil tú sásta an cleamhnas seo atá déanta agad le hinghin an gheócaigh a bhriseadh?” ars’ an Bhean Mhór Ruadh.
“Ní’l,” arsa mise.
“Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?” ar sise an darna huair.
“Ní’l,” arsa mise go dána.
“Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?” ar sise an tríomhadh huair.
“Ní’l,” arsa mise agus fonn gáiridhe orm.
Níor dhubhairt sí focal eile acht a dhul chuig an doras agus a ghlaodhach ar Bhrighid. Tháinic sise.
“Tabhair dhom an eochair,” ars’ an Bhean Mhór Ruadh.
“Nach bhfuil sé sáthach―” arsa Brighid, acht chuir an Bhean Mhór Ruadh isteach uirri, agus ní raibh a fhios céard a bhí fúithi a rádh.
“Tabhair dhom an eochair,” ar sise go bagarthach.
Fuair sí í. D’imthigh léithi ag cur glais ar an doras ’n‑a diaidh.
“Brisfear an cleamhnas seo anocht,” ar sise ag gabháil amach dhi. “Mise mo bhannaidhe go mbrisfear.”
Phléasgas féin. Chuadhas ’sna trithíbh gur cheap sí go raibh fúm an Bhean Reamhar a phósadh, gur cheap an Bhean Reamhar féin é. Acht cé’n fáth ar chuir sí glas ar an doras ar an mbeirt againn?
Tháinic an Bhean Reamhar chugam. Shuidh sí taobh liom. Bhí sí lághach geanamhail. Shíleas go n‑éireóchadh sí, agus go dtosóchadh sí dhom’ phógadh dhom’ bhuidheachas mar rinne sí go minic cheana. Bhí an gean i lár a dhá súl.
“Cheapas go ngéillfeá,” ar sise; “bhí eagla an domhain orm go ngéillfeá,” ar sise.
“Go ngéillfinn?” arsa mise.
“Seadh—go mbrisfeá an cleamhnas,” ar sise.
“Beag baoghal a bhí orm,” arsa mise.
“Bhí fhios a’m sin, a chuid, bhí fhios a’m é nuair a leig tú dhi glas a chur ar an doras.”
“Acht cad chuige dhi glas a chur ar an doras?” arsa mise.
“Ó, cé nach bhfuil fhios agad! le mise agus tusa a choinneál annseo go dtigidh do mhuintir!”
“Go dtigidh mo mhuintir!”
“’Seadh. Nach bhfuil fhios agad gur chuir sí fios orra?” ar sise, “nach bhfuil fhios agad go mbeidh t’oncal agus a inghean annseo faoi cheann cúpla uair. Bhíodar ar do thóir ó cuireadh an t‑achrann ar siubhal ’san taisbeántas i nGaillimh. ’Sí an bhean ruadh d’innis dóibh cá raibh tú. ’Sí d’innis dóibh cé’n droch-bhail a bhí ort―”
“Agus béidh m’oncal agus a inghean annseo faoi cheann cúpla uair, deir tú,” arsa mise go ciúin socair, bíodh is go raibh mo chroidhe ag léimnigh.
“Béidh. Nár innis an Bhean Ruadh dhuit é?”
Níor thugas freagra uirri. Bhíos trí n‑a chéile. Tá daoine ann agus nuair nach n‑éirigheann leó téighid ag iarraidh cabhrach ar a gcáirdibh gaoil. Ní raibh mise ar an dream sin ariamh. An lá ba mheasa dá raibh an saoghal ag éirghe liom ní chuirfinn a‑bhaile chuig mo mhuintir acht an deágh-sgéal. Acht bhíos náirighthe anois. Bhéadh fhios aca gach uile shórt fúm. Dá mbéadh fhios agam go raibh an sgéal iomlán ar a n‑eólas, ní fhanfainn leó ar chor ar bith.
“Agus d’innis sí dhóibh cé’n droch-bhail a bhí orm-sa annseo,” arsa mise.
“D’innis.”
“Agus d’innis sí dhóibh go rabhas i nGaillimh agus ar fud na hÉireann ’mo gheócach agus ’m’ uathbhás agus ’m’ fheic ag an mbioránach buidhe sin d’athair atá agad: ar innis sí sin dóibh?”
“D’innis.”
“Agus gur chaitheas tréimhse eile ar fán agus ar seachran an tsaoghail gan blas agam le cur ’mo bholg: gur thug sí féin rud le n’ithe dhom agus mé beagnach préachta—ar innis sí sin dóibh?”
“D’innis.”
“Agus le bárr ar gach cleas, is dócha gur innis sí dhóibh go rabhas i gcleamhnas—go rabhas i gcleamhnas le mnaoi a bhí i dtaisbeántas le n‑a saoghal agus a bhí seacht gclocha fichead meadhchan!”
“Ó, a Mhichíl! a Mhichíl! ní rabhas seacht gclocha fichead ariamh: ní raibh, a Mhichíl! ní raibh. M’athair a bhíodh ’ghá rádh.…”
“Ar innis sí dhóibh é?”
“D’innis.”
“Agus cé dubhairt léithi go raibh cleamhnas ann?” arsa mise go fíochmhar. Bhí an greann thart.
“Agus nach bhfuil, a Mhichíl? Nach ndeárnadh an cleamhnas an lá fad ó i nGaillimh…? Bhí fhios agam go raibh tú toilteanach nuair a phóg tú mé Dia Domhnaigh seo caithte—phóg tú mé uait féin, uait féin, a Mhichíl…Cheapas nach raibh tú ag fanacht acht go mbéadh na pighneacha bailighthe agam-sa. D’innis mé dhi go rabhamar le pósadh, a Mhichíl.…Bhí buile uirri…Beag nár mharbh sí mé, a Mhichíl—bhí sí ar mire. Cheap sí an cleamhnas a bhriseadh. Dubhairt sí go mbéadh náire ort roimh do mhuintir…go mbéadh náire ort mar gheall orm-sa, a Mhichíl, agus nach bpósfá mé…Le go bhfeicfidhe an bheirt againn i n‑aonfheacht chuir sí glas ar an doras…ag ceapadh go mbéadh náire ort…acht bhí fhios agam-sa nach mbéadh: nár leig tú dhi a dhéanamh?”
Rug sí greim láimhe orm nuair a bhí an méid sin cainte curtha dhi aici. Acht tharraing mé an lámh uaithi. Rugas ar chnap an dorais, agus thosuigheas ’ghá chreathadh. Bhí sé go daingean aici. Bhíomar beirt i ngéibheann. Nuair a chuala lucht na gcártaí ag creathadh an dorais mé, thosuigheadar ag gáiridhe agus ag magadh fúinn. Is aca a bhí an greann.
Bhí buile orm féin. Bhí an bhaileabhar déanta agam orm féin. Greann agus magadh a bhí ann i dtosach. Mise ag leigint orm go rabhas ar tí an Bhean Reamhar a phósadh. An bhean eile éadmhar mar shíleas. Í i ndáríribh fíre ag iarraidh an chleamhnais nach raibh ann a bhriseadh! Acht bhíos náirighthe anois. Cos ní fhéadfainn fhagháil ’mo bhaile dhúthchais arís go deó. Bhéadh malraigh an bhaile ag féachaint ’mo dhiaidh ag gabháil an tsráid dhom, agus ag innseacht dá chéile go bhfaca siad ’san taisbeántas mé ’mo uathbhás agus ’mo fhear buile. Chuirfeadh máithreacha eagla ar a gclainn ag innseacht dóibh go raibh “sgian fhada ghéar agus rian fola uirri” ’mo phóca agam. Agus céard a cheapfadh Máire mo cholceathar féin, an bhean úd a shíleas a phósadh sul ar fhágas Gallimh i dtosach nuair a d’fheicfeadh sí an bhean a bhí fúm a phósadh anois?
Rugas ar chnap an dorais arís agus chreathas é. Ní raibh aon mhaith ann. Ní fhéadfainn an seómra fhágáil. Bhí an doras trom. Bhí an glas láidir. Bhéadh orm fanacht go dtagaidís.
Shuidheas cois na fuinneóige. A dhul amach thríd an bhfuinneóig? Dá mbéadh lúth na ngéag agam, ní eireóchadh liom.
“A Mhichíl! a Mhichíl!” ars’ an Bhean Reamhar agus í ag druideadh liom.
“Fan amach uaim,” arsa mise, “nó…”
Níor tháinic sí ’mo ghar. Nár bh’ iongantach an tsuirigheacht í? Mise ’mo shuidhe cois fuinneóige ag cur mo chroidhe amach le náire agus le díombáidh agus le cantal. Ise ’n‑a suidhe ar an leabaidh ag sileadh na súl nach rabhas ag labhairt léithi, nach rabhas mór léithi, nach raibh ríméad an domhain orm bheith ’n‑a cuideachtain, agus gan aon eólas aici cad chuige mé bheith go cráidhte.
*******************************************************************************************************************************************************************************
Tá sé ag cur shneachta. Tá brat uasal bán ar na sráidibh gránna salacha agus ar na sean-tighthibh atá ag tuitim ó chéile leis an aois. Ní’l torann dá laighead le clos ’san teach lóistín. Tá na lóisteóirí uile go léir ag ól thall ’san teach leanna. Mise ’mo shuidhe cois fuinneóige ag féachaint anonn orra agus ag fanacht le mo cháirdibh gaoil. An bhean ’n‑a suidhe ar an leabaidh ag gol ós íseal. Labhrann sí:
“Tá eochair agam, má’s mian leat imtheacht sul a dtiocfaidh siad…má’s rud é go bhfuil náire…ort …go…bhfeic—…go…bhfeicfeadh do…do mhuintir…mé fhéin.”
Tá na deóra ’ghá dalladh agus ag cosg na cainte uirri.
“Ní mian liom imtheacht.”
“Má théidhim…má théidhim-se i n‑aon…i n‑éindigh leat, a Mhi…a Mhichíl.”
“Téanam,” arsa mise ag breith greim láimhe uirri, “téanam.”
Anuas linn go breágh réidh. Níor cuiread aon chosg linn. Do bhuaileamar amach ar an tsráid.