Rugadh Mícheál Óg Ó Longáin ar 1 Lúnasa 1766 i gCarraig na bhFear, Contae Chorcaí. Scríobhaí, file, agus múinteoir a bhí ann. Agus é ina ógánach, d’oil sé ceird an scríobhaí dó féin agus thras-scríobh sé lámhscríbhinní mhuintir a áite ó 1785 go 1786. Rinne sé roinnt oibre ó áit go háit gan mórán pá a bhaint amach. Chuaigh sé sna Buachaillí Bána agus Cumann na nÉireannach Aontaithe, agus bhí páirt aige in Éirí Amach 1798. Chuaigh sé ar a theitheadh tar éis an Éirí Amach. Phós sé Máire Ní Leidhin in 1800. Scríobhaí de na scríobhaithe ba thorthúla ab ea: chuir sé breis agus 150 lámhscríbhinn le páipéar agus chum níos mó ná 350 dán. ‘Maidin Luan Chincíse’ agus ‘Buachaillí Locha-Garman’ is mó clú. Tá a chuid filíochta suntasach óir thug sé a chúl leis an traidisiún Seacaibíteach agus thug tacaíocht don phoblachtachas ina áit. Fuair sé bás i ‘Knockboy’ ar 17 Bealtaine 1837.

Saothair

Buachaillidhe Locha-Garman