- An t-Óglach
- Samhain 3, 1923
(The Soldier’s Song).
Le cead ó Liam Ó Rinn, a cuir Gaoluinn air.
I.
- Seo ḋíḃ, a ċáirde, duan ógláig,
- Caṫréimeaċ, bríoġṁar, ceólṁar,
- Ár dteínte cnáṁ go buacaċ táid
- ’S an spéir go mín réaltógaċ.
- Is fonnṁar faoḃaraċ sinn ċun ġleó’,
- ’S go tionnṁar glé roim ṫiġeaċt do’n ló
- Fé ċiúneas ċaoṁ na h-oiḋċ’ ar seól;
- Seo liḃ canaig Aḃran na ḃFian.
- Curfá:
- Sinn-ne Fianna Fáil atá fé ġeall ag Éirinn
- Buiḋean d’ár slua ṫar tuínn do ráinig ċúġainn
- Fé ṁóid ḃeiṫ saor, Seanntír ár sínsear feasda
- Ní fágfar fé’n tíorán ná fé’n tráil.
- Anoċt a ṫéiġeam sa ḃearna ḃaoġail—
- Pé olc maiṫ é—le gean do Ġaeḋil,
- Le guna sgréaċ fé láṁac na bpléar!
- Seo liḃ canaig aḃrán na bFian.
II.
- Cois bánta réiḋe ar árdaiḃ sléi’
- Ba ḃuaḋaċ ár sínsear róṁainn,
- A láṁaċ go tréan fé’n saor ḃrat séin
- ’Tá ṫuas sa ġaoiṫ go seólta.
- Ba ḋúṫċas riaṁ d’ár gcine cáiḋ
- Gan úmpáil siar ó imirt áir
- ’S a’ siuḃal mar iad i gcoinniḃ náṁad
- Seo liḃ canaig Aḃrán na bFian.
- Curfá:
- Sinn-ne &c.
III.
- A ḃuiḋean naċ fann d’ḟuil Ġaoiḋil is Ġall
- Sin breaca lae na saoirse,
- Tá sgeiṁle ’s sgaṁr’ ar ḋraoiṫiḃ naṁad
- Roiṁ rangaiḃ laoċr’ ár dtíre,
- Ár dteínte ’s tréiṫ gan spréaċ anois,
- Sin luisue ġlé sa spéir anoir;
- ’S an bíoḃa (a)raon na bpléar agaiḃ
- Seo liḃ canaig Aḃrán na ḃFian.
- Curfá:
- Sinn-ne &c.
