Rinne Iarla Ċilledara síoṫċáin idir Ó Néill ⁊ Sasana, mar ba ṁór le h-Ó Néill é, ⁊ do ṡeoladar araon anonn go Lúnduin i ndeireaḋ na bliaḋna, ⁊ gárda gallóglaċ i n-éinfeaċt leo.

Duḃarṫas le Seáġan náċ ḃfillfeaḋ sé ar ais go deó toisg, go raiḃ an tuaġ ⁊ an ceap ’na ċóṁair ag Elís, aċt ḃí muiniġin aigesean as a ṫeanga líoṁṫa ⁊ ḃí dóiċ aige nár ṁeaṫ sé riaṁ i n-aon ċúṁangaċ.

Bean uallaċ do b’eaḋ Elís. Ḃí sí daṫaṁail, gruaig ruaḋ uirṫe, ⁊ súla glasa aici, an t-éadaċ ba ḃreaġḋa ⁊ ba ḋaoire le fáġail uirṫe, ⁊ an iomad de aici le h-í féin do ċórúġaḋ go minic ’sa ló. Péacóg do b’eaḋ í le féaċaint uirṫe, aċt ḃí croiḋe an ḃeaṫaḋaiġ allta, gan truaġ, gan truaġṁéil aici, ⁊ inntin ⁊ aigne tar ṁnáiḃ an doṁain. ‘An laḃarṫair Béarla ċúici?’ arsa duine éigin le Seáġan. ‘Ní laḃórad go deiṁin,’ ar seisean, ‘mar leónfaḋ an teanga ḋuairc ġránna soin mo ċorráin.’ Ḃí Fraincis ⁊ Spáinis ⁊ Laideann ag Seáġan i dteannta a ṫeanga ḃinn ḃlasda féin. Bean teangaċa do b’eaḋ Elís leis, ⁊ duḃarṫas gur ṡáruiġ Seáġan ’sa ḃFraincis í ⁊ gur eitiġ sí cóṁráḋ leis ’sa teanga soin. Lá Nodlag beag ins an mbliaḋain 1562 do ḃuail sé isteaċ go seómra ríoġaċda Elís. Ḃí fir calma sé troiġṫe ⁊ níos mó ’na cuideaċta, go mór ṁór Herbert óg, aċt ċonnacaṫas láiṫreaċ naċ raiḃ ionnta aċt spreasáin i n-aice Ṡeáġain-An-Díomais. Tugann stáir na Sasanaċ cúntus ar a ċuairt ⁊ ar a ċruṫ. ‘Ḃí falluing ḃuiḋe-ḋearg do ḋéanṁús ḋaor ar sileaḋ siar síos go talaṁ leis, ⁊ gruaig ḟionn-ɼuaḋ go cripineaċ, camarsaċ tar a ṡlinneánaiḃ síos go lár a ḋroma, súla glasa fiaḋainp aige d’ḟéaċ amaċ ort ċóṁ lonnraċ le gaṫ gréine; corg fuinnte lúṫṁar aige ⁊ ceann-aiġṫe dán.’ Ḃí na céadta ag iarraiḋ raḋairc d’ḟáġail air féin ⁊ ar a ġallóglaċa. Deir a tuairisg go raḃadar so ceann-lomnoċta, foilt ḟionna orṫa, léinteaċa lúiriġ ó ṁuineál go glún orṫa, croiceann mactíre tar ġuailniḃ gaċ fir aca, ⁊ geárr-ṫuaġ caṫa i láiṁ gaċ aon aca. Níor ḃ’ionntaoiḃ fearg do ċur ar a leiṫéidiḃ siúd. I deallraṫaċ go raḃadar i mbruiġin Árdmaċa. ‘Úṁaluiġiḋ!’ arsa Seáġan de ġuṫ ġlóraċ ⁊ ní raiḃ an focal as a ḃéal nuair do ḃí na gallóglaiġ ar a leaṫ-ġlúin. Stad sé i gcóṁgar do’n ċaṫaoir ríoġaċda mar a raiḃ Elís, agus í éaduiġṫe ar nós péacóige, do ċrom sé a ċeann, do ċrom sé a ġlún, ⁊ do ṡeasaiṁ sé annsoin ċóṁ díreaċ le gáinne. D’ḟéaċ sé féin ⁊ Elís idir an dá ṡúil ar a ċéile. Laḃair sí i Laideann leis ⁊ d’ḟreagair seisean í go binn-ḃriaṫraċ. Do ṁol sé a mórḋaċt ⁊ duḃairt sé gur ḋall a sgéiṁ ⁊ a cruṫ é, mar ba ṁín í a ṫeanga le mnáiḃ. Níor luiġ súil Elís riaṁ ar a leiṫéid d’ḟear ⁊ ba ḃinn léi é ḃeiṫ ’gá bréagaḋ. Do ṫeasbáin sí ḋó i n-aindeóin a cóṁairleóirí gur ṫaiṫin sé léi, giḋ go raiḃ na cóṁairleóirí sin ar tí a ċuid fola do ḋortaḋ. Duḃradar leó féin go raiḃ greim aca anois nó riaṁ air, ⁊ giḋ gur ṫugadar na coinġíl dó ná bainfiḋe leis ar a ṫurus, ṁeasadar, mar ba ġnáṫaċ, an glas do ḃualaḋ air. ‘Táṫaoi ar tí an ċoinġíl do ḃriseaḋ,’ ar Seáġan go dán. ‘Leigfear ar n-ais tú uair éigin,’ ar Cecil leis, ‘aċt ní ḟuil aon am áiriġṫe ceapuiġṫe ’sa ċoinġeall soin!’ ‘Meallaḋ mé,’ arsa Seáġan leis féin, ⁊ do ḃuail sé isteaċ go láṫair Elíse ⁊ d’iarr sé coimirc uirṫe. ‘Ní leóṁṫar aon ḃárṫainn do ḋéanaḋ duit,’ adeir sí leis, ‘aċt caiṫfir fanaṁaint againn go fóil.’ Ní fios cionnus do ṁeall Seáġan í. Ba ṁaiṫ léi le n-a h-ais é, ⁊ meastar go raiḃ saġas gráiḋ ainṁíḋe aici ḋó, ⁊ is é iongnaḋ gaċ laiġṫeóra gur sgaoil sí uaiṫe é fá ḋeireaḋ ar ġeall go mbéaḋ sé uṁal dí féin aṁáin ⁊ gan baint ’gá fear-ionad i n-Éirinn leis. Deirṫear go raiḃ eagla uirṫe leis d’á gcuirṫíḋe i gcuiḃreaċ é go ndéanfaḋ Muintir Néill flaiṫ de Ṫoirḋealḃaċ Luineaċ Ó Néill ’na ionad, ⁊ do b’annsa léi Seáġan ’na eisean. Ḃí Sussex ag cogaint a ṫeangan le buile toisg ná’r baineaḋ an ceann de ċolainn Ṡeáġain i Lúnduin, ⁊ ċuir sé sgéala ċum Elíse go raiḃ sé leaṫta ar fud Éireann gur ṁeall Seáġan í d’á ḟeaḃas í a h-intleaċt ⁊ gur ġníḋ sí rí ar Ulaḋ ḋe. D’iarr sé cead uirṫe é ṁeallaḋ go Baile-Áṫa-Cliaṫ i gcóir greama d’ḟáġail air, aċt ḃí Seáġan ró-aṁarasaċ ⁊ níor ġaḃ sé i ngaor do Ḃaile-Áṫa-Cliaṫ, giḋ gur ġeall Sussex a ḋeirḃṡiúr mar ṁnaoi ḋó aċt teaċt d’á feicsint.