The Freeman’s Journal, 16ú Lúnasa, 1898.
A Mhic Uí Laoġaire agus a Mhuintir na h-Eireann―Duḃairt duine eigin fad ó ṡoin ’nuair naċ raiḃ ins an gcaṫair so aċt fíor-ḃeagán de Chlann na nGaeḋeal―‘Beiḋ an Ghaeḋealg faoi árd-ṁeas fós im Baile-aṫa-Cliaṫ uasail na gcorn fíona óil.’ Ní raiḃ reult ins an spéir, ní raiḃ doṫċus ins an aer annsin ċum Chlann na nGaeḋeal no ċum ċuise na h-Eireann, aċt ḃí creideaṁ in a ċroiḋe aige go raċfaḋ an oiḋċe ṫart agus go tiocfaiḋ an ḟáinne arís. Bhí a ḟios aige naċ raiḃ an ċúis caillte go léir, naċ raiḃ an tír marḃ; giḋ go raiḃ sgoiṫ a ċloinne ṫar sáile agus a h-uaisle gan teoċ gan árus in a nduiṫċe féin. Ní’l an oiḋċe ṫart go fóil aċt tá an ḟáinne ag éiriġ agus tá an ḟírinne ag an dtairgíre faoi ḋeireaḋ. Tá an Ghaḋealg faoi ṁeas agus faoi árd-ṁeas im Baile-Aṫa-Cliaṫ. Támuid annso indiu ċum onóire agus suim a ṫaḃairt do na daoiniḃ a ṫug a lán-diṫċeall in aġaiḋ na naṁad céad bliaḋain ó ṡoin. Tháimseamar as gaċ uile aird ar fud na h-Eireann, agus beagnaċ as gaċ uile tír ar ḋruim an doṁain ċum oibre do ċur ar bun a ṫaisbeanaḋ do’n doṁan naċ ḃfuilimid claoiḋte fós. Thángamar le ċéile ċum obair do ḋéanaḋ a ṫaisbeanaḋ go ḃfuilimid ’nar n-Eireannaċaiḃ fós aċt ‘ní Eireannaċ go Gaeḋilgeoir’ agus murab mían linn a ḃeiṫ ag magaḋ faoi ċéile caiṫfimid meas agus spéis a ṫaḃairt ċum teangaḋ na h-Eireann ċoṁ maiṫ le gaċ míle rud eile a ḃaineas leiṫe.
Duḃras go ḃfuil an ḟirinne ag an dtairgire, tá meas i measg na ndaoineaḋ ar teangaiḋ na nGaeḋeal indiu, gan aṁrus. Mar sin is mór an t-áṫas agus an luṫġaire ċroiḋe atá orm go dtig liom-sa rud do ḋéanaḋ ċum na sean-ċúise do ċur ar aġaiḋ. Ní raiḃ an sean teanga d’a cloisteail aċt go h-anaṁ ins na ċaṫraċaiḃ, aċt táimid ag deanaḋ rud éigin indiu ċum na droċ oibre sin do ċur ar gcul. Támuid ag deanaḋ roda eigin a ṫaisbeanaḋ do’n doṁan agus go mór-ṁór do na Sacsanaċaiḃ go ḃfuil teanga ar sinnsear beo agus fíor-ḃeo fós. Tá spioraid na h-Eireann, spioraid ar seaċd sinnsear, ag ċorruġaḋ agus ag fadoġa teine ins gaċ uile ċroiḋe ins an gcriunnuġaḋ mór so, agus buḋ ċoir ḋuinn go mbeiḋeaḋ a dteanga d’a spreagaḋ in ar measg freisin. Anam agus spioraid na h-Eireann; baineann le ċéile iad agus crionfaiḋ an ċúis agus ġeoḃaiḋ sí bás muna dtiuḃramuid áire do ṫeangṫaiḋ ar sinnsear ’gus nosaiḃ na tire.
Ní riaċtanaċ daṁ-sa tráċt a ḋeanaḋ ar an obair a riġne na daoine aḃfuilimid ag taḃairt measa ’gus onóire dóiḃ anois. Tá daoine go leor annso leis an rud sin do ḋeanaḋ agus tá eolas maiṫ agaiḃ-se ar an obair sin, aċt caiṫfiḋ mé rud eigin a ráḋ ar na neiṫiḃ ar ċóir duinn a ḋeanaḋ feasta, dam Baḋ ṫoil linn fíor-naisiuntaċt na h-Eireann do ċoimead beo. Riġne ar n-aiṫreaċa cead bliaḋain ó ṡoin a ndiṫċeall agus ní leo-san an loċt naċ rugadar an buaiḋ leo. Támuid annso a ráḋ naċ ḃfuil an troid críoċnuiġṫe fós, agus gur mian linn an sean-sliġe do leanaṁuin agus an sean-troid do ḋeanaḋ go dtiocfaiḋ an lá ar a raiḃ ar n-aiṫreaċa ag feiṫeaṁ le ciantaiḃ. An mian ḟirinneaċ linn é. Má’s eaḋ ní ṫiocfaiḋ linn a ḋeanaḋ go ceart muna ndeanfamuid ar ndiṫċeall ċum an Gaeḋilge do ċoimead beo g-cindeaċt le cuiṁne na ndaoineaḋ a ṫug a m-beaṫa ar son na h-Eireann cead bliaḋain ó ṡoin. An é i mbeurla, an measann siḃ, gur coír ḋuinn onóir a ṫaḃairt do na h-Eireannaiġ aontuiġṫe a rug an buaiḋ leo cead bliaḋain ó ṡoin? Dar m’anam ní h-eaḋ. Ní ḃeaiḋeaḋ focal beurla ar biṫ d’a raḋ annso indiu, bheiḋeaḋ guṫa na ndaoineaḋ ċoṁ Ghaoḋaolaċ le n-a gcroiḋiḃ agus b’ḟearr le n-ar n-aiṫréaċaiḃ e sin gan aṁras na ’n rud gur eigin ḋuinn, nó do ċuid againn cor ar biṫ a ḃeiṫ againn. Ní abraim gur liḃ-se an loċt go léir, aċt buḋ ṁór an náire ḋúinn muna n-deanfamuid ar n-diṫċeall ins na laeṫiḃ atá teaċt ċum an loċt sin do ṫógḃail ḋínn-ne agus teanga ar n-aiṫreaċa do ċoimead beo in ar measg coṁ maiṫ le-n a spioraid agus a g-cuiṁne. Naċ aisteaċ liḃ an Franncaċ gan teanga an Fhrannc aige? Naċ aisteaċ duine ar biṫ gan eolas aige ar ṫeangṫaiḃ a ṫire-sa. Mar sin naċ aisteaċ d’fhior-Gaeḋeal gan eolas aige ar ṫeangṫaiḋ gaċ uile treun-laoċ, agus fíor-ṫir ġraḋuiġṫeoir a ṫug a ḃeaṫa ar son na tire so. Is aisteaċ gan aṁras; aċt is níos aistiġ an duine naċ gcuireann aċt mí-ṁeas agus drioċ-onóir ar ṫeanġaiḋ maṫarḋa biḋeann daoine de’n tsort sin in ar measg féin, b’fhéidir go-ḃfuil cuid aċa ann so indiu aċt má tá, saoilim naċ mbeiḋ aċt beaġán aċa le faġail in Eirinn as so amaċ. Tá cor an ḃealaiġ againn anois agus b’eigin duinn an ceart lorg do leanaṁuin go dti an lá ar a mbeurfamuid an ḃuaiḋ linn ionnus go mbeiḋ an meud mor-ṁeas ar an Gaeḋilig i gaċ uile ait na h-Eireann a’s tá uirri im Baile-Aṫa-Cliaṫ indiu. Ná bacaigiḋ le na daoiniḃ a ḋeireas naċ ḃfuil maiṫeas ’san Gaeḋilig; ná bacaigiḋ le na daoiniḃ a ḋeireas naċ féidir linn a saḃáil. Is fíor go raiḃ sí i rioċd ḃáis; is fíor naċ ḃfuil an dorċadas ṫart fós, aċt bioḋ cuiṁne againn i gcomnuiḋe ar foclaiḃ an ḟir ṁóir d’a ḃfuilimid ag tógḃáil, an leaċt so indiu onóire indiu―‘Ná cáill doṫcús i ċoiḋċe.’ Bíoḋ sin mar focal faire againn feasta. Cuirimíd le céile, deanamuid a ndíṫċioll agus giḋ gombaḋ fhada an oiḋċe agus trom an obair. ‘Beurfamaoid buaiḋ faoi ḋeoin De.’