From Irish Freedom, November 1911. Written by unknown author under the pseudonym initials “M Ó C.”

Cúpla seachtmhaine ó shin, chonnaiceas i bpáipéar éigin cúnntas ar an mhódh (idir mhódhaibh eile) ‘na ndéantar saighdiúrí de na buachaillibh óga Seapónaigh. Do réir an pháipéir sin, cuireann an Riaghaltas Seapónach, ó am go h-am rgataí de na buachaillibh beaga, de na buachaillibh sgoile, ar aistear tré Coréa agus Manchúria, fé stúireadh sean-saighdiúrí cliste, agus múineann na saighdiúrí seo ceard an chogaidh do’n aos ó gar na machairibh-chogaidh féin ar a dtugadh na cathanna móra fuilteacha cúpla bliadhain ó shoin. Meas-aim nar ab fhéidir do’n Riaghaltas úd aon rud do b’fhóghantaighe ná sin do dheunamh chun spioraid na Náisiúnteachta do bheoghughadh I gcroidhthibh na mbuachaillí. Béidh cuimhné ar a gceachtanna nach gheobhfaidh bás, ag na gasúin úd, fad a mairfidh siad, díreach agus mar bheidh cuimhne aca ar mhor-gníomharthaibh a n-aithreacha ar mhacairibh Manchúria.

Tá machairí-troda annso againn i n-Éirinn, ⁊ pé go bhfuilmid i n-easnamh riaghaltais náisiúnta, agus go bhfuil fíor-mhorán de neithibh eile d’ár gcoiméad siar, measaim nach ndeunaimid an úsáid gur féidir a dheunamh as ár macairibh troda. An lá nach mbéidh cuimhne ag muintir na h-Éireann ar na cathannaibh a tugadh chun a saoir-seachta do bhaint amach, ní h-é an saoirseacht a bhéas i ndán dóibh, acht sclábhuidheacht ⁊ daoracht níos géire ná a bhfuilid ‘na luighe faoi indiu. Acht ní bréag é go bhfuil cathanna na h-Éireann agus sean-saighdiúrí na h-Éireann beagnach imthigthe glan as smaointhibh na ndaoine tá indiu ann. Ní gan chúir go bhfuil an sgéal mar sin aca. Ó ceann ceann na bliadhna ní cloiseann riad focal ar chath a tugadh i n-Éireann, nó taobh amuigh di le n-aghaidh a leasa, ⁊ ní chluintear focal acht chomh beag ar laoch nó saighdiúr nó geinséal do cheap buille do thabhairt ar son na tíre. Caithimid-ne críoch do chur ar sin; muna ndéanaimid, chá bhfuil na daoine eile le fághail a dhéunfas é?

Má’s saoirseacht tá ‘r ár n-aignibh againn, tá fhios againn nach gheobhfaimid i acht tré fuil agus tré dian-troid. Ná dallaimís ár súile do’n fhírinne! Tiocfaidh maidin an chogaidh ⁊ cá mbeidhmid ansin, agus cá bheidh ár raighdiúrí agus ár ngleustachan? Ní bheidh ceachtar aca ann muna n-ullmhochamuid an tslighe dóibh; ⁊ ‘ré an t-aon rud is cóir dúinn chuige sin ná oideachas. Ni’l an t-oideachas sin le tabhairt d’ár mbuacaillibh ⁊ d’ár fearaibh óga ag na scoilleanaibh agus na h-oillrcoilleanaibh ‘ran tír seo; acht is féidir dúinne a chreideas i dtroid cun na creide an múineadh a dheunamh. Tá a lán fear ‘nar measg agus bláth an éoluis aca ar chogadh-stair na tíre; tá a n-obair ag feitheamh orra ór comhair a súile, indiu féin. Ná cuiridís go h-ath lá an obair sin. Chailleamar an iomarca aimsire roimhe seo, ⁊ níl aon dream eile daoine gur cóir dóibh brostughadh ná sinne. Labhraimír d’ar fearaibh óga agus d’ár mbuachaillibh ar raigdiúiribh na h-Éireann. Léighimír leichtiúireacha ⁊ sgríobhaimís aistí ar ghníomharthaibh ⁊ ar smaointibh na bhfear sin. Is iomdha óg-fhear a bhéas an bhuidheach dúinn as an saothar sin. Táisbéanaimis do na buachaillibh óga gur mhair saighdíurí tréana cliste i n-Éireann, lá, agus ní bhaoghal ná go mairfidh siad in ár measg arís.