Saoirseacht na h-Éireann, Márta 1911.

Fonn: ‘A Nation Once Again.’

I.

Is minic ġuiḋeas nuair ḃíos go h-óg
Go ḃfeicfinn Gaeḋil in uaċtar,
As go ḃfeicfinn réim as séan as sóġ
Ar Éirinn aoiḃinn uasail
Is minic ġuiḋeas le Riġ na Naoṁ
Ná sgarfaḋ liom mo ḃríg
Go ḃfeicfinn Gaill fá greiḋm ró-ġéar
As Éire ag Gaeḋil arís!

II.

Do ċloisinn fein Foṫ-Gaeḋeal ag náḋ,
Go mbḟearr fanaṁaint i ngéiḃinn;
As ċloisinn Gaeḋil cé léan mar ṫárg,
Ag ráḋ gur ḃreág leo an Béarla;
Aċ maireas slóiġte i ḃfóla ġle
A ṫogfaḋ páirt am ġuiḋe:―
Go ḃfeiceam Gaill ‘s a gcainnt gan réim,
Ar Éire ag Gaeḋil arís!

III.

Ní cainnt gan ġníoṁ ná guiḋe gan ġnó
Do ċuirfiḋ coróinn ar Róisin;
Ní Béarla binn ó ḃuiḋin an ġhleoiḋ,
Do ċuirfiḋ béir ṫar bóċna;
Aċ gnioṁarṫa cróḋa ógraḋ Gaeḋeal
Mar ġniḋeaḋ a sinnsear groiḋe,
Do ċuirfiḋ Gaill gan feiḋm i gcéin
As saorfaiḋ Éire arís!

IV.

An t-é ṫug briġ bár sinnsear áíġ
Ċun Danair cur a hÉirinn
Ní ḋeaġaiḋ d’á ċoṁaċt níor ḟeoiḋ a ċáil
Nior ṫréig Sé fós ár ngaolta;
Ní hé a ṫoil ár dtreiḃ ḃeiṫ tréith,
As cabhrochaidh linn gan mhoill;
As chidhfear Gaill fé ghreidhm ró-ghéar
As Éire ag Gaedhil arís!

V.

Tréigiḋ baois ar bruiġean go mear,
A Gaeḋeala óga as aosta;
Tréigiḋ béasa béar, naċ maiṫ,
As tréigiḋ an teanga Béarla;
Biġiḋ go groiḋe as biġiḋ go tréan,
A ṁuinntear óg mo ċroiḋe,
As ċiḋfear Gaill gan feiḋm gan réim
As Éire ag Gaeḋil arís!

LORGA LIAṪ-ḂÁN.”