A Dhónall óig, má théir thar farraige
beir mé féin leat, is ná déan do dhearmad;
beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh,
is iníon rí Gréige mar chéile leapa agat.

Má théirse anonn tá comhartha agam ort;
tá cúl fionn is dhá shúil ghlasa agat,
dhá chocán déag id chúl buí bachallach,
mar bheadh béal na bó nó rós i ngarraithe.

Is déanach aréir a labhair an gadhar ort,
do labhair an naoscach sa chorraichín doimhin ort
is tú id chaonaí aonair ar fud na gcoillte—
is go rabhair gan chéile go bráth go bhfaighir mé.

Do gheallais domhsa, agus d’inis bréag dom,
go mbeifeá romhamsa ag cró na gcaorach;
do ligeas fead agus trí chéad glaoch chúghat,
is ní bhfuaireas ann ach uan ag méiligh.

Do gheallais domhsa, ní ba dheacair duit,
loingeas óir faoi chrann seoil airgid,
dhá bhaile dhéag de bhailte margaidh
is cúirt bhreá aolta cois taobh na farraige.

Do gheallais domhsa, ní nárbh fhéidir,
go dtabharfá láimhne do chroiceann éisc dom,
go dtabharfá bróga de chroiceann éan dom,
is culaith den tsíoda ba dhaoire in Éirinn.

A Dhónaill óig, b’fhearr duit mise agat
ná bean uasal uaibhreach iomarcach;
do chrúfainn bó agus do dhéanfainn cuigeann duit,
is dá mba chruaidh é, do bhuailfinn buille leat.

Och ochón, agus ní le hocras,
uireasa bídh, dí, ná codlata,
faoi deara domhsa bheith tanaí trochailte,
ach grá fir óig is é bhreoigh go follas mé.

Is moch ar maidin do chonac-sa an t-ógfhear
ar muin chapaill ag gabháil an bóthar;
níor dhruid sé liom is níor chuir ná stró orm,
is ar mo chasadh abhaile dom ’sea do ghoileas mo dhóthain.

Nuair théimse féin go Tobar an Uaignis
suím síos ag déanamh buartha,
nuair chím an saol is nach bhfeicim mo bhuachaill
a raibh scáil an ómair i mbarr a ghruanna.

Siúd é an Domhnach a thugas grá duit,
an Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca,
is mise ar mo ghlúine ag léamh na Páise
’sea bhí mo dhá shúil ag síorthabhairt an ghrá duit.

Dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
inniu ná amárach ná Dé Domhnaigh;
is olc an tráth a thug sí rabhadh dom—
’s é dúnadh an dorais é tar éis na foghla.

Ó a dhe, a mháithrín, tabhair mé féin dó,
is tabhair a bhfuil agat den tsaol go léir dó;
éirigh féin ag iarraidh déirce,
agus ná gabh siar ná aniar im éileamh.

Tá mo chroíse chomh dubh le hairne
nó le gual dubh a bheadh i gceárta,
nó le bonn bróige ar hallaí bána,
is tá lionn dubh mór os cionn mo gháire.

Do bhainis soir díom is do bhainis siar díom,
do bhainis romham is do bhainis im dhiaidh díom,
do bhainis gealach is do bhainis grian díom,
’s is ró-mhór m’eagla gur bhainis Dia díom.