Cad a ḋéanfaimíd feasta gan aḋmad?
tá deireaḋ na gcoillte ar lár,
níl tráċt ar Ċill Ċais ná a teaġlaċ,
‘s ní cluinfar a cling go bráċ.
An áit úd ina gcoṁnuíoḋ an deiġ-ḃean
fuair gradam is meiḋir ṫar ṁnáiḃ,
ḃíoḋ iarlaí a’ tarraing ṫar toinn ann,
‘s an tAifreann doiṁin dá rá.

Is é mo ċreaċ ḟada  ‘s mo léan goirt
do ġeataí breá néata ar lár,
an avenue ġreanta fé ṡaoṫar
‘s gan foscaḋ ar aon taoḃ den walk;
an ċúirt ḃreá ag sileaḋ an ḃraein di
‘s an gasra séiṁ go tláṫ,
is i leaḃar na marḃ a léitear
an tEaspag is Lady Iveagh.

Ní ċluinim fuaim laċan ná gé ann,
ná fiolar ag éaṁ cois cuain,
ná fiú na mbeaċa ċun saoṫair
ṫaḃarfaḋ mil agus céir don tslua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
le haṁarc an lae a ḋul uainn,
ná an ċuaiċín i mbarra na ngéag ann,
ós í ċuirfeaḋ an saol ċun suain.

Nuair a ṫagann na poic fá na sléiḃte,
an gunna lena dtaoḃ is an líon,
féaċann siad anuas le léan
ar an mbaile fuair réim i ngaċ tír;
an ḟaiċe ḃreá aoiḃinn ‘na réabṫaċ
Is gan fascaḋ ar aon taoḃ ón tsín;
Páirc an Phaddock ‘na dairy
mar a mbíoḋ eilit ag déanaṁ scíṫ.

Tá ceo ag titim ar ċraoḃ’ ann
ná glanann le gréin ná lá,
tá smúid ag titim ón spéir ann
‘s a cuid uisce go léir ag trá.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann
aċ cloċa ‘gus maol-ċloċáin,
tá Páirc an Ḟoraois gan ċraoḃ ann,
is d’ imiġ an géim ċun fáin.

Anois mar ḃarr ar gaċ mí-ġreann
ċuaiġ prionsa na nGael ṫar sáil,
anonn le hainnir na míne,
fuair gradam sa ḃFrainc is san Spáinn.
Anois tá a cualaċt dá caoineaḋ
ġeiḃeaḋ airgead buí ‘gus bán,
‘sí ná tógfaḋ seilḃ na ndaoine,
‘sí cara na ḃfíor-ḃoċtán.

Aicim ar Ṁuire is ar Íosa
go dtaga sí arís ċugainn slán,
go mbeiḋ rincí fada  ‘gaḃáil timpeall,
ceol fidil is tínte cnáṁ.
Go dtógtar an baile seo ár sinsear,
Cill Ċais ḃreá, arís go hard,
is go bráċ nó go dtiocfaiḋ an díle
ná feictear é ‘rís ar lár.