Ise: ‘Cé sin ar mo thuama?
nó an buachaill den tír thú?’
Eisean: ‘Dá mbeadh barr do dhá láimh agam
ní scarfainn leat choíche.’
Ise: ‘A áilleáin agus a ansacht
ní ham duitse luí liom—
tá boladh fuar na cré orm,
dath na gréine is na gaoithe.’

Eisean: ‘Tá clog ar mo chroí istigh,
atá líonta le grá duit,
lionndubh taobh thíos de
chomh ciardhubh le hairne.’
Ise: ‘Má bhaineann aon ní duit
is go gcloífeadh an bás tú,
beadsa im shí gaoithe
romhat thíos ar na bánta.’

Eisean: ‘Nuair is dóigh le mo mhuintir
go mbímse ar mo leaba,
ar do thuama a bhím sínte
ó oíche go maidin,
ag cur síos mo chruatain
is ag crua-ghol go daingean,
trí mo chailín ciúin stuama
do luadh liom ’na leanbh.’

Ise: ‘An cuimhin leat an oíche úd
a bhíos-sa agus tusa
ag bun an chrainn droighnigh
is an oíche ag cur cuisne?
Céad moladh le hÍosa
nach ndearnamar an milleadh
is go bhfuil mo choróin mhaighdeannais
’na crann soillse os mo choinne.’

Eisean: ‘Tá na sagairt is na bráithre
gach lá liom i bhfearg
de chionn a bheith i ngrá leat,
a Mháire, is tú marbh.
Dhéanfainn foscadh ar an ngaoith duit
is díon duit ón bhfearthainn,
agus cumha géar mo chroí-se
tú a bheith thíos ins an talamh.

‘Tabhair do mhallacht dod mháithrín
is áirighse t’athair,
is a maireann ded ghaolta
go léireach ’na seasamh,
nár lig dom tú a phósadh
is tú beo agam id bheatha,
is ná hiarrfainn mar spré leat
ach mo léintín a ghealadh.’