An eol díḃ na fir do ṡeas go dian
I n-aġaiḋ eagcór’ agus nirt,
Na fir do ḋoirt a ḃfuil go fial
Ċum saorfeaċta agus cirt?
Ṡaor-ḋaoine! tóg ḃur mbrát ar áirde!
Go raiḃ glóir air do sior,
Naċ cuiṁin liḃ go ḃfág ar n-áiṫre
Duinn fein tír treun ’gus saor.
Tír treun ’gus saor,
Tír treun ’gus saor,
’Sé so ar dtír, is treun is saor.
An eol díḃ an talaṁ garḃ, lom—
Is áluinn, geal, linn í—
’Na ndeunann Nadúir stór ar son
Na ḃfear le neart a’s croiḋe?
Ṡaor-ḋaoine! molaiḋ laoiċ go huibe
Le curfa binn ’san aer,
Pé’n áit ’na sgaoilimid ar bpiléir
’Sé sin ar nduṫċas féin.
Ar nduṫċas féin,
Ar nduṫċas féin,
Is linn—sé sin ar nduṫċas féin.
An eol díḃ an tír ró-óg agus lag
I measg na dtír an tsaoġail,
A saorseaċt, lá aṁain, do ġaḃ,
Ó ġreim an tSacsanaiġ.
Ṡaor-ḋaoine! tóg ḃur láṁ go fláiṫeas—
Do’n Ċeart taḃraigiḋ ḃur mbriaṫar.
Glóir do Ḋia, moltar a ṁaiṫeas,
Coiṁeudfaiḋ Sé ar dtír.
Moltar ar nDia,
Moltar ar nDia,
Mol Dia—coiṁeudiḋ Sé ar dtír.