I nEaċḋruim an áir atáid ’na gcoṁnuiḋe,
Taise na gcnáṁ ar lár gan ċóṁraiḋ,
Ḃeir greadaḋ na láṁ ag mnáiḃ na Fódla,
Na leinḃ gan áird ’s na gárṫa ag deoraiḋiḃ,
Tuilte ós árd gaċ tráṫ de ḋeoraiḃ,
’S a ṫulaiġ, naċ náir duit bás an leoġain-se
Le gur goineaḋ do ḋáil ’s do ṗáirt-se leó-san
D’ḟolannaiḃ árda ó ḃárr na hEorpa
Na curaḋna ab’ áille, ’s ní áirṁiġim slóiġte,
’S a ċnuic naċar ṫárrṫuiġ do ċáirde an ló sin,
Is mairg atá dod ċátuġaḋ i gcoṁnuiḋe.
Ní mar sin buḋ ġnáṫ (don gClár-sa Cóḃṫaiġ,
Gan seanaḋ, gan ṗáirt) do ḃráiṫriḃ cróḋa
Aċt ag beaṫuġaḋ na náṁad ’s ag básuġaḋ coṁarsainn,
Clann Ċalḃín is Ṁáirtin lán do ṫórṫaiḃ
’S na treaḃanna d’ḟás ón Spáinn ar fógraḋ,
Slioċt Galaiṁ dá gcráḋ, ṁic Braṫa, ṁic Breógain,
Gan sonas, gan áġ, gan áird, gan ḟoġnaṁ;
Síol Éiḃir an áiġ, a ṫug bárr le fóġluim
Ar sinnsireaċt ċáiċ, ar áille, ar eolus;
Slioċt Íre do ṡásuiġ ’s do ṡlánuiġ na ceolta,
Sgiaṫ ḋídean na ndáṁ i ngaċ gáḃaḋ ar ḋócaṁal,
’S do ṡíneaḋ ar sáile go háitiḃ an ċoṁraic
Do ḋíbirt na n-aiṫeaċ ’s ag básuġaḋ na ḃfóṁor;
Is Síol Éireaṁoin áḋṁair, an t-árdṁac dob’ óige,
Sé ríġte do ḃláṫ an ḟir-se i státa na coróna
Ó Ṁíliḋ Easpáinne go bás an Ríoġ Doṁnaill;
Seaċt ḃfiċid agus ḋá ċeaṫrar, ní áirṁiġim rí cóigiḋ.
Atá ‘ḟiaḋnaise ar faġáil i Leaḃar Árdṁaċ’ na ndoṁnaċ
Gur don líne-se táirngeaḋ fuil árd-ḋearg Ṡóṁairle,
An ríoġraiḋ as clár oċta d’árdḟlaiṫ Ṁic Doṁnaill,
Is ón ríoġ-Ċolla do ṡnáṁfaḋ gan ḃáṫaḋ tair bóċna
Do ṁíleaḋnaiḃ ba dána ċum págánaiġ do ró-luit.
Cár ḃ’ iongnaḋ an té ṫáinig ón aṫair-se ḃeiṫ cróḋa,
’S gurab faoi sin do ġáireaḋ an Lia Fáil mar buḋ ċóir di
Ag fíoruġaḋ na fáiḋeaċta ḃí i dtáirngire ḋó-san
Go líonfaḋ ina ġráḋ-san gaċ caṫair is gaċ cóigeaḋ?
Ní hé an laoċ mear-sa ċráḋ bosa mná deasa Fódla
Aċt an saoiṫ-ċóirnneil sásta ċuirfeaḋ an márcṡluaġ i n-órduġaḋ,
A ċuir bioḋḃa as a n-áitiḃ ’s a ġárdaí dá dtreóruġaḋ
Ar son ioḋbairt na páise agus ḟásgaḋ na gcórdaí
Agus maol-sgaiṫ na dtáirngí ċuaiḋ i láṁaiḃ an Ċóiṁḋe,
An Críosta do ṡlánuiġ síol Áḋaiṁ as gaċ dócaṁal,
Is Ṗítir do básuiġeaḋ i n-árus na Róṁa,
’S na bpianta fuair Párṫalán sé rásuirí dá ródaḋ
(’S gaċ naoṁ eile ar táirngeaḋ le rácaíḃ a gcuid feóla)
Ar aon ċreideaṁ Ṗádraig ag gráḋ Ṁic na hÓiġe.
Le fírinne dár náisiun ’s ar ṡásaṁ na córa
Ċuaiḋ an laoċ-sa ’s a ġárdaí coṁ dána le leoṁan
Le dísle tre ḋásaċt i bpáirt a luċt eoluis
I n-aġaiḋ iorġail na náṁad an lá sin dá leónaḋ
Nó gur briseaḋ ar an dá ṗártaiġ dob’ ḟeárr ins na slóġaiḃ
Is le faoḃar tré náire fó sgánnraḋ na gcóigeaḋ
Ċuaiḋ tríd an treas pártaiġ dá n-árd-ġreaḋaiḃ óga,
Mar Ṡamson re págánaiġ nó mar Ḋáiḃí le Gólias,
Mar Rolandus áġṁar nó mar Ráġnall Dún Tóbain,
Mar Ċúċulainn san Táin-se ar árd-ġoil na cróḋaċt’,
Mar ċlú Ċonaill Ċearnaiġ fán mbás sin dá ṫóraiḋeaċt,
Mar Aircilius an lá do ṫuit faṫaiġ na Cremóna,
San Eadáille do sáruiġeaḋ Cing Cácus fán mbólaċt,
Mar ṫriúr mac Priámus, Hector, Páris is Tróilus
Is mar sin do ḃí bárr treise ar an láiṁ ḋeis ag an Ċóirnneil
Nó gur briseaḋ ar an náisiun ’s gur ḟágsad a bpórtaí,
Cé gur ḃ’ḟurus dó ṫeaċt slán tar éis báire nó ḋó ċur,
Dá dtillfeaḋ mar ċáċ eile le gárdaíḃ na n-óig-eaċ
’S gan fuireaċ ag cárnaḋ na Gálltaċt’ san gcóṁrac
Is le líonṁaire na láṁ-sa, mo ċráḋ! gur ṫuit Sóṁairle
’S gaċ aon dá raiḃ a ṗáirt leis san ár sin Dia Dóṁnaiġ.
’Sé mo ċian-sa mar fáigeaḋ do ḃán-ċneas gan ċóṁraiḋ
Gan na mílte do ḃráiṫriḃ ḃeiṫ i ngrádaiḃ ḋá ṫórraḋ,
An Príoṁḟáiḋ ó Árdṁaċ’ ’s a lán de na hórdaiḃ,
Gaċ diaḋaire dob’ áirde ’s dob’ ḟeárr ins an eólus
A ḃeiṫ ’guiḋe ar an Áirdríġ atá i bpárrṫas ’na ċoṁnuiḋe
’S ag míniuġaḋ na Páise ag an mbás sin Ṁic Ḋóṁnaill
’S ag cantainn na sálm do rinne Dáiḃí don Ċóiṁḋe;
Feaḋ míosa ’gus ráiṫċe gaċ áit ins na cóigíḃ
Ḃeiṫ líonta ins na sráidiḃ le tápair ’s le tóirsíḃ,
Gaċ grianán ’s gaċ teámpall ar ḃárr-lasair lóċrann,
Is fíontaiḃ na Spáinne le fánaiḋ dá ndórtaḋ,
Gaċ ríogain ’s a bán-ḃosa cráḋ-ġreadṫa i gcoṁnuiḋe
Gan díosg ar a stán-ruisg ’s a dtláṫ-ḟolt gan ċóruġaḋ,
Ná tíorṫa ’sna gárṫa ’s gan dáil ċosga ó ḋeóraiḃ
Ó Aontruim go hÁrdṁaċ’ ’s go hÁrainn Ṁic Ḋoṁnaill,
Ó Íle go Cáirlinn ’s go bárr Breaġ is Bóinne
Ṫart timċioll an Ċláir ’s go Bláirnne Ṫoiġe Ċórmaic
Ag caoineaḋ ar mearḃall um an dearg-ḟuil-se ’ḋórtaḋ.
Fán míliḋ armaċ ainmneaċ eolġaċ
Ḋéid-ġeal ḋealḃaċ ṁeanmnaċ ṫreoraċ
Ṫréiġṫeaċ ċarṫannaċ ṁarṫannaċ ṁórḋa
Ġaolṁar ċaiṫréimeaċ acṁuinneaċ ḃeoḋa
Ġris-ḋearg ḋaṫannaċ ar aisde na rósa.
An féinniḋ flaiṫeaṁail gaisgeaṁail cróḋa
Éaċtaċ ar faiṫċe le gaiṫíḃ dá leonaḋ,
Méineaṁail taitneaṁaċ taiseaṁail le deoraiḋiḃ,
Ciallṁar sgolórḋa i dtógḃáil na hEorpa.
An fiaḋaiġe fearanntaċ ealaḋnaċ ceolṁar,
Fiafruiġṫeaċ fiosaċ ar ḃiseaċ a ṡlóiġte.
Triaṫ na mbrataċ ’s a ndeataċ ar n-óruġaḋ.
Sgiaṫ na macnaiḋe ag tanuġaḋ luċt geoine.
Curaiḋ gan ċreaṫnuġaḋ ag deaḃaḋ re leoṁain.
Tiġearna le’r cleaċtaḋ gaċ talaṁ as óige.
Iarla na mara naċar ḃ’annaṁ ar bóċna,
Fialṁar fuireaċair fuilteaċ le hórduġaḋ
I ngleó buḋ driṫleaċ i ngoileaċ an ċoṁraic
Ag iarraiḋ furtaċt don ċineál sin Ḃreógain.
Buḋ ṁian leis téxa na n-easbal do ċóṁdaċ,
Gáir na heaglaise i n-eagna na Róṁa,
Gáir na sagart ag tagra san gcóraiġ,
Gáir na n-aifreann ’s a ḃfreagra as na leaḃraiḃ,
Gáir na ḃfileaḋ ’s gan coigilt ar ċórnaiḃ,
Gáir re greaḋaiḃ ar ṁaġaiḃ dá seólaḋ,
Gáir ag gaisgeaḋ ag leasuġaḋ na n-óig-eaċ,
Gáir na ngaḋar i meaḋair ċum spórta
I lár an ḟeaḋa ’s an ḟeaḋain dá dtreoruġaḋ,
Na gárṫa soluis fá ḋorus an lóngṗuirt,
Gáir na sgolta san mbaile dá gcoṁgar,
Gáir na n-ollaṁ ’s é ag bronnaḋ an óir ḋáiḃ,
Gáir ċláirseaċ ar ḟeaḃas le meaḃair ’s le meoraiḃ,
Is báird gan codlaḋ ag laḃairt-ċur leo-san,
Cearrḃaiġ ġaḃṫa ré toġaḋ fear fóirnne,
Na gárrṫa cogaiḋ ag cosnaḋ na leóṁantaċ,
Na gárrṫa clogad ag sgoilteaḋ na n-ór-lann,
Gáir na gcaiṫṁíleaḋ ag lasaḋ na cróḋaċt’,
Gáir na seacaiḋ ’s a leaṫċaoinniḃ deontaċ,
Gáir na ḃfaigíní is astar na gcóistí,
Gáir an ṁarcṡluaiġ ag teaċtaḋ na mbóiṫrí,
Gáir na macnaiḋe le raḃairt na hóige,
Bandáil ar hallaíḃ le breacaḋ na srólta
Ag tarraing gaċ ealtan i mbrataiḃ ar n-óraḋ,
An seaḃac ’s an eala, an torc alla ’s an dreólán,
An doḃarċú daiṫte, an ṁuc ṁara ’s an rónaċ,
Is leaḃar-ċruiḃ ġeala dá ngearraḋ san gcló sin.
Aċt a ḃaintiġearna Anna, glac cara na hÓiġe
Naċar ḃris aiṫne dar ċeangail an Ċóiṁḋe,
An ríogain is beannuiġ’e do leanas deḃóision,
A ġéag don aḃaill ar a ngaḃṫaiḋe na tórrṫa,
A ṗéarla do fearaḋ do raṫ na liag lóġṁar,
An réalt a raċas go flaiṫeas ċum glóire,
A ġéis an ċalaiḋ, dean aiṫris ar Ióba,
Taḃair foiġid i n-a ḃfacais, cé deacair a ḋeónaḋ,
Sir Séamus is Alasdrann de ṡleaċtaiḃ Ṁeic Ḋoṁnaill
Oiḋrí na dtalta ó Ḋún Breatan go bóċna;
Leaṫ Alban baḋ ceart dóiḃ is baile tré ċróḋaċt
Do na tréinḟir ṫapaiḋ do aicme na leoṁan-sa,
Aċt ’sé an t-éag an ġleacaiḋ ḃris asna na Fódla,
Do ṫréad-ġoin i dtreasgairt a Ṁadam .i. Soṁairle.
Buḋ gaolṁar don mac-sa na flaiṫe don ṁór-ḟuil,
Ó Briain do ṫreaḃaiḃ ’s do ṡleaċtaiḃ Ḃriain Ḃórṁa,
Rí le’r sgabaḋ sluaġ Loċlann as órduġaḋ,
’S Mac Cárrṫaiġ an ḟortúin naċ locaḋ san gcoṁrac,
Iarla Ċorcaiġe ’s na bport a ċois bóċna,
Prionnsa na gcuraḋ ġaḃ urraim ar ṡlóiġtiḃ,
Mac Aonġusa an Ṁullaiġ na n-ollaṁ ’s na n-óirfid,
Cumairce is cumaoin na ḃfileaḋ ’n-am dócaṁail,
Craoḃ an oiniġ ċum cuidiġ’e le deoraiḋiḃ,
Is crann ós fioḋaiḃ ċum cumais Ó Mórḋa,
Iarlaiḋeaċt Laoiġise is tuilleaḋ níor leor dóiḃ,
Ó Fearġail do ġoirṫí fá ċion insa Móta,
Iarla na n-imeall tart timċeall sa Lóngṗort,
Is Síol Néill Ḟrasaiġ dá sileaḋ na tórṫa,
Na trí ċeaṫa ċuireaḋ tré ġuiḋe na glóire,
Do ṫoiliḋeaċt Ríoġ Neiṁe ’s na haingil dá ḋeónaḋ,
Naċar fríoṫ le fine san gcruinne aċt slioċt Eoġain.
Ní hí an iarlaiḋeaċt buḋ cuiḃe leo, dob’ uirísioll dóiḃ í,
Aċt na ríoġ-ḟlaiṫe ós ríġṫiḃ, gan traoiṫeaḋ, don tsrón-sin,
Is Clann Aoḋa Buiḋe an oiniġ do ċineaḋ na leoṁan-so
Ġaḃ iarlaiḋeaċt ġoile ċois tuinne tré ċróḋaċt,
Is iarla ċleaċt molaḋ ’s gan ġoraḋ Ó Doṁnaill,
Rí do ṡlioċt Ċonaill do ḃí ar aon turus le hEoġan,
Is Ó hAnluain na flaṫa, bile raṫṁar, rí Óirċear,
Ó Colla an dá ṫalta ċuirfeaḋ caṫ ann gaċ cóigeaḋ,
Mag Maṫġaṁna is Mag Uiḋir ar an tslioċt so don ṁór-ḟuil,
Rí Oirġiall go Doire ’s go himeall na Bóinne.
Ní’l rí dár geineaḋ ó Ḃile ṁac Breoġain,
Prionnsa nó curaiḋ dár hoileaḋ re fóġnaṁ,
Iarla nó marcuis gan teaċt ar milórda
Naċ raiḃ a ḟuil raċtṁar ar lasaḋ fá Ṡoṁairle.
Atá cuid dod ḃraṫaiḃ gan aiṫris ’mo ḋeoiḋ-se,
Iarla Ċill Dara, Mac Gearailt nár leonaḋ,
Is, dá n-abrainn, tuilleaḋ―tá an iomad gan ċoṁaireaṁ,
Is gan braon ’na dtimċeall aċt sileaḋ na coróna.
Is mairg le’r cleaċtaḋ an macaoṁ is óige,
’S naċ ḃfuiġeaḋ ann aṫtuirse, fasgaḋ mar gcoṁnuiġeann,
Le súgaiġe, le tapaḋ, le gaisge, le heolus,
Le lúṫ, le pearsain, ’s le frasaiḃ na rósa,
Le dúbluġaḋ gaċ aitís i dteangaíḃ na hEorpa,
Is cnuas-ṁil na mbeaċ ar gaċ focal dá laḃra.
Ar a ṡiuḃaltaiḃ go Saxain, go Pairis, go Pólán,
Go Ḃiana ’s go Madrid is ṫart ċum na Róṁa,
’San Almáinne i gcaṫaiḃ dá ġlacaḋ re foġluim,
Go Flánndras ag teaċt dó ’s go barc-ċuan na Fódla
Nó go dtáinig go hEaċḋruim ċum casgarṫa an Doṁnaiġ,
Cé gurb iomḋa triaṫ ṫapaiḋ ḃí in’ aice san ló-sin
A fágḃaḋ gan leaċta, gan ḟearta, gan tórraṁ,
Ar son an dalta ḃí i mbrataiḃ na hÓiġe
’S ag cosnaṁ Ríoġ Saxan ar loċtaiḃ na Coṁairle.
Aċt a ṁná uaisle atá greadṫaiġ fán leagaḋ sin Ṡoṁairle,
Stadaiḋ ḃur mbosa agus coisgiḋ ḃur ndeóra,
Ó naċ ḃfuiġṫear aisioc, mar ṁeasaim, san leoṁan-so,
Aċt beannaċt do ċur leis-sean atá ar ḋeiseaḃar na glóire:
Beannaċt na hEaglaise is ċonfeasóir na Róṁa,
Beannaċt a maireann dár gcreideaṁ le Soṁairle,
Go caṫair na n-easbal dá leasuġaḋ ċum glóire.
Aṁrán
Aois Ṁic na hÓiġe ó ṫuirling a ċeannaċ Ṡíol Áḋaiṁ
’Réir Ṁarcuis is Eoin le’r seolaḋ an sgrioptúr do ċáċ,
Oċt gcéad faoi ḋó, le nóċad, is bliaḋain d’ḟearras bárr
Go bás Ṡoṁairle Ṁic Ḋoṁnaill i n-Eaċḋruim an áir.
I n-Eaċḋruim an áir atáid ’na gcoṁnuiḋe.