’níon álainn Ċuinn Uí Néill
is fada do ṡuan tar éis an áir;
’s naċ cluin uaisle do ċine féin
tú ’ċaoineaḋ do spré tar éis a ḃáis!

Ceiliúr an éin ḃí lúfar inné
ṫeastaiġ uait, a ḟaoileann ḃán,
ċa ḃí tubaist mura mbí spré
’s déan-sa foiġid ó ġreadaḋ láṁ.

Ó ġreadaḋ láṁ is ó ṡileaḋ rosc
glac-se tost, a ḟaoileann úr,
a ’níon álainn Ċuinn Uí Néill,
fá ḃás an éin ná fliuċ do ṡúil.

An tAṁrán

A ḟaoileann d’ḟás ó ard-ḟuil Ulaḋ na Rí,
fuiriġ mar tá, is fearr é ná imeaċt le baois,
fá d’éan ḃeag dob áille gáir ar imeall na gcraoḃ
ċan ceist duit a ḃás go bráċ is é nite le haol!