A aṫair ró-onóraiġ,

Do ġlacas ḃar litir dá ḃfuilim ró-ḃuiḋeaċ, agus fós ró-lúṫġáireaċ tré n-a ċluinsin go ndeaċaiḋ an Máiġistir Campa Eóġan slán go hÉirinn. Giḋeaḋ, atá ḃar litir ró-aiṫġearr ionnus naċ dtuigim mórán aiste, aċt an t-aon ṗunc sin aṁáin ḃeanas le n-a ḋul go hÉirinn.

Guiḋim siḃ (más éidir liḃ) gaċ minsgéala dá mbeanann le Cúigeaḋ Ulaḋ d’ḟáġḃáil agus a gcur ċugainn agus cia is beó nó is marḃ dá n-uaisliḃ, agus cionnus atá Tír Ċonaill, agus cá hionad i n-ar ḟágaiḃ Eóġan gaċ muinision dá raiḃ leis, óir ní héidir gur ġaḃ tríd Tír Ċonaill ar feaḋ na tíre, má atáid Sacsanaiġ nó Albanaiġ innte; agus mar sin, dar ndóiġ, ní rug a ċuid stóruis ar an tír.

Aċt gibé móḋ ar a dtuigfiḋ siḃ sin, cuiriḋ sgéala ċugainn do ṫaoiḃ mo ṁic Énri. Do ba ṁaiṫ liomsa mé féin agus eisean do ḃeiṫ i nÉirinn dá ḃfáġtaoi gléas iomċuḃaiḋ ḋúinn; agus ní ba fuláir dúinn tuairim míosa nó sé seaċtṁaine do ḃeiṫ d’aimsir againn lé gaċ níḋ do ḃeanfaḋ linn do réiḋiuġaḋ nísa luaiṫe ’ná do ṫriallfamaois. Measaim naċ rigim a leas na neiṫe sin do ṫaoḃaḋ riḃ nísa mó.

I Loḃán, 16 September, 1642. Do ċualaḃair féin, dar ndóiġ, bás Iarla Ṫíre Ċonaill.

Rós Ní Ḋoċartaiġ