Do ceapadh an t-am. Sul a raibh muíntir an rígh imthighthe as an áit do h-innseadh dóibh go raibh an lá ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile d’ innseadar do’n rígh é. Chomáin an rígh teachtaire ar siúbhal láithreach le bronntanas fíona do’n chóisire agus le fáinne do Shadhbh. Dhéin an teachtaire dithineas mhaith. Tháinig sé díreach maidion lae an phósta, agus é tar éis na seachtmhaine thabhairt ar an mbóthar, idir lá agus oídhche nach mór. Bhí capall agus trucail aige agus bhí a dhóithin d’ ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa trucail aige, ciseán breagh mór a bhí déanta de shlataibh loma geala, agus é lán go bara de bhuidéalaibh fíona. Bhí, is dócha, céad dosaon buidéal ann. Mura raibh sé os a chionn ní raibh sé fé n-a bhun. Agus bhí a ndóithin tuíghe stupaithe tímpal na mbuidéal san sul a mbrisfí ad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor osgail an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor osgail go deimhin. Níor ghádh dhó é. Bhí a dhóithin mór bídh agus díghe aige d’á n-éaghmuis. I n-éaghmuis an chiseáin agus na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige. Ní raibh níos lúgha ’ná sé fichid galún fíona sa bhairille sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóithin d’ualach ar an gcapall.

Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a thug an rígh féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta. Bhí cloch uasal sa bhfáinne sin a bhí chómh mór le súil giorfhiadh, ba dhóich leat, agus dhéanfadh an chloch san solus duit sa doircheacht mar a dhéanfadh teine ghealáin. Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an chloch, bhí sí as a meabhair nach mór le h-aiteas agus le mórtais agus le mórdháil.

“Ó! a Dhaid,” ar sise, “feuch air sin!”

“Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmuid. “Dá mbéinn ad’ chás,” ar seisean, “ní h-é gach aoinne go dtaisbeáinfinn an fáinne sin dó. Tá daoine sa tsaoghal, a Shadhbh, a ’nghean ó, agus níor bh’fhiú leó biorán agus anam duine seachas greim a fhághail ar a leithéid sin. Chuirfinn fé ghlas é dá mbéinn ad’ chás.”

“Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar sise. “Tá fáinní mo dhóithin agam d’á éaghmuis.” Agus dhéin sí rud air. Chuir sí isteach airís é sa bhosca bheag i n-a raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a dóithin aici d’á éaghmuis.

Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair cuireadh chun na cóisreach bhíodar ag teacht leis. Tháinig Seághan Ceatach agus a inghean. Tháinig Báb an Leasa agus a muíntir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt driothár, an bheirt rinnceóirí dob’ fhearr a bhí sa dúthaigh. B’ í Nóra féin an rinnceóir mná dob’ fhearr a bhí ann. Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair fhiafruigh duine éigin dé cá raibh an chuid eile d’á chuid féasóige: “Do stath sí féasóg dob’ fhearr ’ná mo chuid féasóige-se,” ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur dhéin. Mura mbéadh gur dhéin bhéadh an sgéal go ain deis againn. Bhéinn-se gan mo bhramach agus bhéidhfeá sa gan do chuid airgid. Is mó an t-airgead a fuarais mar gheall ar an bhféasóig a stath Sadhbh ’ná mar a gheabhthá ar do chapall dá mbéadh sé anois agat.”

“Ach, ní mó,” arsa ’n fear eile. “Ní raibh aon chapall ar an aonach an lá úd dob’ fhearr ’ná é.”

“Déarfainn go mbéadh an ceart ansan agat dá n-airighinn na ceannuightheoirí ’ghá rádh. Ach pé sgéul é ba bheag an mhaith dhuit-se a fheabhas mura mbéadh an gníomh a dhéin Sadhbh.”

“Abair é,” arsa ’n fear eile.

Tháinig an tíncéir mór ann, agus isé a bhí go grianach agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súil-aibigh, go h-ollamh agus go deisbhéalach agus go deagh-labhartha. Níor bhaoghal do’n chuideachtain tocht ná dochma do theacht ar an gcómhrádh agus é láithreach. Ní bhíodh sé choídhche gan rud éigin le rádh aige do spriocfadh suas daoine agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine ag caint, gan aon choinne acu ná gur bh’ iad féin a chuimhnigh ar an gcaint. Ach nuair a fuair sé cúpla deoch maith d’fhíon Spáinneach an rígh ní raibh aon teóra leis. Rud dob’ fhearr ’ná a raibh de dheagh-thréithibh eile ar fad ann, níor bh’ fhéidir fearg do chur air. Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile, bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha.

Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go fadanálach, mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar dian-leathadh. É ag feuchaint uaidh agus gur dhóich leat gur b’ amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saoghal eile. ’Na shuíghe thuas i dteannta an tsagairt agus Sheághain Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó de’n oídhche. Ní labhradh sé puínn uaidh féin, ach nuair a curtí caint air ní baoghal go leigeadh sé a cheart féin le h-aoinne.

Am briathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil.

Cáit.— Ní raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt ar Shadhbh!

Gobnait.— Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún uirthi. Is amhlaidh a bhí cathughadh air nár thug.

Cáit.— Thug sé ainim ba mheasa ’ná é uirthi. Thug sé stiúsaídhe sheanda uirthi. Agus ba dhóbair go ndíoladh sé as.

Peig.— Nuair a tháinig Sadhbh abhaile ó’n gcathair isé céad rud d’inis Pails di ’ná go dtagadh máthair Mhicil agus go gcaitheadh sí an oídhche sa tigh go minic, ag tabhairt aire do’n duine bhreóite an fhaid a bhíodh an bhean fhriotháilte ag cur greas codlata dhi. D’á olcas í Sadhbh do rug san greim ar an gcroídhe aici. Sul a raibh cuireadh fághalta ag aoinne d’imthigh sí siar do shiúbhal a cos go tigh na baintrighe agus dúbhairt sí leis an mbaintrigh go gcaithfeadh sí teacht. “Agus,” ar sise, “mura dtiocfair féin agus Micil chúgainn ní bhéidh aon chóisre i n-aon chor againn. Leigfead orm go bhfuil m’athair ró lag fós. Tá sé buailte isteach am’ aigne, mura mbéadh tusa agus inghean Sheághain Cheataigh gur i n-iúir a bhéadh sé indiu. Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a’ mnáibh friotháilte. Is minic a chuir rógaire acu ath-iompáil ar dhuine bhreóite d’aon ghnó chun lóisdín agus cóir mhaith a choimeád dóibh féin ar feadh tamaill aimsire sa mbreis. An dtiocfair?” ar sise.

“Ambasa féin tiocfad, nídh nach iongnadh,” arsa ’n bhean eile. “Cad a bhéarfadh ná tiocfainn!”

“A’ dtiocfaidh Micil?” arsa Sadhbh.

“Tiocfaidh, ná bíodh eagal ort,” arsa ’n bhaintreach.

Chómh maith do thánadar.

Is ar Dhiarmuid a bhí an iongnadh agus an alltacht nuair a chonaic sé Micil ag déanamh críche agus Sadhbh ag órduchán air agus ag glaodhach as a ainim air. “A Mhicil, déin é seo. A Mhicil, déin é siúd. Tar anso, a Mhicil, agus árduigh é seo am’ theannta,” aici, thoir, thiar, thall.

“Moladh go deó le Dia!” arsa Diarmuid, i n’ aigne féin, “ní fios cad a thiocfaidh as dúinn feasda!” Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuille agus a ndóithin mór bídh agus díghe ann. Dhein Sadhbh agus a h-athair an gnó go neamh-mion, agus go fial agus go fairsing, agus ní baoghal gur tugadh aon fhaillígh i n-aoinne d’á raibh ann. Nuair a bhí an bord leigithe amach ba bhreagh leat feuchaint air. Bórd mór fada leathan dob’ eadh é, ach níor bhórd é, ach dhá bhórd agus iad curtha as a chéile. Thuas ar cheann an bhúird, ar aghaidh an tsagairt amach, bhí píosa mairtfheóla agus bhí sé chómh mór chómh leathan le leath-bhairille. An mhias a bhí fé’n bpíosa feóla san ní raibh aon nídh ba mhó b’ iongnadh leis an dtíncéir mór ’ná conus a choimeádadh sí gan briseadh agus a leithéid sin d’ualach uirthi. Ar an gceann eile de’n bhord, ar aghaidh an tsagairt óig amach, bhí ceathramhadh chaoirfheólach gur ’mó ceathramhadh mhairt ná béadh chómh mór léi. Ar gach taobh de’n bhórd, síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag brúth ar a chéile agus an uile shaghas feóla ortha, idir bhagún, agus feóil uain, agus laoíghfheoil, agus lachain, agus géana, agus mionáin gabhar, agus giorfhithe, agus cearca fraoígh, agus naosgaigh, agus sicíní cearc.

Ceathrar agus dachad do shuigh chun buird i n-aonfheacht ann an chéad bhabhta. Do chómhairimh Micil iad. Agus fós is amhlaidh a b’éigean do’n chuideachtain uanuigheacht a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an gcóisre. Fé mar éirigheadh duine shuigheadh duine eile isteach sa n-inead fhágadh sé. Níor bhaoghal, ámhthach, an fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go léir sásta bhí dóithin oiread eile ’na ndiaigh.

D’á mhéid daoine a bhí ar an gcóisre sin an oídhche sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon smaoineamh amháin acu go léir ’na n-aigne. Bhí an smaoineamh san go glan agus go soiléir ’na n-aigne acu. D’á fheabhas a bhí an biadh agus an deoch agus d’á mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an díghe, agus d’á mhéid caitheamh aimsire agus gleó a bhí ar siúbhal, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh a’s nár labhair aoinne acu oiread agus smiog amach as a bhéal mar gheall air, le h-aoinne eile acu. B’ é smaoineamh é ’ná a luíghead coinne a bhí ag aoinne d’á raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí d’á ndéanamh i gcaitheamh na h-aimsire roimhe sin, agus tar éis na ráflaí go léir a bhí ar siúbhal, i dtaobh Shéadna, agus Mháire Ghearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb an Leasa, gur bh’ é Cormac an Chaincín a bhéadh d’á phósadh acu sa deire! Bhí a n-aigne lán dé, lán dé, lán dé. Ach geallaim dhuit nach baoghal gur leig aoinne amach aon bhlúire dhé.

Is ag cuimhneamh air sin a bhí Micil nuair iar duine éigin sgian air agus thug sé pláta bagúin chuige. Is ag cuimhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair a dúbhairt sí “nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun tuille feóla d’fhághail. Is ag cuimhneamh air a bhí Nóra an Tóchair nuair fhiafruigh duine éigin di an líonfadh sé glaine fíona chuici agus a dúbhairt sí “Cá bh’ fios dómh-sa san?” i dtreó gur sgeart a raibh láithreach ar gháirídhe. Is dócha gur ag cuimhneamh air a bhí Máire Ghearra féin nuair fhiafruigh sí d’ fhear an bhramaigh “an mór a fuair sé ar a chapall lá an aonaigh.”

Bhí aoinne amháin sa chuideachtain, ámhthach, nár chuimhnigh, olc maith ’ná donaídhe, ar an smaoineamh san i gcaitheamh na h-oídhche. B’ é duine é sin ’ná Cormac féin. Ní raibh aon phioc d’á chuimhneamh aige go raibh a leithéid sin de smaoineamh i n-aigne aon duine a bhí láithreach.

Bhí bacaigh agus lucht siúbhail ón uile thaobh de’n dúthaigh cruinnighthe amuich ar an mbóthar agus mór-thímpal an tighe, agus nídh nár bh’ iongnadh, b’ fhada gur féadadh feuchaint ’na ndiaigh agus rud le n-ithe agus le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céadna úd ’na n-aigne acu-san leis. Choimeádadar istigh é go dtí go ndéigh an ríghneas i bhfaid agus gur neartuigh an t-ocras agus tart an fhíona ortha. Ansan do bhris ar an bhfoidhne acu. Chromadar ar an sgéal a chíoradh agus ba mhaith chuige iad. Ar ball, ámhthach, nuair a tháinig an biadh agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an biadh agus an deoch go maith agus go buacach agus go bríoghmhar agus go deagh-bhlasta, níor leigeadar ortha gur thráchtadar riamh ar an méid úd— na bitheamhnaigh!

Bhí sé ag druidim amach sa n-oídhche. Bhí a ndóithin ithte agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht na gcos mbriste agus na cúl-chainte amuich. D’ fheuch an sagart ar Dhiarmuid. D’ fheuch Diarmuid ar Shadhbh. D’ fheuch Sadhbh ar Chormac. D’ fheuch Cormac ’na thímpal. D’ eirigh an chuideachta ’na seasamh. D’ imthigh Sadhbh amach. D’ fhill sí láithreach airís agus an clóca dearg uirthi, agus gur dhóich leat gur choinnle ar lasadh na siogairlíní óir a bhí ar an gcába.

Ansan do chuaidh an lánmha suas i láthair an tsagairt agus do pósadh iad.

Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na h-Eaglaise léighte ortha do rug Seághan Ceatach ar phláta ghlan agus chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air. Mar sin dóibh sa tímpal. Ní raibh aoinne nár chuir suím éigin airgid air. Nuair a bhí siúbhalta ortha go léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi féin air. “Am briathar, a Athair,” arsa ’n tíncéir mór, “gur dóich liom gur maith an bhail ar t’onóir nach i mBaile-’bhfad-síos a déineadh an pósadh so.”

“Am briathar, a Phádraig, gur dóich liom féin leis é,” arsa ’n sagart, “agus nach lúgha ’ná is maith an bhail ar a bhfuil anso anocht é. Agus is dóich liom leis gur b’ é is lúgha is gann dúinn go léir, a iaraidh ar Dhia na Glóire, moladh go deó leis! saoghal fada fé shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus má’s maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaoghail gura’ seacht fearr a bhéidh siad bliaghain ó ’nocht, agus mura fearr nára’ measa! Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta, a Dhiarmuid!”

“Amen, a Thighearna!” arsa ’n chuideachta go léir, airís agus airís eile.

An fhaid a bhí an t-“amen” san ar siúbhal do shleamhnuigh an lánmha pósta amach. Bhí an dá chapall agus an cóiste gabhtha ar aghaidh an doruis amach agus an giolla thuas i n-a inead féin. Chonaic na bacaigh an cóiste agus bhailigheadar ’na thímpal. Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d’iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus an únfairt a chéile do ghluais an cóiste. Nuair a fuair na bacaigh ag gluaiseacht é chuireadar liúgh fhiaigh asta. Liúgh árd dob’ eadh í. Liúgh chuthaigh, bhríoghmhar, a chuirfeadh píoparnach ad’ chluasaibh. Ach, ó’n oídhche sin go dtí an oídhche atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart cé ’cu ba liúgh mhagaidh nó liúgh mholta an liúgh.

Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh cé ’cu. Ní fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a rádh feasda gur pósadh í gan spré. Má ba liúgh mhagaidh an liúgh níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin má b’ aon tsásamh aigne leó é. Má ba liúgh mholta í b’ é sin an moladh i n-aisge. Ní raibh de thoradh aici ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh Chormaic, níor chuimhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa sgéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríríbh. Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor fhan a thuille cuimhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh ná ar mholadh.

Bhí Cormac sásta i n-a aigne. Bhí a fhios aige, as an ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoin a bhí curtha aici ar an rígh nár bhaoghal ná go bhfaghadh a fear muíntearthas agus fabhar ó’n rígh. Bhí Sadhbh sásta ’n-a h-aigne. Fé dheire thiar thall ba chuma léi cad iad na cleamhnaistí a brisfí ’ná a slánóchfí. “Fear stuacach dob’ eadh é, ach má b’ eadh féin,” dar léi, “cad a bhí le déanamh ach a shlígh féin a thabhairt dó! Bhéadh an donas air nó shásóch’ san é.” Bhí Diarmuid Liath sásta i n’ aigne. Agus aige féin dob’ fhearr a fhios cad ’na thaobh. Bhí na cómharsain go léir ana shásta ’na n-aigne. Is dócha go raibh a fhios cad ’na thaobh acu-san leis.

Nuair a bhí Sadhbh ag imtheacht thug sí na h-eochracha do Dhiarmuid. Ach má thug ní ró mhór an t-olmhaitheas d’fhág sí fé choimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaoidh sí i leith taoibh ar mháthair Mhicil.

“Bhéadh sé chómh maith agat-sa fanmhaint anso,” ar sise, “agus aire thabhairt do’n áit seo. D’ fhéadfadh Micil aire thabhairt do’n tsiopa agus an leathar a dhíol. Tá an duine bocht so ró aosda. Pé uair is toil le Dia glaodhach air chun siúbhail ní bheidh aoinne chun teacht idir thú agus seilbh an tíghe seo. Tá a fhios agam nach baoghal go ndéanfair éagcóir ar m’athair. Pé faid a mhairfidh sé coimeádfad-sa suas é. Pé airgead a dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag Micil. An nglacfair an áit?”

“Dhe, glacfad dar nóin,” arsa ’n bhaintreach. “Seadh, a’ nglacfad! Andaigh is greannmhar san dé! Ní h-eadh,” ar sise, “ach tógfad an áit agus déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár. Tá sí ag fágáilt an tíghe ’na bhfuil sí. Agus ansan, dá ráineóch’ go n-oirfeadh dhuit-se an tigh seo d’fhághail thar n-ais féadfad-sa mo thigh féin d’ fhághail thar n-ais ar an gcuma gcéadna.”

“Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin raint airgid agat a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chúgat tuille.”

Ar Mhicil a bhí an iongnadh ar ball nuair a dúbhairt a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid éadaigh féin, a thabhairt leis ainiar agus an glas a chur ar an ndorus ’na dhiaigh mar ná béidís ag dul abhaile i n-aon chor.

“Cad ’tá ag eiríghe dhuit, a mháthair?” arsa Micil, “nó cad ’na thaobh ná béimíd ag dul abhaile? Dar ndó, ní h-amhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn. Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.”

“Ní’l, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná aoinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus d’inis sí dhó an socarughadh a dhéin Sadhbh.

D’fheuch Micil ’na thímpal. “Agus an linn féin an tigh seo feasda?” ar seisean.

“Iseadh, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire mhaith a thabhairt do Dhiarmuid.”

D’fheuch sé ’na thímpal airís. “Is breagh mór fairsing an tigh é,” ar seisean. “Is beag d’á chuimhneamh a bhí agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cómhnuighthe ann! Cad é mar athrughadh sa tsaoghal!” “Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus feuch i ndiaigh na ndaoine, agus ná déintear faillígh i n-aoinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar aoinne i gcaitheamh na h-oídhche. Béid siad go léir ag rinnce láithreach agus cuirfidh an rinnce tart ortha. Feuch ’na ndiaigh, a Mhicil, agus bíodh an deoch agus an biadh acu sul a mbéidh uain acu ar iad d’iaraidh.”

“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.