Peig.—Dé bheatha-sa, a Cháit!
Cáit.—Go mairir-se, a Pheig! Ní deirim ná go bhfuil tosach agam anocht.
Peig.—Ambasa tá, tosach agat ortha go léir ach ar Shíle bheag.
Cáit.—Conus fhéadfainn tosach a bheith agam ar Shíle agus í anso i gcómhnuidhe agat?
Síle.—Béidh tosach ar gach aoinne anois aici ó tá mac óg agá drioshúr.
Peig.—Éist, a thoice. Conus tá Neill, a Cháit?
Cáit.—Tá sí go h‑ana mhaith, a Pheig, agus tá an leanbh go maith leis. Agus ó, go deimhin agus go dearbhtha, a Pheig, isé an leanbh is deise agus is gleóidhte agus is gile a chonaicís riamh ad’ shúilibh cinn é, agus is mise a mháthair.
Peig.—Tusa! Cheapas gur bh’í Neill a mháthair.
Cáit.—Airiú cnoc air mar sgeul! dar ndóigh isí leis. Ach is mise a bhaist é.
Peig.—Aililliú! a Cháit an chroídhe ’stigh, cad ba ghádh san agus gan é ag dul chun báis? Nach raibh an sagart ann?
Cáit.—Ach, go bhfeuchaidh Dia orainn! Cad é sin agam d’á rádh! Dar ndóich, nídh nach iongnadh, isé an sagart a bhaist é, agus mise a sheasaimh chun baistí leis, mé féin agus Séamus. Ach cad a chuir ad’ cheann é bheith ag dul chun báis, a Pheig? Ní’l aon chómharthaí báis air, Dia ’ghá bheannachadh! Ná biodh eagal ort.
Peig.—’Sdó, dúbhrais ar dtúis gur tú a mháthair, agus ansan gur tú a bhaist é; agus deir an Teagasg Críosdaidhe ná féadfadh aoinne ach an sagart é bhaisteadh, mura mbéadh sé ag dul chun báis agus gan sagart ann.
Síle.—Ní deirim ná gurb amhlaidh mar atá an sgeul ag Cáit an aimsir seo, ná feadair cos léi cad a dhéanfaidh lámh léi.
Cáit.—Fágaim le h‑uadhacht, a Shíle, go bhfuil an ceart agat. Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom, agus ní fheadar féin cad a dhéanfaidh cos ná lámh liom. Dá bhfeicfeá é, a Shíle, bhéadh árd-chion agat air. Tá oiread-san ceana agam-sa air gur dóigh liom go n‑íosfad é!
Gobnait.—Aililliú, a Cháit, cad é sin agat d’á rádh? Níor mhaith liom go mbéadh puínn ceana agat orm-sa, má’s mar sin a dhéanfá liom é!
Peig.—Dé bheatha-sa, a Ghobnait! An bhfeacaís Nóra ag teacht?
Gobnait.—Tá sí chúgat an doras isteach. Bhí sí ag bagairt orm-sa fanamhaint léi, ach bhí eagla orm go gcaillfinn aon chuid de’n sgeul san Shéadna.
Nóra.—Feuch anois, a Ghobnait, níor bh’fhiú dhuit gan fanamhaint liom.
Peig.—Dé bheatha, a Nóra! Ní gearánta dhuit. Ní rabhais abhfad ’na diaigh. ’Seadh anois, a chailíní, druidigh aníos anso i gcómhgar na teine. Tá an tráthnóna buille beag glas ann féin. Siné! B’fhéidir anois go bhfuilimíd go seasgair.
Gobnait.—Feuch gur maith a shocaruighean Síle í féin i n‑aice Cháit agus gan eagla uirthi go bpriocfaí í!
Síle.—Cogar, a Cháit! Cad é an ainim atá air?
Cáit.—Tá Éamonn.
Peig.—Agus Éamonn a athair. Sidé Éamonn óg—Éamonn óg ua Flainn. Is breagh an ainim í, a Cháit. Molaim thú!
Nóra.—Agus molaim-se Séadna, a Pheig, mar fuair sé an sparán agus cead tarang as. Ach conus do sgar sé leis an réice? Nó ar sgar sé i n‑aon chor leis?
Síle.—Is baoghalach nár sgar sé ar foghnamh leis.
Peig.—Níor sgar sé leis go dtánadar araon go tigh Shéadna. Is ar éigin do bhí aghaidh tabhartha acu ar an mbaile nuair a chonaic Séadna airís an leanbh agus an bríc aráin fé n’ osguil aige, agus bhí sé sa driuch i n‑a bhfeacaidh sé ar dtúis é. D’fheuch sé ar Shéadna go buidheach, agus ansan do sgeinn sé as a radharc.
Ba ghairid dóibh ’na dhiaigh sin go bhfeacaidh Séadna an bhean chos-nochtaithe, agus d’fheuch sise leis air go buidheach, agus d’osgail sí a lámh dheas i gcaoi go bhfeacaidh sé an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan agus ansan do sgeinn sí as a radharc fé mar a dhéin an leanbh.
Fé cheann tamaill eile do chonaic Séadna, ag siúbhal ar an mbóthar roimis amach, an duine bocht gur thug sé an cheud sgilling dó. Bhí drom an duine bhoicht leis, ach mar sin féin d’aithin sé go maith é.
“Ní fheadar,” arsa Séadna ’na aigne féin, “ar choimeád sé an sgilling a thugas dó, fé mar a choimeád an bhean a ceann féin, nó fé mar a choimeád an leanbh an bríc.”
Ní túisge bhí an méid sin machtnaimh déanta aige ’ná d’iompuigh an duine bocht ar a sháil agus thug sé a aghaidh ortha. Do bhí dhá dheóir mhóra ag teacht anuas ó n‑a dhá shúil. Do shín sé amach a dhá láimh agus iad ar leathadh, i dtreó go bhfuair Séadna radharc ar a dhá dhearnan, agus bhíodar araon folamh. Nuair a chonaic Séadna san, thug sé strac-fheuchaint ar an bhFear nDubh, ach má thug, níor chuir seisean aon tsuím ann. Níor leig sé air go bhfeacaidh sé an duine bocht. Nuair d’fheuch Séadna thar n‑ais, bhí an duine bocht imthighthe.
Thiomáineadar leó. Níor labhair aoinne acu focal. Fé dheire bhíodar ag déanamh ar an dtigh. Bhuail duine des na cómharsanaibh úmpa agus bheannuigh sé do Shéadna.
“Dia is Muire dhuit, a Shéadna,” ar seisean. “Nach luath sa lá atáir tagaithe abhaile ó’n sráid, agus tú ad’ aonar leis!”
“Ní raibh puínn le déanamh agam,” ar seisean, agus thug sé strac-fheuchaint eile ar an bhFear nDubh. Níor chuir an Fear Dubh aon tsuím ann, agus ansan do thuig Séadna ná feacaidh an chómharsa é.
Chuadar isteach. Bhí an chathaoir ansúd i n‑aice an tínteáin agus gan cor curtha dhi ó fhág Séadna í ar maidin. Bhí an mhealbhóg ansúd ar crochadh, ar an ndul gcéadna ar a bhfeacaidh sé ar maidin í nuair a bhain sé an dorn déanach mine aisti. D’fheuch an Fear Dubh ortha, ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig. Ansan d’fheuch sé ar Shéadna.
“Aistirigh í sin,” ar seisean.
Chuaidh Séadna anonn agus chuir sé a lámh ar dhrom na cathaoireach.
“Ó,” ar seisean. “Tá sí ceangailte!”
Chuir sé an dá láimh uirthi. Theip air filleadh ná feacadh a bhaint aisti.
“Aililliú,” ar seisean. “Tá sí chómh daingean agus ’tá an chos insa tuairgín!”
“Aistirigh an mhealbhóg,” arsa ’n Fear Dubh.
Chuaidh sé suas agus bhuail sé lámh ar an mealbhóig. Bhí sí chómh ceangailte de thaobh an fhalla agus a bhéadh an chloch ar an lic oidhir.
Do stad Séadna agus chrom sé a cheann.
“’Seadh,” ar seisean. “Táim réidh anois murab ionann a’s riamh. Ní fheadar an tsaoghal ná an domhan le chéile cad ’tá le déanamh agam. Ní fheadar ó Chúig Árdaibh na Naoi bhFionn cad a dhéanfad. D’á fheabhas aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom’ lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inte, agus béidh an dúthaigh ’na chogadh dhearg am’ thímpal! Mairbheóchar ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise!—B’fhéidir, a dhuine uasail, go bhféadfá-sa an easgaine a bhaint díobh?”
“‘B’fhéidir go bhféadfainn an easgaine a bhaint díobh’ tar éis é féin ’ghá cur ortha le lán-chroídhe,” arsa ’n Fear Dubh go searbh. “‘Nach aige bhéadh an spórt ortha!’—Ca bhfuil an spórt anois?”
“Tá an spórt go h‑aindeis anois, admhuighim,” arsa Séadna, “ach má tá féin ní dhuit-se is cóir é chasadh liom. Is dócha nár dhéinis féin botún riamh. Cia h‑í an bhean uasal úd a mhill thú?”
“Stad! stad! a Shéadna! Caithimís uainn é mar bhotún! Bainfead-sa an easgaine dhíobh so dhuit ar choinghíll ná tráchtfair choídhche le h‑aoinne beó ná marbh ar an margadh so atá déanta agat féin agus agam-sa le chéile.”
“Bíodh do choinghíll agat agus fáilte,” arsa Séadna. “Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn orm-sa trácht air le h‑aoinne. Is amhlaidh a bhí eagla orm go mbeidhfeá ag caidiráil le duine éigin mar gheall air. Ach má tá dúil agat sinn araon do choimeád rúin air, táim-se lán-tsásta.”
D’imthigh an Fear Dubh suas agus chrom sé síos i n‑aice na cathaoireach, agus le h‑órdóig a láimhe deise dhéin sé fáinne ar an dtalamh ’na tímpal, agus thug Séadna fé ndeara gur eirigh, as an áit ’nar chimil an órdóg do’n talamh, gal mar ghal teine, agus gur dhéin an órdóg rian ar an dtalamh mar dhéanfadh bior dearg iarainn.
Ansan d’fheuch Séadna uaidh ar an gcrann ubhall agus sgannradh air le h‑eagla go mb’fhéidir go bhfeicfeadh sé garsún ceangailte thuas ann. Chuaidh sé amach, agus an Fear Dubh le n‑a chois. Ní fheacaidh Séadna aon duine sa chrann, ach chonaic sé mar bhéadh eun ar an ngéig ab aoirde. Bhí an t‑eun ag crothadh a sgiathán fé mar a bhéadh sé ag casadh le h‑eiríghe de’n chrann agus ná féadfadh se é. Thánadar i n‑aice an chrainn. D’fheuch Séadna ar an bhFear nDubh. Bhí an Fear Dubh ag feuchaint suas ar an eun.
“Tá sé ceangailte sa chrann, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna.
Níor labhair an Fear Dubh. Chuaidh sé anonn chun an chrainn agus chrom sé síos agus chuir sé órdóg a láimhe deise ar an dtalamh ag bun an chrainn. Ansan do tharaing sé an órdóg fan an tailimh mór-thímpal an chrainn. Chonaic Séadna gal deataighe ag teacht as an dtalamh san áit ’nar bhain an órdóg leis. D’fhan fáinne ruadh ar an bhfeur ag bun an chrainn i ndiaigh na h‑órdóige, fé mar fhanfadh dá mba iaran dearg a taraiceófaí air. D’eirigh an Fear Dubh ’na sheasamh nuair a bhí an méid sin déanta aige. D’fheuch Séadna suas ar bhara an chrainn. Bhí an t‑eun imthighthe. Bhí iongnadh ar Shéadna nár airigh sé ag imtheacht é. Níor airigh sé aon fhothram sgiathán, ach bhí an t‑eun imthighthe.
Chuadar isteach airís ansan. Dhéin an Fear Dubh suas ar an mealbhóig agus dhéin sé fáinne ’na tímpal ar an bhfalla, agus tháinig an gal céadna as an bhfalla, agus d’fhan an rian céadna ’na dhiaigh air. An fhaid a bhí sé ar a chromadh thug Séadna feuchaint ghéar ar an eirball, mar bhí comhthrom aige. Chonaic sé amuich ’na bhárr ionga mhór fhada cham théagartha, agus bior nímhe uirthi, agus í ’ghá síor-chasadh féin anonn ’s anall, anonn ’s anall, mar bhéadh bárr eirbaill cait agus é ag faire ar luich.
“Dar fiadh! a bhioránaigh,” arsa Séadna ’na aigne féin, “má bhíon tochas ort, ní bhéidh díth ingne ort!”
Chómh maith agus dá labharfadh Séadna, thóg an Fear Dubh a cheann agus d’fheuch sé air.
“Seachain an ionga san,” ar seisean, “le h‑eagla go mbainfeadh sí an tochas díot-sa agus go gcuirfeadh sí teinneas i n‑inead an tochais ort. Imthigh suas anois agus aistirigh an chathaoir.”
D’imthigh Séadna suas agus isé a bhí go creathánach. Chuir sé lámh go h‑aicillídhe uirthi, agus má chuir, siúd leis í chómh h‑éasga agus bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh ar an mealbhóig, agus ní túisge a chuir ’ná a choruigh sí anonn ’s anall fan an fhalla. D’fheuch sé ar an bhFear nDubh.
“Ó! a dhuin’ uasail,” ar seisean, “táim ana bhuídheach díot! Ó! Ó! Ó! go mbuaidhidh Dia go h‑árd leat, agus a Mháthair bheannuighthe!”
Oidhe! a dhaoine mh’ áran agus mh’ anama! Chómh luath agus a tháinig an focal san as béal Shéadna, d’athruigh an Fear Dubh. Thóg sé suas a dhá láimh chómh h‑árd leis na h‑adharcaibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do rinnc an chrúb. D’eirigh an t‑eirball, do shín an ionga, agus chuir sé an bhúirth as mar chuirfeadh leómhan buile. Do thosnuigh an bhúirth sin le dranntughadh agus do bhorr agus do neartuigh air gur chrith an t‑úrlár, gur chrith an tigh, gur chrith an sliabh mór-thímpal. Nuair a chonaic Séadna an t‑athrughadh agus nuair a airigh sé fuaim agus neart na búirthe sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhéin an tigh bullabáisín ’na thímpal, tháinig sgamal os comhair a shúl agus do thuit sé ’na chnaipe ar an úrlár gan aithne gan úrlabhra.
Síle.—Ó! a Pheig! Chím é, chím é! Ó! Ó! Ó!
Peig.—Éist! Éist! a Shíle, a laogh. Cad a chíon tú?
Síle.—Ó! Fear na n‑adharc, fear na n‑adharc. Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó!
Cáit.—Aireóchaid na cómharsain í. Éist, a Shíle, mo ghrádh í sin!
Gobnait.—Tá do mháthair ag gabháil aníos an pháirc, a Pheig.
Peig.—Tar i leith, a Shíle, agus suigh anso am’ ucht.
Síle.—Ó! Ó! Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó! Ó!
Máire (máthair Pheig agus Shíle).—Cad é seo ar siúbhal anso agaibh? Cad a chuir ag gol tú, a Shíle, a laogh?
Síle.—Mhaise, ní fheadar, a mham. Is amhlaidh a tháinig sgannradh orm, agus cheapas go bhfeaca fear na n‑adharc.
Máire.—Fear na n‑adharc! Airiú, cé h‑é sin?
Síle.—Fear an eirbaill, a mheasas a rádh.
Máire.—Fear an eirbaill!
Síle.—Fear an eirbaill agus na h‑iongan ann.
Máire.—Mhaise, go deimhin féin, a Pheig, is mór an náire dhuit é. Tá aos óg an bhaile loitithe agat. Ní fheadar an tsaoghal conus bhailighis a bhfuil de ráiméisibh agat istigh ad’ cheann, ná conus choimeádan tú cuntas ortha, agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine. Cad é an sgéal atá ar siúbhal anois, a Shíle?
Síle.—Tá “Séadna,” a mham, ach is dóigh liom go bhfuil sé marbh.
Máire.—Gabhaim-se orm ná fuil, agus ná béidh, ní fios cathain.
Síle.—Dó’ mhaise, fuair sé an t‑anaithe. Dá mbeinn ’na chás bhíos chómh marbh le h‑Art.
Máire.—Mheasas go raibh cúigear nó seisear agaibh ann. Cá bhfuil an chuid eile?
Peig.—Is dóigh liom, a mháthair, gur éaluigheadar uait.
Máire.—Níor ghádh dhóibh sin. Eirigh, a Pheig, a ghamhain, agus faigh rud éigin le n‑ithe dhúinn. Go deimhin ní beag de sheó an sgeón a chuireabhúir sa leanbh so. Feuch air sin mar osna a thagan aisti. Ní deirim ’ná go bhfuil sí ’na codladh.
Síle.—Ach! Ní’lim, a mham. Ní’l blúire codlata orm. Ní fiú biorán a’s é. Níor chuir aoinne sgeón ionam. Mé féin fé ndear é. Dá mb’áil liom gan bheith ag cuimhneamh air chómh géar agus a bhíos ní fheicfinn é. Ní chuimhneóchad a thuille air, an bitheamhnach. Ní fheadar an tsaoghal, a Pheig, cad a chuir fhiachaibh air a leithéid de bhúirth do chur as.
Peig.—Tá do chuid ollamh anois, a mháthair. Tar i leith chúgam-sa, a Shíle, agus leig dod’ mháthair a cuid bídh a chaitheamh. Siné!