Ḃí sean-Ṁaitias ina ṡuiḋe le hais a ḋorais. An té ġaḃfaḋ an bóṫar, ṡílfeaḋ sé gur dealḃ cloiċe nó marmair a ḃí ann―sin nó duine marḃ―mar ní ċreidfeaḋ sé go ḃféadfaḋ fear beo fanaċt ċoṁ ciúin, ċoṁ socair sin. Ḃí a ċeann cromṫa aige agus cluas air ag éisteaċt. Is iomḋa sin fuaim ċeolṁar a ḃí le cloisteáil, an té a mbeaḋ áird aige orṫa. Ċuala sean-Ṁaitias olagán na dtonn ar na carraigreaċaiḃ agus monaḃar an tsruiṫleáin ag sileaḋ leis an gcloċar. Ċuala sé sgréaċ na cuirre éisg ó’n dúirling, agus géimneaċ na mbó ó’n mbuaile, agus geal-ġáire na bpáistí ó’n ḃfaiṫċe. Aċt ní le ceaċtar aca so a ḃí sé ag éisteaċt ċoṁ haireaċ sin―cé go mbaḋ ḃinn leis iad go léir―aċt le glór glé glinn cluig an Aifrinn a ḃí ag teaċt ċuige le gaoiṫ i gciúineadas na maidne.
Ḃí na daoine ar fad bailiġṫe leo ċuig an Aifreann. Ċonnaic sean-Ṁaitias ag gaḃáil ṫairis iad, ina nduine ’s ina nduine nó ina mion-dreamannaiḃ. Ḃí na gearr-ḃodaiġ ag riṫ ’s ag léimneaċ. Ḃí na cailíní ag siosgaḋ cainnte go meiḋreaċ. Ḃí na mná ag coṁráḋ ós íseal. Ḃí na fir ina dtost. Mar sin a ṫriallaidís an bóṫar gaċ Doṁnac. Mar sin a ṡuiḋeaḋ sean-Ṁaitias ar a ċaṫaoir ag breaṫnuġaḋ orṫa nó go dtéiḋidís as aṁarc. Ṫriall siad ṫairis an ṁaidin áiriṫe seo mar ba ġnáṫaċ. D’ḟan an sean-ḟear ag féaċaint orṫa go dtí go raiḃ críoċ leis an ngleo is leis an ḃfoṫram, go dtí gur ġlan an plód deireannaċ barr árdáin na cille, go dtí naċ raiḃ le feiceál aċt bóṫar fada díreaċ ag síneaḋ amaċ is é bán, go dtí naċ raiḃ fágṫa ar an mbaile aċt corr-ṡean-duine ina leabaiḋ, na páistí ag cleasaiḋeaċt ar an ḃfaiṫċe, agus é féin ina ṡuiḋe le hais a ḋorais.
Ní ṫéiḋeaḋ sean-Ṁaitias ċuig teaċ an ṗobail. Níor éist sé ‘an tAifreann binn’ le tuilleaḋ is trí sgór bliaḋain. Ḃí sé ina ógánaċ luaṫ láidir an uair ḋeireannaċ a ċoisrig sé é féin i láṫair an ṗobail, agus anois ḃí sé ina ṡean-ḟear ċríon ċaiṫte, a ċuid gruaige liaṫ-ḃán, ruic ina éadan, a ṡlinneáin cromṫa. Níor ḟeac sé a ġlún i ḃfiaḋnaise Dé ar feaḋ na dtrí sgór bliaḋain sin; níor ċuir sé paidir ċum a Ċruṫuiġṫeora; níor ġaḃ sé buiḋeaċas le n-a Ṡlánuiġṫeoir. Fear ann féin a b’eaḋ sean-Ṁaitias.
Ní raiḃ a ḟios ag éinne go cé an fáṫ naċ dtéiḋeaḋ sé ar Aifreann. Duḃairt daoine nár ċreid sé go raiḃ aon Dia ann. Duḃairt daoine eile go ndearna sé peacaḋ uaṫḃásaċ éigin i dtús a ṡaoġail, agus nuair naċ dtiuḃraḋ an sagart absolóid dó ar faoistean, gur ṫáinig cuṫaċ feirge air agus gur ṁionnuiġ sé naċ dtaoḃóċaḋ sé sagart ná séipéal le n-a ḃeo arís. Duḃairt daoine eile―aċt ní deirtí é seo aċt i gcogar cois teineaḋ nuair a ḃíoḋ na sean-daoine ag seanċus leo féin tar éis dul a ċodlaḋ do na páistíḃ―duḃradar so gur ḋíol sé a anam le Fear Mór áiriṫe a casaḋ ḋó uair ar ṁullaċ Ċnuic an Daiṁ agus naċ leigfeaḋ an té seo ḋó an tAifreann a ċleaċtaḋ. Níl a ḟios agam an fíor bréag na sgéalta so, aċt tá a ḟios agam nár facṫas sean-Ṁaitias ag Aifreann Dé le cuiṁne cinn an duine ba sine ar an mbaile. Duḃairt Cuimín Ó Niaḋ, sean-ḟear a fuair bás cúpla bliaḋain roiṁe seo i n-aois a ḋeiċ mbliaḋan is ceiṫre sgór, go ḃfaca sé féin ann é nuair ḃí sé ina stócaċ.
Ná síltear go mba ḋroċ-ḋuine sean-Ṁaitias. Ḃí sé ina ḟear ċoṁ macánta, ċoṁ simpliḋe, ċoṁ nádúrṫa is a casfaiḋe ort i do ṡiuḃal lae. Níor cluineaḋ as a ḃéal riaṁ aċt an deaġ-ḟocal. Ní raiḃ dúil aige i n-ól ná i gcoṁluadar, i n-ór ná i maoin. Ḃí sé boċt, aċt is minic a roinneaḋ sé le daoiniḃ ba ḃoiċte ’ná é. Ḃí truaġ aige do’n easlán. Ḃí trócaire aige do’n truaġán. Ḃí moḋ agus meas ag fearaiḃ eile air. Ḃí gean ag na mnáiḃ, ag na páistíḃ, agus ag na hainṁiḋṫiḃ ḋó; agus ḃí gean aige-sean dóiḃ-sean agus do gaċ níḋ atá gráḋṁar croiḋe-ġlan. B’ḟearr le sean-Ṁaitias coṁráḋ ban ’ná coṁráḋ fear. Aċt b’ḟearr leis coṁráḋ malraċ is girrseaċ ’ná coṁráḋ fear ná ban. Deireaḋ sé gur tuigseanaiġe na mná ’ná na fir agus gur tuigseanaiġe na páistí ’ná ceaċtar aca. Is i ḃfoċair an dreama óig a ċaiṫeaḋ sé an ċuid is mó dá aimsir ḋíoṁaoiniġ. Ṡuiḋeaḋ sé leo i gcúinne tiġe ag innseaċt sgéalta ḋóiḃ nó ag baint sgéalta asta. B’iongantaċ iad a ċuid sgéalta. Ḃí Eaċtra an Ġiorráin Ġlais ar ḋeiseaċt an doṁain aige. B’é an t-aon tsean-duine ar an mbaile é a raiḃ sgéal Ṗréaċáin na gCearc ’s an Dreoilín i gceart aige. Naċ é a ċuireaḋ sgannraḋ ar na páistíḃ is é ag aiṫris ar ‘fú fá féasóg’ Faṫaiġ an Dá Ċeann, is naċ é a ḃaineaḋ na gáirí asta ag cur síos ar imṫeaċtaiḃ an ṗíobaire i gCaisleán an tSeilmide! Agus na haṁráin a ḃí aige! B’ḟéidir leis leanḃ breoiḋte a ṁeallaḋ ċum suain le n-a―
‘Seoiṫín seó, is codail, a ṗeata,
Tá an sluaġ siḋe amuiġ ag siuḃal an ġleanna!’
Nó ṫiocfaḋ leis líon tiġe de ṗáistíḃ a ċur i dtriṫíḃ gáire le n-a―
‘Haiḋ didil dum, an cat is a ṁáṫair,
A d’imṫiġ go Gailliṁ ag marcaiḋeaċt ar ḃárdal!’
Agus naċ aige ḃí na sean-ranna greannṁara; agus na cruaiḋ-ċeisteanna deacra; agus na toṁaiseanna breaġṫa! Maidir le cluiċíḃ, cá raiḃ an té, fear, bean, nó páiste, a d’ḟéadfaḋ ‘Lúrabóg, lárabóg’ nó ‘An Ḃuiḋean Ḃalḃ’ a ċoingḃeáil ar siuḃal leis?
San uair ḃreaġ is ar ṫaoiḃ an ċnuic nó ag siuḃal na bportaċ a d’ḟeicfeá sean-Ṁaitias is a ċomrádaiḋṫe beaga, é ag míniuġaḋ sliġe ḃeaṫaḋ na siogán is na míol gcríonna dóiḃ, nó ag ríoṁaḋ sgéalta i dtaoiḃ na gráinneoige is an iorraiḋ ruaiḋ. Tamall eile dóiḃ ag bádóireaċt, maide ráṁa ag an sean-ḟear, ceann eile ag buaċaillín beag éigin, agus b’ḟéidir gearr-ċaile ag stiúraḋ. Is minic a ċluineaḋ na daoine a ḃíoḋ ag obair i n-aice na tráġa gárṫa áṫais na bpáistí ag teaċt ċuca ó ḃéal an ċuain, nó b’ḟéidir glór ṡean-Ṁaitiais is é ag gaḃáil ḟuinn―
‘Óró! mo ċuraiċín Ó!
Is óró! mo ḃáidín!’―
nó rud éigin mar é.
Ṫagaḋ faitċíos ar ċuid de na máiṫreaċaiḃ sgaiṫte agus deiridís le ċéile nár ċeart dóiḃ leigean dá gclainn an oiread sin aimsire a ċaiṫeaṁ i ḃfoċair ṡean-Ṁaitiais―‘fear naċ dtaiṫiġeann ord ná Aifreann.’ Uair aṁáin noċt bean aca na smaointe seo do’n Aṫair Seaġan. ’Sér’d duḃairt an sagart―
‘Ná bac leis na páistíḃ boċta,’ ar seisean. ‘Ní ḟéadfaidís a ḃeiṫ i gcoṁluadar ní b’ḟearr.’
‘Aċt deirtear liom naċ gcreideann sé i nDia, a Aṫair.’
‘Is iomḋa naoṁ ’sna Flaiṫis indiu nár ċreid i nDia tráṫ dá ṡaoġal. Agus cogair mé seo. Muna ḃfuil gráḋ ag sean-Ṁaitias do Ḋia―rud naċ feasaċ duit-se nó dom-sa―is iongantaċ an gráḋ atá aige do’n níḋ is áilne ’s is glaine dár ċruṫuiġ Dia―anam gléigeal an ṗáiste. Ḃí an gráḋ céadna ag ar Slánuiġṫeoir féin agus ag na naoṁaiḃ is glórṁaire ar neaṁ dóiḃ. Cá ḃfios dúinn naċ iad na páistí a ṫarraingeoċaḋ sean-Ṁaitias go glún ar Slánuiġṫeora fós?’
Agus fágaḋ an sgéal mar sin.
An ṁaidin Doṁnaiġ seo d’ḟan an sean-ḟear ag éisteaċt nó gur stad clog an Aifrinn dá ḃualaḋ. Nuair a ḃí deireaḋ leis, leig sé ornaḋ, mar leigfeaḋ an té a mbeaḋ cuṁa is tuirse air, agus ṫug sé a aġaiḋ ar an mbuiḋin ṁalraċ a ḃí ag súgraḋ dóiḃ féin ar an ngiodán féir―an ‘ḟaiṫċe’ a ḃeireaḋ sean-Ṁaitias air―ag an gcros-ḃóṫar. Ḃí aiṫne ag sean-Ṁaitias ar gaċ pataire ceann-ċataċ cosnoċtuiġṫe aca. Níorḃ’ ḟearr leis caiṫeaṁ aimsire ar biṫ ’ná ḃeiṫ ina ṡuiḋe annsin ag breaṫnuġaḋ orṫa is ag éisteaċt leo. Ḃí sé ’gá gcoṁaireaṁ, ag féaċaint cia aca dá ċáirdiḃ ḃí ann agus cia aca ḃí imṫiġṫe ’un an Aifrinn leis na daoiniḃ fásta, nuair a ṫug sé fá deara páiste ina measg naċ ḃfaca sé riaṁ roiṁe. Gasúr beag donn, a raiḃ cóta bán air mar ḃí ar gaċ malraċ eile, agus é gan bróga gan caipín, mar is gnáṫaċ le páistíḃ an Iarṫair. Ḃí éadan an ṁalraiġ seo ċoṁ soillseaċ leis an ngréin, agus facṫas do ṡean-Ṁaitias go raiḃ mar ḃeaḋ gaeṫe soluis ag teaċt ó n-a ċeann. An ġrian ag lonnraḋ ar a ċuid gruaige, b’ḟéidir.
Ḃí iongnaḋ ar an sean-ḟear fá an bpáiste seo ḟeiceál, mar níor ċuala sé go raiḃ aon strainséaraí tar éis teaċt ar an mbaile. Ḃí sé ar tí dul anonn agus duine de na sguraċaiḃ beaga a ċeistniuġaḋ ina ṫaoiḃ, nuair a ċuala sé gleo is gliadar na ndaoine ag teaċt a ḃaile ó’n Aifreann. Níor airiġ sé an uair ag sleaṁnuġaḋ ṫairis ḟaid is ḃí a áird ar ċleasaiḃ na ngasúr. Ḃeannuiġ cuid de na daoinḃ ḋó ag gaḃáil ṫairis dóiḃ is ḃeannuiġ seisean dóiḃ-sean. Nuair a ṫug sé súil ar an sgata malraċ arís, ní raiḃ an páiste deorata ina measg.
An Doṁnaċ ina ḋiaiḋ sin ḃí sean-Ṁaitias ina ṡuiḋe le hais a ḋorais, mar ba ġnáṫaċ. Ḃí an pobal bailiġṫe siar ċuig an Aifreann. Ḃí an dream óg ag riṫeaċt is ag caiṫeaṁ léim ar an ḃfaiṫċe. Ag riṫeaċt is ag caiṫeaṁ léim ina ḃfoċair ḃí an páiste deorata. D’ḟéaċ Maitias air ar feaḋ i ḃfad, mar ṫug sé taiṫneaṁ a ċroiḋe ḋó i ngeall ar áilneaċt a ṗearsan agus gile a éadain. Sa deireaḋ ġlaoiḋ sé anall ar ḋuine de na buaċaillíḃ beaga.
‘Cia hé an malraċ údan ḟeicim in ḃur measg le coicṫiġis, a Ċóilín?’ ar seisean―‘é sin a ḃfuil an cloigeann donn air,―aċt fainic naċ bán-ruaḋ atá sé: níl a ḟios agam an duḃ nó fionn é ’s an ċaoi a ḃfuil an ġrian ag sgallaḋ air. An ḃfeiceann tú anois é―é sin atá ag riṫ ċugainn?’
‘Sin é Íosagán,’ adeir an sguraċ beag.
‘Íosagán?’
‘Sin é an t-ainm a ṫugas sé air féin.’
‘Cia ḋár díoḃ é?’
‘Níl a ḟios agam, aċt deir sé go ḃfuil a Aṫair ina Ríġ.’
‘Cé gcoṁnuiġeann sé?’
‘Níor innis sé é sin riaṁ dúinn, aċt deir sé naċ fada uainn a ṫeaċ.’
‘An mbíonn sé i n-éindiġ liḃ go minic?’
‘Bíonn, nuair a ḃíos sinn ag caiṫeaṁ aimsire ḋúinn féin mar seo. Aċt imṫiġeann sé uainn nuair a ṫagas daoine fásta sa láṫair. Féaċ! tá sé imṫiġṫe ċeana!’
Ḃreaṫnuiġ an sean-ḟear, agus ní raiḃ ann aċt na malraiġ a raiḃ aiṫne aige orṫa. Ḃí an Páiste ar a dtug an gasúirín ‘Íosagán’ ar iarraiḋ. An nóiméad céadna cluineaḋ foṫram is tormán na ndaoine ag filleaḋ ó’n Aifreann.
An ċéad Doṁnaċ eile ṫuit gaċ níḋ amaċ díreaċ mar ṫuit an dá Ḋoṁnaċ roiṁe sin. Ḃailiġ an pobal siar mar ba ġnáṫaċ agus fágaḋ an sean-ḟear agus na páistí leo féin ar an mbaile. Ṫug croiḋe ṡean-Ṁaitiais léim ina lár nuair a ċonnaic se an Páiste Neaṁḋa ina measg arís.
D’éiriġ sé. Ċuaiḋ sé anonn agus ṡeas sé ina aice. Ṫar éis tamaill ina ṡeasaṁ dó gan corruiġe, ṡín sé a ḋá láiṁ ċuige agus laḃair sé de ġlór íseal―
‘A Íosagán!’
Ċuala an leanḃ é agus ṫáinig sé ċuige ar riṫ.
‘Tar i leiṫ is suiḋ ar mo ġlúin go fóillín, a Íosagáin.’
Ċuir an Páiste a láṁ i láiṁ ṫanaiḋ ċnapaiġ an tsean-ḟir agus ṫrialladar cos ar ċois treasna an ḃóṫair. Ṡuiḋ sean-Ṁaitias ar a ċaṫaoir agus ṫarraing Íosagán le n-a ḃrollaċ.
‘Cé gcoṁnuiġeann tú, a Íosagáin?’ ar seisean, ag laḃairt ós íseal i gcoṁnaiḋe.
‘Ní fada as so mo Ṫeaċ. Cad ċuige naċ dtagann tú ar ċuairt ċugam?’
‘Ḃeaḋ faitċíos orm i dteaċ ríoġḋa. Innsiġṫear ḋom go ḃfuil t’Aṫair ina Ríġ.’
‘Is é Árd-Rí an Doṁain é. Aċt níor ġáḃaḋ ḋuit faitċíos a ḃeiṫ ort roiṁe. Tá sé lán de ṫrócaire is de ġráḋ.’
‘Is baoġlaċ liom nár ċoingḃiġ mé a ḋliġe.’
‘Iarr maiṫeaṁnas air. Déanfad-sa is mo Ṁáṫair eadarġuiḋe ar do ṡon.’
‘Is truaġ liom naċ ḃfaca mé roiṁe seo ṫú, a Íosagáin. Cé raiḃ tú uaim?’
‘Ḃí mé annso i gcoṁnaiḋe. Bím ag taisteal na mbóṫar is ag siuḃal na gcnoc is ag treaḃaḋ na dtonn. Bím i lár an ṗobail nuair ċruinniġeas siad isteaċ i mo Ṫeaċ. Bím i measg na bpáistí ḟágas siad ina ndiaiḋ ag cleasaiḋeaċt ar an tsráid.’
‘Ḃí mise ró-ḟaitċeaċ―nó ró-uaiḃreaċ―le dul isteaċ i do Ṫeaċ, a Íosagáin; aċt fuair mé i measg na bpáistí ṫú.’
‘Níl aon am ná áit dá mbíonn páistí ag súgraḋ dóiḃ féin naċ mbím-se ina ḃfoċair. Amannta ċíonn siad mé; amannta eile ní ḟeiceann.’
‘Ní ḟaca mise riaṁ ṫú go dtí le goirid.’
‘Bíonn na daoine fásta dall.’
‘Agus ina ḋiaiḋ sin geallaḋ ḋom ṫú ḟeiceáil, a Íosagáin?’
‘Ṫug m’Aṫair cead dom mé féin a ḟoillsiuġaḋ duit de ḃríġ gur ṫug tú gráḋ dá ṗáistíḃ beaga.’
Cluineaḋ glórṫa na ndaoine ag filleaḋ ó’n Aifreann.
‘Caiṫfiḋ mé imṫeaċt anois uait.’
‘Leig dom imeall do ċóta a ṗógaḋ, a Íosagáin.’
‘Déan.’
‘An ḃfeicfiḋ mé arís ṫú?’
‘Feicfir.’
‘Cia an uair?’
‘Anoċt.’
Leis an ḃfocal sin ḃí sé imṫiġṫe.
‘Feicfiḋ mé anoċt é!’ arsa sean-Ṁaitias agus é ag dul isteaċ sa teaċ.
Ṫáinig an oiḋċe fliuċ stoirmeaṁail. Cluineaḋ na tonntraċa móra ag briseaḋ le fuamán i n-aġaiḋ an ċladaiġ. Ḃí na crainn ṫart timċeall ar ṫeaċ an ṗobail ag luasgaḋ is ag lúbaḋ le neart na gaoiṫe. (Tá an séipéal ar árdán atá ag tuitim le fánaiḋ síos go fairrge). Ḃí an tAṫair Seaġán ar tí a leaḃar a ḋúnaḋ agus a ṗaidrín a ráḋ nuair a ċuala sé an torann mar a ḃeaḋ duine ag bualaḋ an dorais. D’éist sé ar feaḋ sgaṫaiṁ. Ċuala sé an torann arís. D’éiriġ sé ó’n teiniḋ, ċuaiḋ go dtí an doras, agus d’osgail é. Ḃí gasúr beag fir ina ṡeasaṁ ar lic an dorais―gasúr nár ċuiṁneaċ leis an sagart a ḟeiceál riaṁ roiṁe. Ḃí cóta bán air agus é gan bróga gan caipín. Facṫas do’n tsagart go raiḃ gaeṫe soluis ag lonnraḋ ó n-a ġnúis agus timċeall a ṁullaiġ. An ġealaċ a ḃí ag taiṫneaṁ ar a ċaoṁ-ċeann donn, b’ḟeidir.
‘Cia tá annso agam?’ ars’ an tAṫair Seaġán.
‘Cuir ort ċoṁ tapaiḋ ’s is féidir leat é, a Aṫair, is buail soir go dtí teaċ ṡean-Ṁaitiais. Tá sé i mbéalaiḃ bais.’
Níor ṫeastuiġ an dara focal ó’n sagart.
‘Suiḋ annso go mbíḋ mé réiḋ,’ ar seisean. Aċt nuair ṫáinig sé ṫar ais, ḃí an teaċtaire beag imṫiġṫe.
Ḃuail an tAṫair Seaġán bóṫar, agus níorḃ’ ḟada a ḃain sé as, cé go raiḃ an ġaoṫ ina aġaiḋ, agus é ag báistiġ go trom. Ḃí solus i dteaċ ṡean-Ṁaitiais roiṁe. Ḃain sé an laiste de’n doras is ċuaiḋ isteaċ.
‘Cia hé seo ċugam?’ ars’ an guṫ ó leabaiḋ an tsean-ḟir.
‘An sagart.’
‘Baḋ ṁaiṫ liom laḃairt leat, a Aṫair. Suiḋ annso lem’ ais.’ Ḃí an guṫ fann agus ṫáinig na focla go mall uaiḋ.
Ṡuiḋ an sagart agus ċuala sgéal ṡean-Ṁaitiais ó ṫús deireaḋ. Cia ar biṫ rún a ḃí i gcroiḋe an tsean-duine noċtaḋ do ṡeirḃíseaċ Dé annsin i lár na hoiḋċe é. Nuair a ḃí an faoistean ṫart ġlac sean-Ṁaitias Corp Ċríost agus cuireaḋ an Ola Ḋéiḋeannaċ air.
‘Cia duḃairt leat go raiḃ tú ag teastáil uaim, a Aṫair?’ ar seisean de ġlór lag íseal, nuair a ḃí gaċ níḋ déanta. ‘Ḃí mé ag guiḋe Dé go dtiocfá, aċt ní raiḃ aon teaċtaire agam le cur fá do ḋéin.’
‘Aċt ċuir tú teaċtaire ċugam, ar ndóiġ?’ adeir an sagart agus iongnaḋ mór air.
‘Níor ċuireas.’
‘Níor ċuireas? Aċt ṫáinig gasúirín beag agus ḃuail sé ar mo ḋoras agus duḃairt sé liom go raiḃ mo ċongnaṁ ag teastáil uait!’
Ḋíriġ an sean-ḟear aniar sa leabaiḋ. Ḃí faoḃar ina ṡúiliḃ.
‘Cia an sórt gasúirín a ḃí ann, a Aṫair?’
‘Buaċaillín beag caoin a raiḃ cóta bán air.’
‘Ar ṫug tú fá deara mar ḃeaḋ sgáile soluis ṫart timċeall a ċinn?’
‘Ṫugas, agus ċuir sé iongnaḋ mór orm.’
D’ḟéaċ sean-Ṁaitias suas, ṫáinig meangaḋ gáire ar a ḃéal, agus ṡín sé amaċ a ḋá láiṁ,―
‘Íosagán!’ ar seisean.
Leis an ḃfocal sin ṫuit sé siar ar an leabaiḋ. Ḋruid an sagart anonn go socair agus ḋún a ṡúile.