An Claidheamh Soluis, 13 Deireadh Fómhair, 1906.

Shuidheamar lá ós cionn na fairrge. Bhí an ghrian ag dul faoi san domhan thiar. D’ísligh sí go mall, mall nó go ndeachaidh sí as amharc, d’á báthadh, mar adéarfá, ins an aigéan. Leath dorchadas ar an gcuan do bhí ós ár gcomhair amach, agus ar na cnocaibh do bhí taobh thiar dínn. D’fhanamar ‘nár suidhe san áit uaignigh sin, agus tháinig an smaoineadh seo isteach in ár gcroidhe:

‘Tá an ghrian imthighthe faoi. Tá solas glórmhar an lae múchta. Tá sé ‘na oidhche ar fud na dtalta is na bhfairrgí. Tá na daoine agus na beithidhigh, na héanlaithe agus na bláthanna, ‘na gcodladh. Níl corruighe ar fud an domhain. Tá an ghrian imthighthe faoi.

‘Acht tá fhios againn go n-éireochaidh an ghrian arís maidin i mbárach. Gealfaidh lá eile san domhan thoir. Chífear solas iongantach ar mhullach na gcnoc agus ar bharr na n-uisgí. Cluinfear ceileabhar ag an éanlaith ins na coilltibh. Cluinfear géimneadh ó na beithidheachaibh ar na bántaibh. Cluinfear gáire ó na páisdibh ar na bóithribh. Dúiseochthar ar fud an tsaoghail mhóir. Tosóchthar ar obair agus ar shiamsa agus ar bhuaidhreadh lae eile. Beidh sé ‘na lá.’

Agus tháinig an smaoineadh eile seo isteach in ár gcroidhe ‘na dhiadh sin:

‘Tá sé ‘na oidhche in Éirinn le fada. Chuaidh an ghrian faoi na céadta bliadhan ó shoin. D’imthigh néalta áilne an lae as, agus leath dorchadas ar an dúthaigh. Coisgeadh ceileabhar na n-éan agus ceol na gcláirseach agus gáire na bpáisdí. Tá an tír ‘na tost. Tá sí ‘na codladh.

‘An ngealfaidh an lá in Éirinn? An bhfeicfear solas iongantach na maidne ar mhulalch na gcnoc agus ar bharr na n-uisgí? An gcluinfear arís ceileabhar na n-éan agus ceol na gcláirseach agus gáire na bpáisdí?’

Labhair an guth ‘nár gcroidhe agus adubhairt:

‘Ní feicfear an solas sin. Ní cluinfear an ceol sin. Ní gealltar do thír ná do náisiún acht aon ré amháin. Tá ré na hÉireann caithte. Ní chasfaidh sí go deo na ndeor.’

Acht labhair an dara guth ‘n ár gcroidhe, agus seo mar dubhairt sé:

‘Gealfaidh an lá arís. Chífear solas na maidne ar na sléibhtibh agus ar na huisgíbh. Cluinfear ceol ins na coilltibh agus ar na bóithribh, i mbothánaibh ar thaobh na gcnoc agus i gcathrachaibh móra, i hallaí ríoghdha agus i dteampallaibh Dé. Níl ré na hEireann caithte. Ní caithtear ré aon náisiúin acht d’á deoin féin. Agus má caithtear ré náisiúin de bharr a lag-mhisnigh nó a mhí-dhóchais fein, bíonn an dara ré ann má oibrighthear i gceart fá n-a chomhair. Níor chaill Dia ariamh ar náisiún nár chaill uirthi féin.’