An Claiḋeaṁ Soluis, Bealtaine 19, 1906.
Ċímid gur sgríoḃ cailín áiriṫe gan ainm go dtí ár gcara an ‘Gaeḋeal Tuaiṫe’ – mar tugann an ‘Irish Peasant’ air féin i nGaeḋilg – ag gearán fá naċ ḃfuil úr-sgéalta ag baint leis an ngráḋ ag teaċt ċugainn i nGaeḋilg. Is dóċa gurab é an fáṫ naċ ċugainn-ne do sgaoil sí a litir, i ḃeiṫ i n-aṁras naċ dtiuḃraimis aon áird ar a glór, ‘mar,’ ars’ ise léi féin, ‘cia an ḃaint atá ag fear claiḋiṁ le cúrsaíḃ gráda nó cia an tuigsint atá aige ionnta? I ‘ngleo na gcat’ is mó atá a spéis-sean.’
Bíoḋ sois mar atá, ċitear dúinn go ḃfuil a lán bríġe i ngearán an ċailín tuigseanaiġ seo, cibé i nÉirinn i féin. Gan aṁras tá sgéalta ag baint leis an ngráḋ i n-easnaṁ orainn. Nó b’ḟearr linn a ráḋ go ḃfuil sgéalta ag baint le gnáṫsaoġal an lae indiu i n-easnaṁ orainn; ⁊ dár ndóiġ, cuid de gnáṫsaoġal an lae indiu an gráḋ ⁊ an cráḋ, an sólás ⁊ an dólás, an sonas ⁊ an donas. Is ait i nua-litriḋeaċt na nGaeḋeal. Ag léiġeaṁ na n-aṁrán duit, ċeapfá naċ raiḃ dúil ag luċt a gcumṫa i n-aon níḋ aċt i mnáiḃ ⁊ i n-ól; ag léiġeaṁ na n-ursgéal ⁊ na ndráma duit, an méid díoḃ ata againn, ċeapfá gur do ḃeiṫiḋeaċaiḃ ⁊ do ċearcaiḃ ⁊ do ḟataíḃ ḃí tús onóra ag dul i measg Gaeḋeal na haimsire seo. Ní mar sin atá, do réir mar ċitear dúinne. Is iomḋa smaoineaḋ uasal, is iomḋa mian mórḋa i gcroiḋe gnáṫ-Ġaeḋil na tuaiṫe ⁊ na caṫraċ; tá gráḋ aige do ċnocaiḃ ⁊ do ġleanntaiḃ, do loċaiḃ ⁊ do linntiḃ a ṫíre ḋúṫċais; tá gean aige do ṁnáiḃ ⁊ do ṗáistíḃ; tá spéis aige i gceol, i sgéalaiḋeaċt, ⁊ i seanċus; tá dóċas aige go n-éireoċaiḋ Éire ‘n a cuṁaċt arís; tá rún aige buille do ḃualaḋ i gcaṫ ar son Éireann. Cad ċuige naċ noċtṫar na smaointe árd-aigeantaċa agus na miana mórḋálaċa so ins na leaḃraiḃ atá ag teaċt ċugainn?
Bogaimís amaċ ó’n gcarn aoiliġ ⁊ ó’n gcruaiċ móna; caiṫimis uainn salċar na hotrainne; déanaimís iarraċt ar anam ⁊ ar intinn Ġaeḋeal do ċur i dtuigsint bá céile ⁊ do’n doṁan ṁór.