Letter of thanks to past pupils of Sgoil Ide, the all-girl’s school of which Pearse was the headmaster, for a birthday present, dated 11 November, 1915. Taken from The Story of a Success by Desmond Ryan. No translation is given.
Sgoil Éanna
Ráṫ Fearnáin.
11 Saṁain, 1915.
A ċara,
Níl a ḟios agam cad ba ceart dom a ráḋ leatsa agus le Máire Builfin agus leis na cailíníḃ eile ċum buiḋeaċas do ġaḃáil ar son ḃúr mbronntanais. Dan ndoiġ, d’ḟág siḃ gan cainnt mé. Do ḃí iongnaḋ an doṁain orm nuair ṫug mo ṁáṫair an bronntanas isteaċ maidin indé, agus is ar eigín d’ḟéadar laḃairt. Glac mo ḃuiḋeaċas ó ḃun mo ċroiḋe amaċ agus cuir i-n-iúl do na cailíníḃ eile é, led’ ṫoil.
Is dílis na cáirde siḃ agus ní ḃéanfaiḋ mé dearmad oraiḃ go seo ná ar ċaílíniḃ agus máigirtreáraíḃ Sgoil Ide. Is breaġ ar fad an bronntanas ṫug siḃ dom agus ní ḟéadfaḋ sic cuiṁniuġaḋ ar rud do b’úráioiġe.
Deiriḋ mile buiḋeaċas agus beannaċt.
Mise do ċara go buan,
PÁDRAIC MAC PIARAIS.