An Claiḋeaṁ Soluis, Éanair 13, 1906.
Is minic litreaċa i gcló ins na páipéaraiḃ laeṫeaṁla ó Ġaeḋealaiḃ agus ó ḋaoiniḃ ar ḋual dóiḃ ḃeiṫ Gaeḋealaċ agus gan d’ainm fúṫa aċt leas-ainm gránna éigin de ḋéantús Gallda. Rud is measa ‘ná sin, is minic cuirtear litreaċa ċugainn féin le cur i gcló san gClaiḋeaṁ agus tráċt ionnta ar ‘Father Peter O’Leary,’ agus ar ‘Mr. John MacNeill,’ agus ar ‘Mr J. J. Doyle,’ agus mar sin de. Cia hiad ‘Father Peter O’Leary’, agus ‘Mr. John MacNeill,’ agus ‘Mr. J. J. Doyle’ i n-aon ċor? Níl aiṫne againne orṫa. Is maiṫ is eol dúinn cáiliḋeaċta agus tréiṫe an Aṫar Ṗeadair Uí Laoġaire, agus Eoin Ṁic Néill, agus Ṡéamuis Uí Ḋuḃġaill; aċt maidir le ‘Father Peter O’Leary,’ agus ‘Mr. John MacNeill,’ agus ‘Mr. J. J. Doyle’—is dóċa gur Gaill iad, ó’s rud é gurab ainmeaċa agus sloinnte Gallda atá orṫa.
Cia an ċiall do Ġaeḋealaiḃ leas-ainmeaċa do ċur síos dóiḃ féin nó do Ġaeḋealaiḃ eile? Nuair ḃaist an ċúirt iasaċta i gCorcaiġ ‘Edmond O’Neill’ ar Éamonn calma, ḃíomar i dtríṫiḃ ag gáiriḋe; is baoġalaċ gur fúinn féin baḋ ċeart do ċuid againn ḃeiṫ ag gáiriḋe an ḟaid is leanamuid de ‘Peter,’ ‘John,’ agus ‘James’ do ġlaoḋaċ orainn féin agus ar a ċéile.
Seaċainimís an iasaċt. Ní féidir do ċuid againn an Béarla do ċaiṫeaṁ do leaṫ-taoiḃ fós. Aċt d’féadfaḋ gaċ mac maṫar againn ár leas-ainmneaċa Gallda do ċaiṫeaṁ uainn gan duaḋ. Cá gáḃaḋ iad? Níl aon ġáḃaḋ leo, agus nuair naċ ḃfuil gáḃaḋ leo, cia an ċiall leanaṁaint dóiḃ?