An Claidheamh Soluis, Éanair 11, 1908.
Cogar in bhur gcluais, a pháisdí Gaedhealacha! Bhíomar ag cainnt le bhur n-aithreachaibh agus le bhur máith-reachaibh an tseachtmhain seo a caitheadh agus ag tabhairt comhairle a leasa dóibh. Bhíomar ‘ghá rádh leo go mbadh cheart dóibh rún a dhéanamh anois, i dtús na bliadhna, gan focal a labhairt libh-se go ceann na bliadhna acht Gaedhilg. Nár mhór agus nár mhaith an sgéal é dá ndéanfaidís an rún sin agus é choimhlíonadh? Nár dheas an rud le rádh é, dá bhféadfaí é rádh, nach raibh d’á siosgadh eadraibh in bhur mbaile féin, sibh-se ar thaobh agus bhur dtuismightheoirí ar an taobh eile, acht an Ghaedhilg – teanga dhúthchais Gaedheal? D’fhéadfaí teaghlach Gaedhealach a tabhairt gan bhréig gan áidhbhéil ar an teaglach ‘na mbeadh sin amhlaidh. Nár mhaith libh bhur dteaglach féin a bheith ‘na theaghlach Ghaedhealach, a páisdí? Déanaidh-se bhur gcion féin cum é Ghaedhealughadh agus támuid cinnte go gcuid-eochaidh bhur n-aithreacha agus bhur máithreacha agus aos fásta an tighe ar fad libh.
‘Acht céard is féidir le páisde a déanam?’, arsa tusa. Is iomdha sin rud is féidir le páisde a déanamh. Má tá an Ghaedhilg aige, is féidir leis í labhairt. Muna bhfuil sí aige, is féidir leis í fhoghluim. Is féidir leis stair a thíre a léigheadh. Is féidir leis grádh agus cion a bheith aige do mhachairíbh is do chnocaibh, d’aibhnibh is do lochaibh an oileáinín aoibhinn a bhronn Dia mar áit chomhnaidhthe ar Chlannaibh Gaedheal. Agus is iomdha ní a thig le páisde a déanamh in a theach féin. Nach féidir leis suidhe sgathamh anois is arís cois teineadh ag éisteacht leis na sean-daoinibh ag Gaedhilgeoireacht, má tá sean-Ghaedhilgeoirí sa gcomharsanacht? Nach féidir leis é chur d’fhiachaibh ar a athair agus ar a mháthair an Ghaedhilg a labhairt leis, má tá an Ghaedhilg aca-san? Ní dóigh linn go bhfuil máthair in Éirinn a shéanfadh an Ghaedhilg ar a leanbh féin, dá gcuirfeadh an leanbh sin focailín i n-a cluais mar seo. ‘A mháithrín, badh mhaith liom an Ghaedhilg a bheith agam, mar is í teanga mo thíre í, agus tá mé ‘ghá iarraidh ort anois í labhairt liom i gcomhnuidhe, ionnus go mbeidh sí go blasta agam. Nach ndéanfaidh tú an méid sin dom, a mháithrín? Ar ndóigh ní cheilfeá teanga mo thíre féin orm?’
Má tá Gaedhilg ag do mháthair-se, a pháisde atá ‘ghá léigheadh seo, acht í ag Béarlóireacht leat in-a dhiadh sin, abair an méid sin léi anocht nuair a phógfas sí thú roimh dhul a chodladh dhuit, agus ní féidir go n-eiteochaidh sí tú.