An Claiḋeaṁ Soluis, 23 Nollaig, 1905.

Síon is sneaċta,
Oiḋir ar aiḃniḃ,
Reoḋaċ anoċt na réalta;
Cuing ar easaiḃ,
Linnte ‘na leacaiḃ
Brónaċ liom an saoġal!

Oċ! an ṁáṫair
Ṁoḋaṁail ṁánla,
Truaġ an seanóir críonna!
Boċt a n-árus,
A ḃfosgaḋ i stábla,
Monuar! is dealḃ an dídean.

Fuar an oiḋċe,
Truaġ an Naoiḋean!
Lom, mo ċás, a leaba!
Tuargan gaoiṫe
Cruaḋtan Geiṁriḋ –
Olc do ḟáilte, a leanḃ!

Ceol sna Flaiṫis
Ag cór na n-aingeal,
Stoc is píob is cláirseaċ;
Glórṫa neaṁḋa
Ag gaḃáil a gcaintic,
Is ag molaḋ Ċríost, an tÁrd-Rí.