Ó An Barr Buaḋ, Bealtaine 25, 1912.
Táim buiḋeaċ de’n dream do ċuidiġ linn. Béiḋ Éire buiḋeaċ ḋíoḃ ar ball an uair ċífear gníoṁarṫa ar macraiḋe.
Do fuaireamar, de réir mar aduḃras, roinnt ṁaiṫ airgid. Aċt ní ḃfuaireamar fós an oiread is do ḃí uainn. Ní ḃufaireamar an oiread is do ġlanfaḋ na sean-ḟiaċa gan tráċt ar an teaċ codalta nuaḋ atá uainn ná ar an séipéal atá gan críoċnuġaḋ. Táim ag éileaṁ an airgid sin ar Ġaeḋealaiḃ anois. Tá ḋá ṁíle punnt uainn. Dá ḃfuiġimís £50 nó £60 ó gaċ conntae i nÉirinn do ḃeaḋ ar ndóṫain ṁór againn. Nó dá ndéanfaḋ gaċ duine dá léiġfiḋ na focla so an méid so síos do ḃeaḋ ar ndóṫain ṁór againn .i.
Punnt do ċur ċugainn uaiḋ féin agus punnt d’ḟáġail ó ċaraid agus a ċur ċugainn.
Cuirim an méid sin mar oibligáid agus mar ṁór-ualaċ ar luċt léiġṫe an ḂAIRR ḂUAḊ. An ndéanfaid rud orm?
PÁDRAIC MAC PIARAIS.