(6 AIBREÁN, 1912)

Tuar buaiḋe agus tuar buaiḋearṫa coṁċruinniuġaḋ an Doṁnaiġ.1 Tuar buaiḋe sluaiġte fear nÉireann cruinniġṫe ar aon láṫair agus iad ag éileaṁ saoirse de ġlór aon duine. Misneaċ agus meanma ionnta. Muiniġin aca asta féin. Muiniġin aca as a dtaoiseaċaiḃ. Iad ag laḃairt go huaiḃreaċ le Gallaiḃ. Iad ag laḃairt go ceannsa leis an druing ḃig de Ġaeḋealaiḃ nár ḟreagair an ċoṁġairm. Dóċas ina gcroiḋṫiḃ. Solus ina súiliḃ. Gáire ar a mbéalaiḃ. Neart ina láṁaiḃ. Borbḟuil ina gcuisleannaiḃ. Faoḃar ar a ngoṫaiḃ. Iad cruinniġṫe ar an láṫair sin ina sluaiġtiḃ do-áiriṁṫe, ionnus naċ ḃféadfaiḋe saṁail do ṫaḃairt díḃ aċt muir ṫréan-ṫonnaċ, agus iad ag freagairt a dtriaṫ de ġlór ṫreaṫan-ṁara lá confaiḋ agus coiṁéirġe.

Tuar buaiḋearṫa ina ḋiaiḋ sin briaṫra na dtriaṫ. Síoṫċáin dá geallaṁaint aca do Ġallaiḃ. Dílseaċt dá tairgsint aca i n-ainm Geaḋeal. Fáilte dá fearaḋ aca roiṁ Ríġ Ṡasan roiṁ an gcúigeaḋ Seoirse ḋá ḃliaḋain go leiṫ roiṁ ré. Ainm Wolfe Tone agus ainm Emmet dá luaḋ aca, aċt rúin Wolfe Tone agus rúin Emmet dá gcur os coṁair fear nÉireann fá ḃréag-rioċt. Do tuigfiḋe as briaṫraiḃ druinge ḋíoḃ gurab ċum mion-Ḟeise do ċur ina suiḋe i sean-Tiġ áiriṫe d’ḟulaing Wolfe Tone pianta an ḃáis. Cuiṁniġmís-ne gurab i n-aġaiḋ Feise do ḃí ina suiḋe san sean-Tiġ sin d’éiriġ Wolfe Tone, agus gur mar ġeall air sin agus naċ mar ġeall ar a ṁalairt do ċuaiḋ gearraḋ ar a ré.

Cad ċuige do Wolfe Tone ag éirġe i gcoinniḃ na Feise sin? Ar ḃfreagra: DO ḂÍ AN ḞEIS SIN FÁ ĊEANNUS GALL.

An ḃfuil Gaeḋil na haoise so ċoṁ meaṫta sin is go gcuirfidís iad féin fá ġeasaiḃ agus fá ṁionnaiḃ ḃeiṫ dílis do ċoróin Ṡasan go deo na díleann aċt Feis d’ḟaġáil ḃéas fá ċeannus Gall agus ceangal i ḃfad níos cruaiḋe uirṫi ioná mar ḃí ar an ḃFeis ar éiriġ Wolfe Tone ina coinniḃ? An é atá uainn an ní naċ ḃfulaingeoċaḋ Wolfe Tone .i. ceannus Gall do ḃuanuġaḋ i nÉirinn?

Ní hé atá ó luċt scríoḃṫa an irisleaḃair so. Ní dóiġ linn gurab é atá ó ḟurṁór fear nÉireann, an méid díoḃ naċ ḃfuil ceannuiġṫe. Céard atá uainn? Tá, ar gceart dúṫċais. Céard é ar gceart dúṫċais? Tá, dúṫaiġ Ġaeḋeal i seilḃ Ġaeḋeal gan ċur isteaċ ó Ġallaiḃ. Do b’ḟéidir go mbeaḋ sos caṫa ann tar éis na Feise so do ḃaint amaċ ḋúinn, aċt ní ḃéiḋ síoṫċáin ann go mbéiḋ deireaḋ le ceannus Gall i nÉirinn. NÍ SÍOṪĊÁIN GO SAOIRSE.

Goirimíd Seán Réamonn agus Seán Díolúin agus Seosaṁ Ó Doḃailean, óir is triúr iad sin atá ag caiṫeaṁ a ndúṫraċta ar son leasa Gaeḋeal. Aċt tuigidís naċ ḃfuil d’uġdarṫás aca ó Ġaeḋealaiḃ síoṫċáin do ġeallaṁaint do Ġallaiḃ go fóill. Tá caṫa cruaḋa roṁainn sul ḃéas síoṫċáin i nÉirinn. NÍ SÍOṪĊÁIN GO SAOIRSE.


1 An Mór-Ḋáil Poilitiḋeaċ do tionólaḋ i Sráid Uí Ċonaill, Doṁnaċ na Pailme, 31 Márta, 1912. Do ḃain sí le ‘Hóm Rúl.’ Do laḃair an Piarsaċ agus Seosaṁ Ó Doḃailean ar an árdán céadna.