Beaṫa agus Sláinte.

Dob’ iongnaḋ liom ó éinne eile na briaṫra do laḃrais i láṫair Feise Gall seaċtṁain ó ṡoin. Níorḃ’ iongnaḋ liom uait-se iad. Ba tú fear mór-ḃuaiḋearṫa gaċa cuideaċtain i gcoṁnaiḋe. Do ġlacais leis an Áḋḃar Aċta. Aċt níor adṁuiġis gur buaiḋ do Ġaeḋealaiḃ é. Do ṁaoiḋis go raiḃ buaiḋte ar Ġaeḋealaiḃ. Aduḃrais naċ gcuirfeaḋ an tÁḋḃar Aċta Reaċt na hAondaċta ar neiṁní (rud dob’ ḟíor ḋuit) aċt go mbuanóċaḋ sé an Reaċt sin (rud narḃ’ ḟíor ḋuit.) Aduḃrais fós naċ raiḃ leiġeas ar an scéal sin agus gurab aṁlaiḋ sin dob’ ḟearr. Le olcas ar ċoṁ-Ġaeḋealaiḃ aduḃrais an méid sin, is baoġalaċ.

Níl agam le ráḋ leat aċt naċ ḃfuil an ceart agat. Tá bearna dá hoscailt roiṁ Ġaeḋealaiḃ. Ní tusa an fear ḋúnfas an ḃearna sin.

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.