Beaṫa agus Sláinte.

Ċím go ḃfuil mo ḋearḃráṫair .i. Laeġ Mac Riangaḃra ag scríoḃaḋ litreaċ ċum maiṫ agus mór-uasal Éireann le tamall. Ċím go ndeaċaiḋ cuid de na litreaċaiḃ sin amuġa agus gur cuireaḋ cló orṫa san ‘mBarr Buaḋ.’ Ní ṫuigim cad é an fáṫ a gcuirfiḋe cló ar aon ní do scríoḃfaḋ an té sin, óir ní raiḃ ciall riaṁ aige agus ní ḃéiḋ go deo. Is baoġalaċ liom gur cara ded’ ċuid-se é, agus gur tusa do ċuir d’ḟiaċaiḃ ar ḟear seannma an ‘Ḃairr Ḃuaḋ’ (óir deirtear liom go ḃfuil an fear sin fád’ smaċt) na litreaċa do ċur i gcló. Tuig gur mise an t-aon duine aṁáin d’ḟuil Riangaḃra a mbíonn gaois ina smuaintiḃ agus snas ar a ráiḋtiḃ. Is fiú mo litreaċa-sa do ċur i gcló, aċt ní baoġal go ḃfeicfear an litir so ar an ‘mBarr Buaḋ.’ Is cuma liom.

Ní ḟeadar an maiṫ liom ṫú nó naċ maiṫ. Ní ḟeadar an maiṫ le héinne ṫú. Tá a ḟios agam gur gráin le n-a lán ṫú. Ní ċuala éinne riaṁ ḋá ráḋ ‘Is maiṫ liom an Piarsaċ.’ Deirtear liom gurab ionṁuin le macraiḋ Scoil Éanna ṫú. Deirtear liom go nduḃairt bean le mnaoi go nduḃairt bean eile le mnaoi eile go nduḃairt Tomás Mac Doṁnaill le duine éigin go dtaiṫniġir leis. B’ḟéidir gur fíor an scéal sin agus b’ḟéidir naċ fíor. Is ait an duine Tomás Mac Doṁnaill.

Táir ró-ḋorċa ionnat féin, a Ṗiarsaiġ. Ní ḋéanann tú caidreaṁ le Gaeḋealaiḃ. Séanann tú a gcoṁluadar. An uair ṫagas tú ina measc tagann mar do ḃeaḋ néall duḃ id’ ḟoċair agus luiġeann orṫa. An té do ḃí cainnteaċ roiṁ ṫeaċt ḋuit, bíonn sé ina ṫost. An té do ḃí geal-ġáireaċ tagann gruaim air. An í an ḟuil Ṡasanaċ úd ionnat is cionntaċ leis sin, ní ḟeadar?

Tá buaiḋ na cainnte agat. Is féidir leat na slóiġte do ṁúscailt agus do ċorruiġe an uair laḃras tú leo ós árd. Is féidir leat iad do ċur ag gol nó iad do ċur ag gáire de réir mar is mian leat. Is dóiġ liom go ḃfuil ḋá Ṗiarsaċ ann .i. fear gruamḋa doineannta agus fear geal soineannta. Ní feicṫear an fear geal soineannta aċt go hannaṁ. Ar árdánaiḃ puibliḋe agus i Scoil Éanna is minice ċítear é. Bíonn an fear gruamḋa doineannta le feicsint go minic. Is olc an saġas é. Ní maiṫ liom é. Tagann fuaċt orm an uair ċím é. Agus is í an ċuid is greannṁaire de’n scéal naċ eol dom cia aca an fear dorċa nó an fear geal an Piarsaċ ceart.

Is maiṫ an gníoṁ do rinnis an uair do ċuiris Scoil Éanna ar bun. Is maiṫ an gníoṁ do rinnis an uair do ċuiris Scoil Íde ar bun. Mo ċoṁairle ḋuit: taḃair aire de Scoil Éanna agus do Scoil Íde agus ná bac a ṫuilleaḋ le cúrsaíḃ politiḋeaċta. Tá do ḋóṫain ṁór ar d’aire. Caiṫ uait an ‘Barr Buaḋ,’ scaoil urċur le n-a ḟear seannma, cuir deireaḋ leis an gCumann Nua úd gan ainm, agus déan go maiṫ an rud do ċuiris roṁat le déanaṁ ceiṫre bliaḋna ó ṡoin. Níor éiriġ an dá ṫráiġ riaṁ leis an ngobadán. Táir-se ag iarraiḋ freastail ar ċeiṫre tráġaiḃ. Ní éirocáid leat.

Rud eile. Impiḋim agus aṫċuingim ort gan a ṫuilleaḋ d’ḟaḃal-scéaltaiḃ do scríoḃaḋ.

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
IUḂAR MAC RIANGAḂRA.