Beaṫa agus Sláinte.

Is fada ḋom ḋá ċur roṁam scríoḃaḋ ċugat. Do scríoḃar roinn litreaċ le déiḋeannaiġe ċum deaġḋaoine de ṁaiṫiḃ Gaeḋeal, agus níor ġaḃas freagra ó éinne aca. Is dóċa go ḃfuilid ró-ġnóṫaċ ċum áirde do ṫaḃairt ar mo leiṫéid-se. Nó do b’ḟéidir gurḃ’ aṁlaiḋ do ċuaiḋ mo litreaċa amuġa. I nGaeḋilg do ṡeolas iad agus is gnás le muinntir an ṗosta moill do ḃaint as litreaċaiḃ seoltar i nGaeḋilg. Má ṡroiċeann an litir so ṫú tá a ḟios agam go gcuirfir freagra ċugam, óir is de ṁaiṫiḃ líne ḋuit ḃeiṫ séiṁ leis an duine dealḃ agus éisteaċt le haṫċuinge gaċ éinne ḋá úirísle. Ba de ṫréiṫiḃ ríoġraiḋe Gaeḋeal an uṁlaiḋeaċt sin, ḋá ḃuirbe le bíoḋḃaíḃ iad.

Ní gáḃaḋ ḋom tusa do ġríosaḋ ná d’imḋeargaḋ fá mar ba ġáḃaḋ ḋom ag scríoḃaḋ ḋom ċum na ndaoine eile dár ṫagras. Níor staonais-se riaṁ i gcaṫ ḋá ḋéine. Dá staonfá do ḋéanfaḋ do luċt leanaṁna féin tú do ġríosaḋ. Sin buaiḋ de na buaḋaiḃ atá ag muinntir Ċonnarṫa na Gaeḋilge ṫar fearaiḃ Éireann. Tá cead cainnte agus cead cáinte ag an té is suaraiġe sa gConnraḋ. Tá muiniġin aca asat-sa aċt ní tuigtear ḋóiḃ gur gáḃaḋ ḋóiḃ ‘Ámén’ do ráḋ gaċ uair dá laḃrann tusa. Is iad do luċt leanaṁna iad aċt ní hiad do ċléiriġ iad. Cléiriġ agus giollaí atá ó ṁaiṫiḃ eile de Ġaeḋealaiḃ de réir mar ċítear ḋom. Is dóiġ liom gur fearr leat-sa cáirde agus luċt leanaṁna agat ioná cléiriġ agus giollaí.

Aduḃairt Eoin Mac Néill, tá seal gearr ó ṡoin ann, go ḃfuil an iomarca de’n ní úd ar a dtugaid Gaill red tape ag baint leis an gConnraḋ. Tá an ceart ar fad aige. Aċt ní hé sin é aṁáin. Is dóiġ liom go ndearna luċt ceannuis an Ċonnarṫa dearmad mór ó ṫús. Ag cromaḋ ar Gaeḋealaiḃ do ġríosaḋ dóiḃ is é do rinneadar mac-saṁail na gCumann bpoilitiḋeaċta do ḃí i nÉirinn le n-a linn do ċur ar bun agus Connraḋ na Gaeḋilge do ġairm de. Tá taiṫiġe ag Gaeḋealaiḃ ar a leiṫéidíḃ le céad bliaḋain agus ní ṫuigid a malairt. Aċt dá éifeaċtaiġe mór-ċumann agus craoḃaċa agus coistí ceanntair agus timṫirí agus riaġlaċa ag baint leis ċum cuspóra poilitiḋeaċta do ċur ar aġaiḋ, ní dóiġ liom gurab é is oireaṁnaiġe ċum cuspóra Ċonnarṫa na Gaeḋilge do ċur ar aġaiḋ. Cad is cuspóir do Ċonnraḋ na Gaeḋilge? Tá, Gaeḋil do ċur ag laḃairt Gaeḋilge. Cia aca is éifeaċtaiġe ċuige sin mór-ċumann maille le n-a ċraoḃaċaiḃ agus le n-a ċoistíḃ, le n-a ċóruġaḋ agus le n-a riaġlaċaiḃ, agus é ag caiṫeaṁ a ḋúṫraċta ag déanaṁ riaġal agus ag díospóireaċt fá dtaoiḃ díoḃ, nó buiḋne beaga do ḃeiṫ ag siuḃal na dúṫaiġe, buiḋean díoḃ ag aṁránaiḋeaċt, buiḋean díoḃ ag léiriuġaḋ úrċluiċí, buiḋean eile ag teagasc ná ndaoine i dtaoiḃ talṁaiḋeaċta, buiḋean eile ag gríosaḋ Gaeḋeal i n-aġaiḋ Gall, agus mar sin de, agus an obair sin ar fad dá déanaṁ aca i nGaeḋilg? Gan mórán cainnte aca i dtaoiḃ na Gaeḋilge, an dtuigeann tú, aċt gan ḋá laḃairt aca aċt Gaeḋealg.

An uair do cuireaḋ Connraḋ na Gaeḋilge ar bun baḋ ċeart do gaċ duine dár lean de a ċúl do ṫaḃairt ar an gcaṫair agus a aġaiḋ do ṫaḃairt ar an tuaiṫ. Baḋ ċeart dó dul imeasc na ndaoine a raiḃ an Ġaeḋealg aca agus fanṁaint ina measc. Baḋ ċeart dó gnó éigin do ṫarraing ċuige as a saoṫróċaḋ sé an oiread agus do ċoingḃeoċaḋ beo é, agus ḃeiṫ sásta leis an méid sin. Baḋ ċeart go raċaḋ na filí agus an luċt oirfidiḋ ag siuḃal na mbóṫar agus ag dul ó ṫiġ do tiġ ag aiṫris a gcuid dán nó ag cantain a gcuid ceoil do na daoiniḃ agus ḃeiṫ sásta le hiostar oiḋċe ina ḋíolaiḋeaċt sin. Baḋ ċeart go dtiocfaḋ buiḋean le ċéile agus dul ar fud na Gaeḋealtaċta ag léiriuġaḋ úrċluiċí i nGaeḋilg. Baḋ ċeart go ngeoḃaḋ buiḋean eile le n-a n-ais leaṫtrom Gaeḋeal do ċásuġaḋ i nGaeḋilg agus misneaċ Gaeḋeal do ṁúscailt agus Gaeḋil do ġríosaḋ i n-aġaiḋ Gall. Dá ndéanfaiḋe an méid sin agus tuilleaḋ dá ṡaġas, is baoġalaċ go mbeaḋ cuid dínn níos boiċte ioná táimíd, agus cuid eile ḋínn marḃ de’n ocras agus de’n anró, aċt DO ḂEAḊ AN ĠAEḊEALG SÁḂÁILTE AGAINN. Agus naċ é sin do ḃí uainn?

Is eagal liom go ḃfuil sé ró-ḋéiḋeannaċ ċum an méid sin do ḋéanaṁ anois. Aċt d’ḟéadfaiḋe roinn de do ḋéanaṁ. An ḃuiḋean ċluiċeoirí úd, d’ḟéadfaiḋe í sin do ċur síos go dtí an Ġaeḋealtaċt. Níl ní ar biṫ is mó do raċaḋ i dtairḃe do’n Ġaeḋilg. Do ḋéanfaḋ sé níos mó ċum laḃarṫa na Gaeḋilge do leaṫaḋ i n-aon ḃliaḋain aṁáin ioná mar atá déanta ag craoḃaċaiḃ agus ag timṫiríḃ an Ċonnarṫa le fiċe bliaḋain.

Tá an litir so ró-ḟada. Ní mór ḋom stad.

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.