Beaṫa agus Sláinte.

Ċím go ḃfuil muinntir Sinn Féin ag corruiġe arís. Ba ṁiṫid dóiḃ sin. Is beag nár ṁarḃuiġis do leanḃ féin. Do ḃí an dé deiriḋ ag imṫeaċt as. Ní raiḃ mórán báḋa agam-sa leis an leanḃ céadna riaṁ, aċt baḋ ṫruaġ liom a aṫair féin dá ṁarḃaḋ. Taḃair aire ṁaiṫ dó feasta agus do b’ḟéidir le Dia go mairfeaḋ an créatúr.

Do ḃís ró-ċruaiḋ. Do ḃís ró-ḋúr. Do ḃís ró-ċaol-intinneaċ. Do ḃís ró-ċeann-dána. Ní raiḃ do ḋóṫain muinġine agat as do ċáirdiḃ. Do ḃí an iomarca muinġine agat asat féin. Do ḃí an iomarca measa agat ar do ḃaraṁail féin. Do ḃí droċ-aṁras ort fá ḋaoiniḃ do ḃí ċoṁ dílis leat féin. Ní ṁolfá aon ċoṁairle aċt do ċoṁairle féin. Ní aontóċá aon ní aċt an ní do ṁolfá féin. Ní ḋéanfá aon ġníoṁ. Do b’ḟearr leat a ċɼuṫuġaḋ do’n tsaoġal naċ raiḃ an ceart ag duine eile ḋá ḋéanaṁ ioná an ní ċeart do ḋéanaṁ ṫú féin. Ní ḋéanfá féin aon ġníoṁ, agus dá molfaḋ éinne eile aon ġníoṁ le déanaṁ do ċruṫóċṫá ḋó nár ġníoṁ indéanta é.

Ní raiḃ aon dul ar aġaiḋ i ndán do Ċumann a raiḃ a leiṫéid sin d’ḟear ina ċeannus. Ní ḟanfaḋ éinne i gcumann muna mbeaḋ cead cainnte aige ann. Do ḃí do ċáirde dod’ ṫréigean ina nduine is ina nduine, agus do ṫréigfidís go léir ṫú dá leanfá mar do ḃí agat.

Is dóċa go dtuigir an méid sin anois. Baḋ ċeart dá dtuigfeá. Ċím fuadar nua fút-sa agus fád’ ḃuiḋin le déiḋeannaiġe. Má’s maiṫ is miṫid. Tá buaḋa agat-sa naċ ḃfuil ag aon ḟear eile d’ḟearaiḃ Éireann. Baḋ ṁór an truaġ é dá raċaḋ tairḃe na mbuaḋ sin amuġa toisc naċ ḃféadfaḋ daoine eile oibriuġaḋ fád’ ċeannus.

Ní beag sin.

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.