Cine do ḃí san Doṁan Ṫoir agus do ḃí a dteanga ḋúṫċasaċ i mbéalaiḃ báis. Do rinneadar Connraḋ eatorṫa féin ċum na teangan do ċosaint ar an éag. Do ġaḃadar ag scrúduġaḋ leaḃar a sean agus a sinnsear agus ag saoṫruġaḋ na teangan aṁail do ṡaoṫruiġeaḋ luċt éigse na sean-aimsire í.

Tamall dóiḃ mar sin gur éiriġ Ollaṁ fíor-léiġeanta go nduḃairt leo go raḃadar ag dul amuġa, óir nárḃ’ ar nós a sean agus a sinnsear baḋ ċóir dóiḃ an teanga do laḃairt agus do scríoḃaḋ aċt ar nós muinntire na tuaiṫe mar gurab aca-san aṁáin do ḃí ceart na cainnte.

D’éiriġ iomarḃaiḋ uaṫṁar agus easaontas aḋḃalṁór annsin, óir do ḃí gaċ éinne ag molaḋ canaṁna a ṗaráiste féin agus agá ṁaoiḋeaṁ gurab í a ṡeanṁáṫair féin an t-aon duine aṁáin a raiḃ ceart na canaṁna sin aici. Do leig gaċ éinne air féin nár ṫuig sé canaṁain a ḃráṫar, agus do ḋearḃuiġ gaċ éinne go raiḃ an teanga dá milleaḋ agus dá marḃaḋ, dá haṫċumaḋ agus dá iompóḋ bun os cionn ag gaċ éinne eile.

Tamall eile ḋóiḃ gur éiriġ an dara hOllaṁ, fear ba léiġeanta i ḃfad ioná an ċéad ollaṁ óir do ḃí sé tar éis seal dá ṡaoġal do ċaiṫeaṁ ins na coigcríoċaiḃ, go nduḃairt gurab ionann cás do na canaṁnaiḃ ar fad óir go raḃadar ar fad truailliġṫe go mór ag an teangain iasaċta do ḃí dá laḃairt san dúṫaiġ, agus go mbaḋ ċóir ḋóiḃ dul siar míle bliaḋain gus an aimsir naċ raiḃ aon teanga iasaċta san dúṫaiġ agus gan aon ní do ráḋ ná do scríoḃaḋ aċt an ní adéaraḋ nó do scríoḃfaḋ duine do ṁair míle bliaḋain roiṁe sin. Ba fear céilliḋe stuamḋa an tOllaṁ sin, agus ionnus go dtuigfiḋe i gceart é do laḃair sé san teangain iasaċta.

Do ḃraṫ gaċ éinne annsin dá ndéanfaḋ sé aiṫris ar an Ollaṁ fíor-ċéilliḋe sin agus gaċ a raiḃ sé le ráḋ aige i dtaoiḃ na teangan dúṫċasaiġe do ráḋ san teangain iasaċta, ní hé aṁáin go dtuigfiḋe é, aċt naċ ḃféadfaiḋe a ċasaḋ leis naċ raiḃ an teanga ḋúṫċasaċ ina ceart aige, mar naċ mbeaḋ a ḟios ag éinne an raiḃ nó naċ raiḃ. Do ġaḃ gaċ éinne ag scríoḃaḋ san teangain iasaċta annsin agus ag noċtaḋ coṁairlí ċum na teangan dúṫċasaiġe do ċosaint. Do ṁol dream Litriuġaḋ na teangan do Ṡimpliuġaḋ. Do ṁol dream eile Árd-Litriḋeaċt do Ċumaḋ san teangain. Do ṁol an treas dream Daoine Uaisle do ċur ar fud na dúṫaiġe ar Ġluaisteánaiḃ agus iad ag laḃairt na teangan. Do ṁol dream eile fós a ċur d’ḟiaċaiḃ ar ṁáiġistríḃ scoile gan focal de’n teangain iasaċta do ṁúineaḋ do leanḃaíḃ ar scoil. Agus ó’s san teangain iasaċta do molaḋ na neiṫe ar fad agus neiṫe eile naċ n-áiriṁṫear annso, do ḃí síoṫċáin san dúṫaiġ, agus níorḃ’ ḟéidir le héinne a ċasaḋ le héinne eile naċ raiḃ an teanga ḋúṫċasaċ ina ceart aige.

Agus do ċuaiḋ an teanga ḋúṫċasaċ i laige agus d’éag sí agus do cuireaḋ go huasal onóraċ í agus do scríoḃaḋ a feart-laoi san teangain iasaċta.

Agus mairfiḋ an teanga iasaċta go bruinn an ḃráṫa.