Do ḃí Fear i gCríċ gan Ainm agus iomad carad aige. Do ġlac sé fuaṫ do’n ní ar a dtugaḋ bunaḋ na Críċe sin ‘uisce fá ṫalṁain.’ D’ḟulaingeaḋ sé uisce beaṫa nó uisce báis nó fíor-uisce fá aon ċuma nó i n-aon áit aċt é do ḃeiṫ os cionn talṁan. Do ḃí de ṁéid a ḟuaṫa d’uisce fá ṫalṁain do dtáinig saoḃ-ċiall air go saṁluiġtí ḋó go mbíoḋ uisce fá ṫalṁain ar gaċ taoiḃ de san áit naċ mbíoḋ agus naċ ḃféadfaiḋe a ḃeiṫ. Dá ḃfeiceaḋ sé duine ag laḃairt le Feisire adeireaḋ sé: sin uisce fá ṫalṁain. Dá gcluineaḋ sé gur laḃair duine le duine eile ar an nguṫán adeireaḋ sé: uisce fá ṫalṁain arís. Dá dtigeaḋ dream daoine le ċéile ar ċoṁḋáil do ḃíoḋ sé cinnte gur d’aon turas ċum uisce fá ṫalṁain do ḋéanaṁ do ṫigidís. Dá gceannuiġeaḋ duine bairéad nua, nó dá mbearraḋ duine é féin, nó dá ndéanaḋ duine eile dearmad gan é féin do ḃearraḋ, adeireaḋ sé: sin coṁarṫa uisce fá ṫalṁain.
Do ġaḃ a ċáirde dá ṡeaċaint annsin ar eagla go gcuirfeaḋ sé uisce fá ṫalṁain ina leiṫ, go nár lean dó aċt triúr. Do ṡuiḋidís sin ina ḟoċair ag imirt fiṫċille agus ag caiṫeaṁ tobac i dTiġ árd do ḃí i nÁrd-Ċaṫair na Críċe sin ar ar tugaḋ mar ainm an D.B.C. Lá n-aon rug duine de’n triúr sin buaiḋ air i ḃfiṫċill, agus do ḋíbir sé an té sin óir do ḃí sé cinnte gurab uisce fá ṫalṁain fó ndearr. Lá eile do ḃí droċ-tobac ag duine eile de’n triúr agus do ḋíbir sé an té sin ó ba léir dó gurab uisce fá ṫalṁain fó ndearr. Lá eile fós do ḃain an treas duine sraoi gan a ċeaduġaḋ san roiṁ ré agus do ḋíbir sé eisean ó do b’ḟollusaċ naċ ndéanfaḋ éinne a leiṫéid muna mbeaḋ uisce fá ṫalṁain do ḃeiṫ san áit.
Do ṁéaduiġ ar a ṡaoḃ-ċéill ina ḋiaiḋ sin gur ṡeaċain sé uisce agus deoċ de gaċ cineál ar eagla gurab uisce fá ṫalṁain do ḃeaḋ ann, agus do b’é deireaḋ a staire go ḃfuair bás de’n tart.