Do ḃí Fear Meaṫta ann fad ó agus do ḃí de ṁéid a ṁeaṫtaċta gur neaṁ-ġlan leis gaċ ní ḋá ġlaine agus gur léir dó salaċar san áit naċ mbíoḋ aon tsalaċar. Dá ḃfeiceaḋ sé an focal ‘tóin’ fá ċló do scannruiġeaḋ sé; dá léiġeaḋ sé fá ċailín cosnoċtuiġṫe do ḋeargaḋ sé; dá gcastaoi air fear agus filleaḋ beag uime do ṫeiċeaḋ sé; dá scríoḃaḋ duine úrċluiċe ina ḃfeicfiḋe cailín ag cur íoċ-ṡláinte le cois a haṫar tar éis a leointe do ċoscaḋ sé ar ṁnáiḃ na hÉireann dul ag féaċaint ar an úrċluiċe sin. Dá luaiḋtí an focal ‘bríste’ ina láṫair adeireaḋ sé: ‘Seaċain, seaċain! Do b’ḟéidir go mbeaḋ bean ag éisteaċt leat!’ Dá ndéanfaiḋe tráċt ar ċleaṁnas nó ar iomċur cloinne os a ċoṁair do ġeoḃaḋ bás de’n náire.

Tamall fada ḋó ag dian-ṁaċtnaṁ ar ṡalaċar an tsaoġail go dtáinig saoḃ-ċiall air gur ġaḃ sé ag scrúduġaḋ leaḃar agus irisleaḃar agus láṁ-scríḃeann an doṁain ar lorg salaċair, agus ar aon tsalaċar d’ḟaġáil dó do léiġeaḋ arís agus arís eile é go mbíoḋ de ġlan-ṁeaḃair aige, agus annsin do ṫéiġeaḋ ó ḋuine go duine dá ċáirdiḃ ḋá innsint agus ḋá aṫ-innsint dóiḃ. Do lean de sin gur truailliġeaḋ a intinn-sean agus intinn a ċáirde ċoṁ mór sin nar ḟéadadar cuiṁniuġaḋ ná laḃairt ar aon ní aċt ar an loḃṫaċt agus ar an salaċar agus ar gaċ ní ḋá ḃréine.

Agus an uair do fuair an fear sin bás i ndeireaḋ a ṡaoġail do damnuiġeaḋ agus do cuireaḋ ċum Ifrinn é.