Clann aon aṫar do ḃí i seilḃ ḋúiṫċe áilne gur éiriġ easaontas eatorṫa gur ġaḃadar ag slad agus ag ionnarbaḋ a ċéile. Aṫaċ aḋḃal-ṁór urġránna do ḃí ina ċoṁnaiḋe ar aon teorainn leo, ar n-a ċlos dó go raḃadar ag slad agus ag ionnarbaḋ a ċéile, ṫáinig isteaċ ar an dúṫaiġ d’iarraiḋ síoṫċána do ḋéanaṁ. Do rinne sé síoṫċáin tar éis trian de ṁuinntir na dúiṫċe do ṁarḃaḋ dó agus trian eile do ḋíḃirt tar bóċna. Agus annsin do ḃain sé seilḃ na dúiṫċe de’n treas trian agus do ċuaiḋ féin ina seilḃ agus do ċuir fuiġleaċ an dreama ar leo an dúṫaiġ i ngéiḃeann agus ceangal na gcúig gcaol orṫa.

Tamall fada dóiḃ mar sin go dtug Fear Óg do ḃí ar Ḃeagán Céille fá deara go raiḃ an ceangal do ḃí orṫa caiṫte leis an aois agus leis an ársaiḋeaċt agus go mbaḋ ḟurus a ḃriseaḋ. Do ċuir sé an ní sin i n-iúl dá ḃráiṫreaċaiḃ agus do ċoṁairliġ ḋóiḃ an ceangal do ḃriseaḋ agus an tAṫaċ do ċur a seilḃ a ndúiṫċe agus iad féin do ḋul ina seilḃ arís.

D’ḟreagair duine aca darḃ’ ainm Oráisteaċ é agus aduḃairt: ‘Ní ḃrisfead-sa an ceangal sin agus ní leigfead díḃ-se a ḃriseaḋ, óir is Pápairí Fuilteaċa siḃ-se agus atá siḃ fá smaċt mo ḃráṫar annso .i. Sagart, agus aduḃairt an tAṫaċ liom dá mbeimís scaoilte o’n gcuiḃreaċ so naċ leigfeaḋ Sagart dom-sa marṫain im’ ḋúṫaiġ féin, agus ar an áḋḃar sin is fearr dom an tAṫaċ dom’ ċosaint.’

Do laḃair an bráṫair darḃ’ ainm Sagart annsin agus is é aduḃairt: ‘A Ḟir Óig atá ar Ḃeagán Céille, bris an ceangal so atá orainn má tá sé de neart agus de ṁisneaċ ionnat, aċt ní ṫiuḃrad-sa aon ċongnaṁ ḋuit ċuige, óir aduḃairt an tAṫaċ liom dá mbeimís scaoilte ó’n gcuiḃreaċ ina ḃfuilmíd agus gan eisean annso dom’ ċosaint go n-iompóċaḋ siḃ-se ar fad im’ ċoinniḃ-se agus go ruaigfeaḋ siḃ as an dúṫaiġ amaċ mé.’

Do laḃair sean-duine críon annsin agus is é aduḃairt: ‘A Ḟir Óig atá ar Ḃeagán Céille, tá an tAṫaċ ag taḃairt cúig scilling gaċa seaċtṁaine ḋom-sa ċum tobac do ċeannaċ ḋom féin, agus aduḃairt sé liom dá mbeimís saor ó’n gcuiḃreaċ so gur ḃaoġalaċ ḋom gan mo ċoróin ġeal gaċa seaċtṁaine d’ḟaġáil, óir naċ ḃfuil mórán airgid agaiḃ-se.’

Do laḃair bráṫair eile annsin do ḃí ina Ṁaor ag an Aṫaċ ar an gcuid eile agus is é aduḃairt: ‘Tá tuarastal maiṫ ag dul dom-sa ó’n Aṫaċ agus dá gcuirfiḋe an tAṫaċ as ar ndúṫaiġ do bainfiḋe an tuarastal sin díom. Agus, a Ḟir Óig atá ar Ḃeagán Céille,’ ar sé agus a ḟearg ag éirġe ḋó, ‘má leanair dár mbuaiḋreaḋ agus sinn go socair sásta fá ċoimirce an Aṫaiġ uasail so cuirfead ceangal fó ṫrí agus fó ċeaṫair ort agus muna ḃfanair id’ ṫost annsin bainfead an ceann díot.’

Do ġaḃ imeagla an Fear Óg annsin agus níor laḃair a ṫuilleaḋ. Tar éis tamaill ṫáinig ciall dó agus do ḋíol sé é féin leis an Aṫaċ agus do rinne an tAṫaċ Fó-Ṁaor ḋe fá ċeannus an Ṁaoir eile.

Agus d’ḟan an ċlann san ngéiḃeann ina raḃadar agus béid aṁlaiḋ go bruinn an ḃráṫa.