(30 MÁRTA, 1912)

Aduḃramar, tá seaċtṁain ó ṡoin ann, go ḃfuil gáḃaḋ le buiḋin ḃig Ġaeḋeal le dul sa mbearnain ḃaoġail. Tá caṫ roṁainn. Ní fios d’éinne fós aċt aṁáin do Ḋia na ḃfeart cia aca ar Ġaeḋealaiḃ nó ar Ġallaiḃ brisfear an caṫ sin. Gaċ caṫ dá deaċaiḋ Gaeḋil ann le trí céad bliaḋain is orṫa do briseaḋ. ‘Briseaḋ na Cruiminne is briseaḋ na Bóinne, ’S an tríoṁaḋ briseaḋ ag Móta Ġráinne Óige, An ceaṫraṁaḋ briseaḋ i nEaċḋruim Dia Doṁnaiġ, ’S buaileaḋ buille trom orainn ag Tobar an Doṁnaiġ.’ Níl annsin aċt tús an áiriṁ. Briseaḋ ’98 agus briseaḋ 1803, briseaḋ ’48 agus briseaḋ ’67, briseaḋ ’86 agus briseaḋ ’93, briseaḋ 1907 agus briseaḋ 1912 (má’s briseaḋ ḃéas ann). Is fada an t-áireaṁ é. Aċt naċ cuma? Bíoḋ go ḃfuil briseaḋ agus briseaḋ eile fós roṁainn, caiṫfear aġaiḋ do ṫaḃairt ar an gcaṫ arís agus arís eile. Nó go mbristear sa deireaḋ ar Ġallaiḃ béiḋ ar Ġaeḋealaiḃ dream do ċur ar Áṫ an Ḟorḟaire, agus béiḋ gáḃaḋ le buiḋin Ġaeḋeal le dul sa mbearnain ḃaoġail.

An caṫ atá roṁainn anois, is geall le briaṫar-ċaṫ é. Mar aduḃramar roṁainn anois, is geall le briaṫar-ċaṫ é. Mar aduḃramar roṁainn ní fios d’éinne cia an ċríoċ ḃéas air. Na briaṫar-ċaṫa do ḃíoḋ ann fad ó, do b’annaṁ gan arm-ċaṫ ina ndiaiḋ. B’ḟéidir gur mar sin do ḃeaḋ de’n dul so freisin. Bíoḋ Gaeḋil ullaṁ.

Is aṁlaiḋ atá ar dtaoisiġ fá láṫair agus droċ-ṁuiniġin aca as Gaeḋealaiḃ agus a seasaṁ ar Ġallaiḃ. Ní maiṫ leo Gaeḋil dá gcoṁairliuġaḋ, aċt fulaingid Gaill dá ndallaḋ. Ta dream ḋíoḃ agus iad ar a nglúnaiḃ roiṁ Ġallaiḃ. Do ġaḃamar leaḃrán an tseaċtṁain so do scríoḃ Diarmuid Mac an Ḃeaṫa, feisire. I n-urṫosaċ an leaḃráin sin léiġtear na focla so: ‘Ní tiuḃrar i gceist ceannus Feise na hImpireaċta, agus ní féidir a ṫaḃairt i gceist.’ Adeirimíd-ne go tiuḃrar i gceist ceannus Feise na hImpireaċta ó’n gcéad lá ṡuiḋfeas Feis Ġaeḋeal. Adeirimíd naċ ḃfuil aon uġdarṫás ag Diarmaid Mac an Ḃeaṫa a ráḋ naċ dtiuḃrar. Adeirimíd gurab é atá ḋá ḋéanaṁ aige .i. ceart dúṫċais Gaeḋeal dá ḋíol i n-aisce.

Is léir ó’n méid sin go ḃfuil gáḃaḋ le buiḋin ċosnóċas oineaċ Gaeḋeal sa gcaṫ agus go mór-ṁór, mar aduḃramar tá seaċtṁain ó ṡoin ann, sa síoṫċáin ḃéas ann tar éis an ċaṫa; óir ḋá ḃaoġalaiġe an caṫ is baoġalaiġe go mór an tsíoṫċáin. Níor ċaill Gaeḋil riaṁ i gcaṫ aċt a mbeaṫa. Is minic do ċailleadar a n-oineaċ sa sos caṫa.

Do ċuirfimís, de réir mar aduḃramar ċeana, trí neiṫe de ṁór-ualaċ ar a leiṫéid sin de ḃuiḋin: ‘An ċéad ní ḋíoḃ, luċt na Gaeḋilge do ḃailiuġaḋ do ċongnaṁ Gaeḋeal sa gcaṫ, óir is iad luċt na Gaeḋilge is dílse de ċlannaiḃ Gaeḋeal agus is iad is aoirde aigneaḋ agus is géire intinn dá maireann dár gcine. An dara ní ḋíoḃ, má cuirtear Feis ar bun i nÉirinn, buiḋean Ġaeḋeal naċ ḃfuil ceannuiġṫe agus naċ féidir a gceannaċ do ḃeiṫ ar an ḃFeis sin ó ṫús, buiḋean ṡeasfar ar son cirt Ġaeḋeal i n-aġaiḋ Gall agus Gall-Ġaeḋeal na cruinne. Nó, an treas ní ḋíoḃ, má ṫeipeann orainn an Ḟeis sin do ḃaint amaċ de’n iarraċt so, Gaeḋil do ġairm ċum éirġe agus gan staonaḋ dá ngríosaḋ go mbéiḋ ina ċogaḋ ċraorag ar fud na hÉireann.’