An Claiḋeaṁ Soluis, Lúnasa 4, 1906.

Do ṡuḋeas ós cionn na fairrge is mé go duḃaċ. Ḋá ċéad troiġ síos uaim ḃí tonn ag briseaḋ go fuaimneaċ ar an dúirling. An ċoite ‘na dtángas go dtí an ball uaigneaċ úd, ḃí sí d’á lausgaḋ ar ḃarr na tuinne san áit a raiḃ sí ceangailte agam. Ní raiḃ aon daonnaiḋe ‘mo ġoire.

Ḃí an deireaḋ lae ann. Ḃí an ġrian ag dul faoi san iarṫar, aċt ní raiḃ aṁarc uirṫi le faġáil. Ḃí ceo glas ar an muir. Ḃí an spéir fá smúid.

Táinic torann na tuinne aníos ċugam mar éagcaoine an duine do ḃeaḋ d’á ṗianaḋ ag deaṁnaiḃ. Laḃair faoilleán san doiṁneaċt. Ba ċosṁail a ġlór le sgread truaiġṁéileaċ an anmna do ḃeaḋ ar fán ó Ḋia.

Sgaip na néalta go hobann agus ṡoillsiġ an ġrian. Do ḋearcas ṫar an muir amaċ, agus féaċ! ḃí bóṫar fada fairsing – é ċoṁ mín le gloine, é ċoṁ solusṁar, dar liom, le hurlár na ḃFlaiṫeas – ag síneaḋ ós mo ċoṁair amaċ – amaċ – ṫar ḋromċla na bóċna, ó ḃun na haille go dtí an ġrian!

D’éiriġ an faoilleán ar eiteoig agus d’ imṫiġ leis siar an bóṫar úd, an ġrian ag deallraḋ go glórṁar ar a sgiaṫánaiḃ. D’ḟaireas é ar feaḋ i ḃfad. Siar, siar leis i gcoṁnuiḋe go ndeaċaiḋ sé, mar facṫas dom, isteaċ i gcroiḋe na greine.

‘A ḟaoilleáin áluinn,’ arsa mise, ‘raċaiḋ mé i mo ċoite go dtriallaiḋ mé an bealaċ soillseaċ úd in do ḋiaḋ.’

D’éiriġeas ‘mo ṡeasaṁ, aċt ar an móiméad ċuaiḋ an ġrian fá ḃun na spéire, d’imṫiġ solas iongantaċ an deiriḋ lae as, agus leaṫ dorċadas ar an dílinn.