I gCinn Mhara bhíos nuair chuireas aithne ar m’asal beag dubh i dtosach. Lá aonaigh bhí ann, agus bhí sé n‑a sheasamh annsin cois claidhe agus a thóin le gaoith, gan áird aige ar an saoghal ná ag an saoghal air. Acht chuir mé féin suim ann ó tús. Bhí asal uaim, bhíos tuirseach de’n tsiubhlóid—nach n‑iomchróchadh seisean mé féin, agus mo mhála agus mo chóta mór, agus gach aon tsórt? Agus cárbh fhios nach bhfuighfinn saor go leór é?

Chuireas tuairisg an t‑é ar leis é, acht b’éigin dom an baile a chuartú sul má fuaireas é. Taobh amuigh de theach ósta bhí sé, agus é ag gabháil fhuinn ar phingheachaibh.

Dar príosta! Dhíolfadh sé an t‑asal. ’Tuige nach ndíolfadh dá bhfuigheadh sé a luach? Seadh, a luach; dheamhan thumanta pighinn bhí uaidh acht a luach; agus ar ndóigh, marach chomh cráidhte is bí an saoghal aige, ní sgarfadh sé leis go deó— diabhal sgaradh! Asal breágh óg d’fhéadfadh fiche míle chur de go réidh sa ló! Dá bhfuigheadh sé glac coirce, uair sa mí, ní bhéadh capall-rása sa tír d’fhéadfadh choinneál suas leis—dheamhan capall!

Chuadhmar beirt ag féachaint ar an asal.

An moladh thug an fear siubhail dhó! Ní raibh asal ann ariamh, ó tháinic an chéad asal go hÉirinn, bhí chomh sgofánta leis, chomh ciallmhar leis, chomh fad-bhreathnuigheach leis——

“Bhfuil fhios agat nós atá aige?” arsa fear a mholta, “dá dtugthá gráinnín beag coirce dhó ar maidin, chuirfeadh sé cuid de i dtaisge ar faitchíos go mbéadh sé gann lá ’r n‑a bhárach. Dar a bhfuil de leabhraibh beannuighthe san Róimh chuirfeadh!”

Rinne duine éigin gáiridh. D’ionnsuigh an fear siubhail é.

“Cé ’n gáiridh sin ort-sa, a phlaidhce?” ars an fear siubhail. “Tá sé chomh ciallmhar sin is go gcuireann sé cuid dá chuid coirce i dtaisge: nach minic bhí mé féin chomh gann sin ’s go mb’éigin dom roinnt a ghoid uaidh–marach an t‑asal sin is minic bhéadh ocras orm féin agus ar mo dháréag inghean….”

D’fhiafruigh mé de an n‑aithneóchadh sé cuid na gcomharsan thar cuid a mháighistir.

“Tá sé chomh cneasta leis an sagart,” arsa mo dhuine, “dá mbéadh an uile bheithidheach eile mar é ní bhéadh call le claidhe ná sgónnsa, fál ná móta–deamhan call.”

Bhí sluagh mór bailighthe timcheall orainn faoi seo. Bhí a chlann féin ann–ní fios dom an raibh an dáréag aca ann, acht an méad bhí–ní chasfaidhe ort i n‑aon bhall eile i nÉirinn sgata páisdí bhí chomh giobalach salach smeartha leó, agus gach duine aca níos mí-mhúinté ná an duine eile. Bhí a bhean ann, í cos-nocht, ceann nocht, fiadhánta….

Chuir sise isteach ar an gcainnt.

“An cuimhneach leat an lá, a Pheadair,” ar sise le n‑a fear, “an cuimhneach leat an lá a ndeacha sé amach a’ snámh ’san abhainn gur thug sé Micilín bocht bhí ag imtheacht le sruth i dtír?”

“’Tuige nach gcuimhneóchainn air?” ar seisean; “seadh a Shaidhbh, agus an lá tairigeadh cúig phunnt dhom air—”

“Cúig phunnt,” ar sise liomsa, “fuair sé an cúig phunnt air, cúig shobharan buidhe isteach i lár a ghlaice—”

“Mh’anam go bhfuair,” ar seisean ag cur isteach uirri, “bhí an t‑airgead annsin agam, ’mo ghlaic, agus an margadh dhéanta—”

“Acht nuair chonnaic sé an t‑asal bocht,” ar sise, “agus na deóra leis go rabhamar ag sgaradh leis, níor fhéad sé gan an margadh bhriseadh.”

“Éist!” ar seisean, “labhair go réidh adeirim! Níl focal dá bhfuilmid a rádh nach dtuigeann sé. Féach an chluas atá air!”

Thairg mé punnt ar an mbeithidheach iongantach seo.

“Punnt!” ars an fear siubhail ’n‑a sheanbhéic.

“Punnt!” ars a bhean.

“Punnt!” ars an dáréag inghean i n‑aoinfheacht.

Nach orra uile go léir bhí an t‑iongnadh! Chruinnighdar thart orm, agus iad ag baint lán na súl asam. Rug páisde ar mo chóta; rug páisde eile ar mo bhrísde; rug an té dob’ óige díobh ar ghlúin orm. Chuir páisde eile díobh lámh isteach i bpóca mo bhrísde: ár ndóigh, ní raibh an créatúr acht ag féachaint an raibh an puinnt féin agam– acht ní punnt fuair sé acht leadóg faoi ’n gcluais agus ní ó ridire na mbóithre é!

*******************************************************************************************************************************************************************************

Thaithnigh an t‑asal beag dubh liom go maith. Dhéanfadh sé cúis. D’iomchróchadh sé cuid de’n bhóthar mé. Agus d’fhéadfainn é dhíol uair ar bith a mbéinn tuirseach de.

“Punnt,” ars mise arís.

“Dá phunnt,” ars an fear siubhail.

“O bhó! bhó!” ars an bhean, “m’asal breágh díolta ar dhá phunnt!” agus thosuigh ghá chaoimeadh go deórach.

“Ar phunnt,” arsa mise.

“Ar phunnt– agus sé pighne an duine do na páisdibh.”

Socruigheadh an margadh sin. Thugas an punnt dó. Thugas sé pighne do’n uile dhuine dá chlainn bhí thart orm. Annsin thosuigh an bhean ag ghlaodhach ar Sheáinín agus ar Éimín agus ar Thaimín, agus ní fios dom cé mhéad eile. Ní raibh bacach ar an aonach nár thug a chlann chugam agus iad uile go léir go bagarthach, sgréachach. An gleó bhí aca! An t‑achrann agus an rí-rá agus an rúille-búille bhí thart orm! Duine aca a rádh nach bhfuair sé féin pighinn ar bith agus an réal geal faoi ’n teangaidh aige! Duine eile a rádh–ní bhéadh fhios agat céard bhí aon duine a rádh, nó ag iarraidh a rádh, leis an achrann bhí thart orm.

Mo mhairg nár thugas an dá phunnt dó i dtosach gan bacadh leis na féirínibh sin!

D’fhágas an baile faoi ghradam.

Bhí mé i n‑airde ar dhruim an asail, an fear siubhail i ngreim san adhastar ar mo láimh dheis, a bhean i ngreim ann ar mo láimh chlé, an sgata páisdí ’n‑ár dtimcheall agus gach aon bhéic uatha!

Lean cuid de bhuachaillibh an bhaile sinn, agus a chomhairle féin ag gach duine aca dhom. Cuireadh an t‑asal i gcomórtas leis na capaill-rása ba mhó dá raibh trácht orra an tráth sin; dubhradh liom bheith ar m’aire, nó d’imtheóchadh sé leis agus nach bhfeicfidhe arís choidhche é; moladh dhom an biadh seo agus an biadh úd thabhairt dó–ní raibh greann aca ariamh, shíltheá, go bhfacadar mé féin i n‑áirde ar m’asal beag dubh agus an lucht siubhail dhom thionnlacan!

Acht cár mhisde liom? Nach raibh an t‑asal agam, agus a leithéid de bheithidheach ceithre gcos ag teasdáil uaim le fada an lá?

An féidir cur-síos a dhéanamh ar an gcaoi a sgar mé féin agus an t‑asal leis an lucht siubhail? Craitheadar uile go léir lámh liom naoi n‑uaire i ndiaidh chéile; labhair an uile dhuine díobh go mín réidh agus go bladarach mealltach leis an asal…. Do h‑innsigheadh a thréithre dhom fá seacht. Baineadh gealladh dhíom bheith lághach cineálta leis, glaic bheag coirce thabhairt dó nuair d’fhéadfainn é, greim féir bhronnadh air san oidhche, agus ar m’anam gan an maide imirt air.….

Annsin nuair bhíomar ag sgaradh ó chéile, thógadh an t‑olagón. Thosuigh an t‑athair. Chuidigh an mháthair leis. Lean na páisdí dhe, gur líonadh an choill mór-dtimcheall orainn leis an gcaoineadh caol cruadh do rinneadar.

Bhí mé liom féin faoi dheireadh, mé féin agus m’asal beag dubh.

D’imthigh sé leis n‑a chos-n‑áirde gur fhágamar an choill ’n‑ár ndiaidh. Shíleas go raibh togha margaidh agam: cá bhfuighfidhe asal bhí chomh beó sgofánta le m’asal beag dubh?

Acht nuair bhí an choill n‑ár ndiaidh, bhí port eile aige. Cos ní chorróchadh sé. Shíleas é bhladar agus é mhealladh le binn-bhriathraibh. Ní raibh áird aige orm. Shíleas é bhogadh leis an mbata. Cor ní chuirfeadh sé dhe, acht é ’n‑a sheasamh annsin i lom-lár an bhóthair.

Chuaidh daoine thart, cuid de lucht an aonaigh agus iad sgléipeach go leór. Moladh dhom é seo dhéanamh leis; moladh dhom é siúd dhéanamh leis–acht nuair mhol duine aca dhom é iomchur sgathamh de ’n bhealach, bhris ar m’fhoighid agus chuireas cioth cloch n‑a dhiaidh.

B’éigin dom’sa deireadh theacht anuas agus–seadh, é tharraingt ’mo dhiaidh i n‑aghaidh a chos agus a chinn….

Nach mise chuir na deágh-phaidreacha leis an bhfear siubhail a dhíol a leithéid de bheithidheach liom!

Acht ní raibh sé i bhfad gur thug mé rud aisteach faoi deara. Bhí sé faiteach agus ní chuireadh aon nidh faitchíos air acht an ceól ghnítheas an ghaoth i ngéagaibh crainn.

Ní túisge ghabhadh sé isteach faoi ghéagaibh na gcrann bhí ar leath-taobh an bhóthair, ná chailleadh sé an spadántacht agus is ar éigin d’fhéadfaidhe é choinneál. Chuireadh sé cluas air féin i dtosach; annsin chraitheadh sé é féin ar nós madra bhéadh thar éis theacht as an uisge; agus sul a mbéadh fhios agad, bhéadh sé ag imtheacht leis n‑a feire-glinte. Bhí liom.

Cheangail mé de gheata é. Isteach liom sa gcoill. Bhain mé lán mo ghabháil d’úrdhuil-leabhar. Rinne mé fleasg dhe, gur chuir mé faoi n‑a mhuineál agus ós cionn a dhá chluais é nuair bhíomar ag imtheacht as an gcoill.

An beithidheach bocht! Ní faca tú ariamh acht an siubhal rinne sé. Níor cheap sé acht go raibh sé sa gcoill i gcomhnaidhe leis an ceól bhí ’n‑a chluasaibh. Nuair shroicheamar Baile Uí bhFíodhcháin, tháinic muinntir an bhaile uile go léir amach go bhfeicfidís an t‑iongnadh—mé féin agus m’asal beag dubh a raibh an choróin chraobhach ar a cheann……

Tá an t‑asal beag dubh agam go fóill agus beidh go gcaillfear é. Is iomdha míle fada chuireamar dhínn le chéile faoi fhearthainn agus faoi bháistigh, faoi shioc agus faoi sneachta. Sgar sé le cuid dá dhroch-nósaibh leis an aimsir—rud nár eirigh liomsa dhéanamh. Agus sílim go bhfuil a fhios sin ag m’asal beag dubh chomh maith le duine……

Acht ní fhaca tú ariamh acht an eirghe ’n‑áirde tá ann ó cheannuigheas cárr beag glas uaithne gleóite dhó! Ag dul i n‑óige atá sé, an beithidheach bocht!