Fuair sí faill chainte liom sul a ndeachas a chodladh. D’innis sí a sgéal dom—an méid nár hinnsigheadh cheana dhom san litir.
Ó d’fhágas féin an taisbeántas, ó’n oidhche úd fad ó nuair a chuireas an clampar ar siubhal, níor éirigh leó. Bhí an droch-cháil orra. D’imthigh na daoine is fearr a bhí aca. Thosuigh an Fear Beag Buidhe ag ól.…
“Cá’l sé ’nois,” arsa mise, “go bhfuighe mé greim air, go gcuiridh mé iallach air⸺”
“An fear bocht!” ar sise.
“Cá’l sé, adeirim? Cá’l sé?” arsa mise agus cuthach orm.
“Fainic thú féin air,” ar sise, “fainic thú féin, a chuid.”
Ní innseochadh sí dhom cá raibh an bitheamhnach. Acht b’fhacthas dom uirri go raibh sí cinnte dearbhtha go raibh seisean ar tí mo mharbhtha. ’N‑ár suidhe ar lic na fuinneóige, taobh amuigh, bhíomar ’nós nach gcloisfeadh muintir an tighe an cómhrádh. Nuair a bhíodh duine ag gabháil tharainn, bhí orainn a bheith ’n‑ár dtost go n‑imtheóchadh sé. Bhí duine ag gabháil thart ar an bpointe seo, is b’éigin domh-sa leigint orm nach raibh cuthach orm.
“Céard a thug annseo thú?” adeirim-se.
“Ó sgaras leat,” ar sise, “ó d’fhág tú liom féin mé,” ar sise ag tabhairt súil na glasóige orm, ní dheárnas aon mhaith. Mar dubhras leat ’san litir bhíos ag cailleadh na feóla i n‑aghaidh an lae le cumha ’do dhiaidh.…Ceapadh ’san deireadh nach raibh mé sáthach reamhar ar chor ar bith le bheith ’mo fheic…féach anois mé,” ar sise ag éirghe ’n‑a seasamh, “nach iomdha bean d’fheicfeá níos raimhe go mór ná mé?”
Ní raibh sí ag rádh acht an fhírinne. Bhí lóchrann sráide ar a cúl, agus bhí an-amharc agam uirri. Cuma cé’n chaoi ar chaill sí an fheóil bhí an fheóil mhór caillte aici, acht go dtiubharthá bean reamhar uirri fós féin, gan éagcóir a dhéanamh uirri acht a oiread.
“Ar ndóigh, b’éigin dom slighe bheathadh eile a ghlacadh chugam,” ar sise, “táim ar aimsir annseo. Tá sean-aithne agam ar mhuintir an tighe. Acht maidir le Alf bocht”—b’in é an Fear Beag Buidhe—“rinne seisean a dhíceall mé leigheas. Na biadhtha is buirbe agus na deocha is cumhachtaighe, an sógh agus an suaimhneas, tugadh dhom iad. Acht ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon ghoile agam, le cathughadh ’do dhiaidh…dá n‑abruighinn focal fút, cheapfá gur ar mir bhíodh sé. Seachain thú féin air! Seachain thú féin air, adeirim!”
Shuidh sí le mo thaobh arís. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Do cheapas go raibh sí ar tí mo phógtha agus mo fháisgthe mar rinne sí go minic cheana, acht ní dheárna sí acht greim fhagháil ar mo láimh agus féachaint orm go cásmhar.
Chuaidh Iodálach thart agus gléas ceóil aige. Thosuigh sé ar fhonn a sheinnt dúinn ar an orgán.
“…Dheamhan cuimhne a bhí agam,” ar sise ag fáisgeadh barróige orm, “dheamhan cuimhne a bhí agam go mbéadh an oiread de’n ádh orm is go gcasfainn leat-sa annseo.”
“Acht cár fhág tú an bioránach buidhe?” arsa mise.
“An fear bocht!” ar sise. “An fear bocht! Nach air a bhí an mí-ádh? Nach air atá an droch-bhail? Mo thruaigh é anocht! Sos ná suaimhneas ní bhfuair sé ó’n lá ar chuir túsa an t‑achrann ar bun agus, an fear bocht! ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, agus gan é bheith ag iarraidh acht mise agus tusa a chur faoi bhrat an phósta. Ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, má bhí an braoinín beag ólta féin agad.…”
“Acht céard d’éirigh dhó?”
“Ó, muise! níor éirigh dhó acht gur briseadh suas a thaisbeántas breágh a bhí ós cionn dhá fhichid bliadhain ar an mbóthar. Ní rabhas féin ann, nuair a tháinic an chreach mhór—dhá mbéadh, ní fhágfadh sé croidhe ar bith ionnam a leithéid de thaisbeántas breágh fheiceál dhá sgaipeadh—acht ní raibh aon bhaile mór dá dtéigheadh sé ann, nach mbíodh litreacha ’sna paipéir roimh ré ag fógradh do’n tsaoghal láimhe cé na hiongantais bhréagacha a bhí aige. Mo chreach agus mo chrádh! Rinne na litreacha bréagacha úd an tubaisde orainn—”
“Acht cé bhíodh ag sgríobhadh na litreacha?”
“Cheap seisean i gcomhnuidhe gur tusa sgríobh iad. Sin é chuir olc air.”
“Mise?”
“Is minic adubhairt sé nach raibh éinne eile ann le n‑a sgríobhadh acht tú. ‘An sramachán leath-chosach’—sin é an t‑ainm a thugadh sé ort—‘sin é tá ’ghá sgríobhadh’ deireadh sé. Acht bhí aimhreas orm féin. Níor cheapas go sílfeá an taisbeántas a chreachadh agus mise ann…acht ní chreidfeadh seisean ó’n tsaoghal nach tú a bhí ag déanamh an mhilleáin—ní chreidfeadh—agus, a chara mo chroidhe, chuaidh sé ar a dhá ghlúin thíos i Sligeach agus thug sé mionn go mbéadh do chuid fola aige.…Óra! a stóir mo chroidhe thú—fainic thú féin air—tá an sgian fhada aige fós agus faobhar uirri⸺”
“⸺sgian a bhfuil lorg na fola uirri fós féin! dhá phighin! Dhá phighin an duine!” arsa mise ag déanamh aithris ar an bhFear Buidhe.
“Ní adhbhar magaidh chor ar bith é,” ar sise, agus briseadh ar an ngol uirri, “acht bhítheá ag magadh fúm-sa i gcomhnuidhe—sin nós a bhí agad.…Acht céard a dhéanfá dá marbhuigheadh sé thú?…Óra, a dhuine! Dá bhfeictheá é! (A dhá láimh i n‑áirde aici agus na súile tugtha ar an spéir aici). Dhá bhfeictheá thíos i Sligeach é agus é le cuthach! Chuaidh sé ar a dhá ghlúin i lár an bhóthair an oidhche a mb’ éigin dó an chathair a thréigeadh, agus thosuigh sé ag labhairt leis an sgin fhada, mar bhéadh sí beó, agus dubhairt: ‘Dubhras go raibh rian fola ort cheana,’ ar seisean; ‘beidh a chuid fola-san ort sul a dtí i bhfad.’ Mh’anam go ndubhairt sé é ar uair mhairbh na hoidhche, i lár an bhóthair uaignigh úd thíos i Sligeach. A dhuine! a dhuine! chuirfead sé uathbhás ort! Agus an sgian fhada fhaobhrach ag deallramh faoi lonnradh na gealaighe! Ochón! ochón! (Thosuigh sí ar a bosaibh a ghreadadh). Ba mhillteach an radharc é!⸺”
Tháinic an smigeadh gáire a bhíos ag iarraidh a chosg ó thosuigh sí ar eachtra an fhir bhuidhe a aithris ar mo bhéal gan buidheachas dom. Chonnaic sise an smigeadh sin.
“Dá bhfeicteá é,” ar sise, agus tháinic na deóir ’n‑a súilib, “ni gáiridhe a dhéanfá. Ní gáiridhe a dhéanfá, dá mbéadh a fhios agad an imnidhe a bhí orm ó sgaras leis, fhaitchíos go dtiocfadh sé treasna ort, agus go sáithfeadh sé tú.…Is minic a d’éirigheas as mo chodladh i lár na hoidhche agus an fuar-allus ag tuitim anuas díom, an áit a mbíodh droch-bhrionnglóid agam. Thainic brionnglóid chugam tá seachtmhain ó soin ann, agus bhí tusa agus Alf ann⸺”
“Ná tabhair Alf air feasda,” adeirm-se; “tabhair an Fear Beag Buidhe air.” Sin é an t-ainm is mó a thaithnigh liom.
“Bhí tusa agus A‑A‑l⸺agus an Fear Beag Buidhe ann. Ar dhearcadh dhom ort-sa an dara huair, bhí tú ar lár. Bhí seisean ós do chionn. An sgian fhada fhaobhrach úd ’n‑a ghlaic, agus í ag deallrad faoi lonnradh na gealaighe, mar bhí an oidhche úd ar bhóthar Shligigh. Leigeas sgread, agus dhúisigheas.…Bhí sibh ós comhair mo shúl agus mé ’mo dhúiseacht féin. Is beag nach ndeachas i laige.”
Bhí an-chion aici orm go dearbhtha. Bhíos ag iarraidh a déanamh amach cé’n fáth go mbéadh cion aici ar dhuine de mo shaghas, agus an bheirt againn ’n‑ár suidhe ar leic fuinneóige an tighe lóistín faoi shoillsiughadh an lóchrainn sráide. Bhíos ag déanamh machtnaimh ar a raibh ar m’aithne de mhnáibh ariamh, agus na tréithre a bhain leó. Bhí mná deasa agus mná gránna, mná a mbéadh cion agad orra agus mná nach mbéadh, ar m’ aithne. Cad chuige go dtugaid searc a gcroidhe d’fhear seachas fear eile? Agus an dara fear níor deise ’n‑a bhealach agus ’n‑a mhéin ná an chéad duine de réir baramhla gach n‑aoin, acht amháin an bhean! Acht is dócha nach bhfeiceann siad neithe ar an mbealach céadna linn-ne. Bhfuil beirt bhan ar bith d’fheicfeadh an áilleacht chéadna i bhfear?…Nuair fheiceas, bíonn achrann ann.…Acht ní’l réidhteach na ceiste agam go fóill. Ní’l baoghal orm.…
Bhíos ag machtnamh chomh dian sin nár airigheas lámh ná mná raimhe timcheall ar mo mhuinéal. B’féidir nach raibh fhios aici féin go raibh a lámh ann, mar bhí sí go smaointeach agus í ag féachaint i bhfad uaithi. Ní hé an lóchrann sráide a bhí i bhfogus dúinn, ná na tighthe beaga suaracha a bhí ar an taobh eile de’n tsráid, ná na daoine a bhí ag dul thart a chonnaic sí, acht rud a bhí i bhfad níos áilne, agus níos seanda agus níos taithneamhaighe, dar léithi féin.
Nuair a chuireas-sa cor díom, briseadh isteach ar mhachtnamh na mná. Bhain sí a lámh de mo mhuineál mar bhéadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom, agus dhearc sí orm mar dhearcfadh aingeal a chosanta ar dhuine a bhéadh ag dul i n‑ócáid an pheacaidh, agus dubhairt:
“Seachain thú féin air, a chuid.”
Bhaineas an piostal a cheannuigheas ó’n mairnéalach as mo phóca.
“Béad-sa ullamh ’n‑a chomhair,” arsa mise ag tasbáint an phiostail dhi.
Nuair a d’fheicfeadh sí go raibh piostal agam-sa, agus go rabhas ullamh ’n‑a coinne, ar ndóigh, shíleas go mbéadh lúthgháir uirri. Acht go bfeicidh Dia an t‑ádh ort! Ní hamlaidh a bhí. Thosuigh sí ag tabhairt na súl, agus níor fhan aon chaint aici feadh i bhfad. Daoine a bhí ag dul thart, cheapadar go ndeárnas rud eicínt uirri a chuir ag caoineadh í. Sheas cuid aca le réidhteach a dhéanamh, acht nuair a thuigeadar nach raibh aon achrann ar bun, d’imthigh leó. Nuair a tháinic an chaint chuici ní chloisfeá uaithi acht na focail: “Sgeana agus piostail agus fuil!” “Rún daingean aca a chéile a mharbhadh!” “Ó, a Thighearna! nach cráidhte atáim!”
Bhíos ag imtheacht nuair adubhairt sí, “Leig dom thú phógadh.”
Leigeas. Bhí truagh agam dhi. Bhí sí go cráidhte buaidheartha gan aimhreas.
Chuadhas isteach agus thugas an leabaidh orm féin.
Bhí an fhuinneóg a bhí le hais mo leabthan ós cionn na fuinneóige ar a rabhamar ’n‑ár suidhe. Bhí sise ann fós. Níor fhéadas aon chodladh a dhéanamh go ceann i bhfad. Bhíos dhom’ chaitheamh féin ó thaobh go taobh ’san leabaidh, agus ag éisteacht le sranntach na ndaoine a bhí i n‑aon tseómra liom.
Cad chuige a raibh sí chomh faiteach go n‑éireóchadh aon ní do’n Fhear Buidhe? Shíleas go mbéadh aiteas uirri é fheiceál ar lár. Acht ní raibh. An raibh cion aici ar an duine úd freisin? Agus i n‑éis a ndeárna sé uirri? Is deacair intinn mná a thuigsint. Agus nach dána agus nach amaideach an fear adéarfadh gur thuig? Féach an Fear Beag Buidhe úd agus tá cion aici air! Cad chuige? Caithfead ceist a chur uirri i mbárach.…
Acht, ní éad a bhéadh orm leis siúd, cheapas, agus bhris smigeadh gáire amach ar mo bhéal.
Chuirfinn an cheist uirri i mbárach…leis an sgéal a réidhteac—le fios fátha an sgéil fagháil.…
Chualas an Bhean Reamhar ag dul a chodladh ’san seómra ab’ fhogus dúinn, sul ar thuit aon néall orm féin.