Timcheall ’s leath-uair sul ar fosgluigheadh na geataí cé bhuailfeadh isteach chugam acht an fear beag buidhe. Bhí cosamhlacht air go raibh sé an-tsásta leis féin, agus leis an gcleamhnas bhí déanta aige dhom, agus leis an saoghal go léir. Níor dhearmad sé a lámha a nighe i n‑aer; níor dhearmad sé an tsúil a chaochadh orm, agus nuair d’fheicfeá ag caochadh na súile é, agus nuair d’fheicfeá an meangadh thagadh ar a bhéal, agus an chaoi a bhíodh a shrón fhada chrotach agus a smigín biorach ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile ós cionn a bhéil, ní fhéadfá gan gáiridhe dá mbéitheá taobh le aon gháire amháin. Bhí lampa crochta as sail a bhí ós ár gcionn, agus leis an mbealach ar thuit an solus anuas ar a éadan buidhe agus leis an ngreann agus leis an ngleacaidheacht bhí ’san éadan sin, déarfá nár cuireadh ar an saoghal é acht le daoine a chur ’sna trithíbh gáiridhe. Ar chaoi ar bith do phléasgas féin, bíodh is go raibh a fhios agam go raibh faoi cleas a imirt orm. Phléasg seisean. Phléasg an bheirt againn i n‑aonfheacht. Do chlosfeá gach sgairt gháiridhe uainn treasna na páirce. Bhuail sé faoi le mo chois gan cuireadh gan iarraidh. Thosuigh sé dhom’ dhingeadh ’san taobh le n‑a leath-uilinn. Thugas-sa an cor céadna dhó. Phléasgamar beirt an ath-uair, acht is beag a bhí a fhios ag an ngleacaidhe cé’n chúis gháiridhe a bhí agam-sa.
Faoi dheóidh, tháinic a chaint chuige.
“Ríméad an domhain atá orm, a mhic ó,” ar seisean, “go bhfuil sí agad ’sa deireadh thiar.”
Níor labhaireas féin. Leigeas orm go rabhas cúthalach.
“Má tá sí roinnt reamhar féin,” ar seisean, “nach amhlaidh is feárr é?”
Bhí socruighthe agam céard a dhéanfainn. Cheapas beagán grinn a bhaint amach dhom fhéin, dá mb’fhéidir é.
“Ní bhéadh gnótha ar bith agam dhi,” arsa mise, “mara mbéadh go bhfuil sí roinnt reamhar. Na mná raimhe⸺”
“Á! na mná raimhe! na mná raimhe!” ar seisean ag cur isteach orm, “ ’siad is deise, ’siad is lághaighe, ’siad is carthannaighe, ’siad séimhe, ’siad is ciúine ciallmhaire tuigseanaighe. Ár ná achrann ná uisge-faoi-thalamh ní chuireann siad ar siubhal. Glacann siad leis an saoghal. Bíonn siad go sona sásta grianach i gcómhnuidhe. Bíonn a bhfuil ’n‑a gcuideachtain sásta suaimhneach. Dá mbéinn-se le pósadh, ní phósfainn aon bhean acht bean reamhar. Dheamhan pósadh.”
Thosuigh sé dom’ dhingeadh ’san taobh le n‑a leath-uilinn arís, agus ag caochadh na súile orm. Uaireanta bhíodh fonn gáiridhe orm; uaireanta eile bhíodh fonn orm an bioránach a thachtadh, acht gur bhuaidh ag an bhfonn gáiridhe ar an bhfonn tachttha ’sa deireadh.
“Marach gur cheapas nach raibh sí féin sásta⸺” arsa mise, acht go mb’éigin dom cosg a chur orm féin ar eagla go gceapfadh sé gur ag magadh a bhíos.
“Cheap tú nach raibh sí féin sásta!” ar seisean agus iongnadh an tsaoghail air. “Tá sí sásta, a mhic ó. Tá sí lán-tsásta. Ní’l aon fhear ar dhruim an domhain indiu is gile leíthi ná thú. ’Tú an buachaill fionn. ’Tú an fear báire. ’Tú plúr na bhfear. ’Tú a togha.”
“Nár laghduighidh Dia an sgéalaidhe,” arsa mise.
“Á! a rógaire!” ar seisean. Chaoch sé an tsúil, acht má chaoch, d’fhan sí dúnta. Thug sé poc eile faoi na heasnachaibh dhom. “Á! a rógaire!” ar seisean, “thugas faoi deara thú. Thugas faoi deara le fada an lá thú. Níor cheapas go raibh ionnad suirigheacht a dhéanamh leath chomh maith. Dheamhan ar cheapas é! Agus nach tú bhí i n‑an’ a toghadh! (Thug sé poc eile faoi na heasnachaibh dhom.) Na mná raimhe! Mh’anam go gcaithfead-sa a seachaint. Tá siad contabhairteach…tá siad an-chontabhairteach!”
(Bhí fuinneóigín i n‑áirde i n‑ádhmad mo bhotha-sa agus thugas féin faoi deara go raibh duine taobh amuigh ag féachaint isteach orainn. An bhean reamhar í féin a bhí ann: tháinic sí le cuairt a thabhairt orm féin, agus le comhrádh a dhéanamh liom faoi’n gcleamhnas sul a n‑osglóchaí an taisbeántas, acht ar fheiceál an fhir bhig bhuidhe dhi, ghread léithi chomh tapaidh is bhí innti. Níor thug seisean faoi deara ann í.)
“Nuair a bhéas an pósadh déanta,” arsa mise thar éis tamaill, “caithfidh tú páidhe fheileamhnach thabhairt do mo mhnaoi.”
“Gan aimhreas. Ní bhéadh ann acht do cheart…acht innseochad céard a dhéanfas mé….”
Stop sé agus dhearc idir an dá shúil orm. Ní féachaint chneasta chóir thug sé orm, acht an fhéachaint tabharfadh cat ar luchóig nuair a bhéadh eagla air go n‑imtheóchadh sé uaidh isteach i mbéal a phuill. Ní fhacas an fhéachaint úd ó shoin nár thugas ‘féachaint an fhir bhig bhuide’ uirri.
“Nuair a bhéas an pósadh déanta,” ar seisean, “bhéaraidh mé cúig phunnt ’san tseachtmhain dhíbh. Cúig phunnt! Cuirfidh mé an bheirt agaibh isteach i n‑aon árus amháin. Fógróchad do’n tsaoghal faoi’n bpósadh…acht beidh ort deimhne thabhairt dom nach n‑imtheóchaidh tú uaim go ceann dhá bhliadhain ar a laighead.”
Bhí fhios agam go maith céard a bhí i n‑intinn aige. Dá bhféadadh sé greim fhagháil orm féin, dá bhféadadh sé stáicín uathbháis agus iongantais a dhéanamh dhíom ós comhair an tsaoghail mhóir, bhéadh sé ceart. Níor labhras ar fhaitchíos go nochtóchainn mo smaointe. Do labhair seisean agus do labhair sé mar bhéadh sé ag labhairt le sluagh mór daoine a thiocfadh leis an ‘bhFear Buile’ agus a chéile, an Bhean Reamhar, fheiceál.
“An bhean is raimhe faoi’n domhan,” ar seisean. “Seacht gclocha ar fhichid meadhchan. An Bhean Reamhar a phós an Fear Buile a mharbhuigh ochtar fear ’san nGearmáin le sgin! Agus rian na fola uirri! Agus nach iad atá socair suaimhneach i bhfochair a chéile? Á! a mhná óga, nach iongantach é an grádh? Ní raibh an file mór Éireannach úd Tomás Ó Mórdha ag dul amudha nuair adubhairt sé nach raibh aon ní eile ar an saoghal seo chomh cumasach leis. An dóigh libh go bhfuil, a mhná óga? Má’s dóigh, fiafruighidh de na fearaibh óga é. Acht fan…cé’n chaoi a ndubhairt an file é?…Á! go bhfóiridh Dia orm! ní’l an chuimhne agam mar bhíodh lá….”
Dhearc sé uaidh. Leis an gcosamhlacht a bhí air do cheapfá go bhfaca sé rud éigin i gcéin, rud éigin iongantach nach bhféadfadh duine ar bith eile fheiceál. D’fhan sé cúpla nóiméad mar sin gan focal a rádh.
“An grádh!” ar seisean faoi dheóidh, agus do shín sé a dhá láimh amach uaidh. “An grádh!” ar seisean agus d’éirigh sé ’n‑a sheasamh go tobann. “An grádh! nach iomdha achrann agus clampar, nach iomdha cath agus comhrac, nach iomdha cogadh agus ár a chuir sé ar bun ó thús an tsaoghail go dtí an lá atá indiu ann? Agus níor maoluigheadh air fós! An grádh! Á! nach bhfuil sé chomh buan-seasmhach leis na cnuic, chomh glórmhar leis an ngréin?…Bhfuil aon atharrughadh ar an ngrádh indiu acht mar bhí i n‑aimsir Chloinne calma Uisnigh? Ní’l, a cháirde cléibh! Tá a Dhéirdre féin ag an bhFear Buile. Tá, agus badh mheasa leis í ná…acht ná himthighidh go fóill, a mhná óga…má fhanann sibh sgathamh eile tosóchaidh siad ag pógadh a chéile…Á! Á! nach iongantach é an grádh?”
Gach uile uair adeireadh sé an focal ‘an grádh’ dhúnadh sé a dhá shúil, agus do cheapfá ar a bhéal agus ar a phusaibh gur ag ól meala a bhí sé. Dá n‑éirigheadh leis an chaint chéadna a rádh ós comhair an tsluaigh, agus é rádh ar an mbealach céadna, ní raibh aon aimhreas orm nach mbeidís ag bailiughadh chuige ’n‑a míltibh. Acht ní thig le file dán áluinn a chumadh uair ar bith a thogruigheann sé: bíonn féith na filidheachta aníos treise ’san bhfear bheag bhuidhe an lá seo ná mar bhí ariamh cheana. Bhí tógbháil chroidhe air; an tógbháil chéadna croidhe a bhíos ar fhile ag rádh a chuid filidheachta féin dhó.
“Cúig phunnt,” arsa mé féin ós íseal acht gur chuala seisean é, agus dubhras ar bhealach é is go gceapfadh sé gur ar an airgead a bhíos ag smaoineadh feadh an achair, agus go rabhas lán-tsásta leis an bpáidhe.
“Cúig phunnt,” ar seisean, agus ní shílfeá gur labhair sé go fileata faoi’n ngrádh ariamh, “cúig phunnt, is mór an t‑airgead é: beidh do shaidhbhreas déanta.”
“Ní bheidh tú féin gan roinnt a dhéanamh,” arsa mise ag caochadh súile air, “beidh an domhan mór ag teacht le n‑ár bhfeiceál.”
“B’fhéidir dhom an beagán a dhéanamh,” ar seisean go neamh-urchóideach, “acht tá sé ’san tairngireacht go bhfuighe mé bás gan greim ’mo bhéal…acht tá siad ag bailiughadh chugainn cheana féin.”
Feistigheadh agus deisigheadh mé féin. Hosgluigheadh doras an bhotha. Chuir an fear beag buidhe gothadh oibre air féin. Sheas sé ’san doras.
“An Fear Buile! An Fear Buile le feiceál annseo! An Fear Buile a mharbhuigh ochtar fear leis an sgin fhada ghéir! Rian na fola uirri fós féin!” agus mar sin de le na daoine mhealladh isteach.
Acht fuair sé faill le n‑a rádh liom, sul ar tháinic duine ar bith chugainn, nach raibh aon mhaith i gcaint le taisbeántas a mholadh gan an chaint a bheith go fileata; gur daoine fileata a bhí i muintir na hÉireann, nach ndeárnaidh aon treóraidhe pobail maith dá thír ná dá mhuintir gan féith na filidheachta a bheith ann, gur casadh file leis ar maidin i dteach ósta, agus gur shocruigh sé leis dán fada a cheannacht uaidh ar deich fichead—dán fada ag moladh an chleamhnais; go mbéadh an dán de mheabhair aige féin, nós go sílfeadh an sluagh gurab é féin a bhí ’ghá chumadh ’chomhfhad ’s a bhí sé ’ghá rádh.
“Cúig phunnt,” arsa mise.
“Cúig phunnt,” ar seisean.
“Faoi t’ainm agus faoi do shéala,” arsa mise.
“Faoi m’ainm agus faoi mo shéala,” ar seisean.