Ní fada go raibh an fhaill agam ar an bhfear beag buidhe.

Tráthnóna an lae sin cé bhuail­feadh isteach chugam ’san mbotha acht é. Bhí cosamh­lacht air go raibh rud éigin ar intinn aige, rud éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhó.

“Badh mhian liom,” ar seisean, “comhrádh ciúin ciallmhar a dhéanamh leat.”

“Na ceithre phunnt san tseacht­mhain gealladh dhom⸺”

“Ní headh,” ar seisean ag cur isteach orm, “acht sgéal is tábhach­taighe ná sin go mór.”

“Sgaoil chugainn é,” arsa mise, “agus leig dom a dhul ar aghaidh le mo chuid léigh­theóireacht’.”

“A fhir óig,” ar seisean, agus fearg ’n‑a ghlór, “a fhir óig,” ar seisean, “ná bíodh an oiread de’n díth céille ort is go gceapfá go dtig leat do rogha rud a dhéanamh annseo nó is duit is measa. Casadh daoine de do shórt-sa orm cheana—casadh orm iad sul ar rugadh thusa, agus ní buidheach díobh féin a bhíodar. Ní fada d’fhanadar agam. ’Siad a bhí go leamh díobh féin ag imtheacht dóibh.”

Chuir sé an méid sin de go beó tapaidh ar nós duine bhéadh corr­uighthe go mór, acht nach raibh a fhios agam féin an i ndáir­íribh a bhí sé nó an raibh sé ag leigint air féin cuthach a bheith air, agus níor mhisde liom cé aca. Ní raibh fhios agam, acht a oiread, céard a bhí in’ intinn aige, agus ba chuma liom. ’N‑a sheasamh annsin faoi’n lampa beag dhó, agus an solus ag tuitim anuas ar a ghruaidh bhuidhe rocaigh, chuir­feadh sé fonn gáiridhe ar dhuine. Bhí fonn gáiridhe orm féin ar chaoi ar bith. Bhainfinn greann agus sult as ó bhí a fhonn orm. Agus bhain.

Thosuigh air arís.

“A fhir óig,” ar seisean—ní bhíodh aon ainm eile aige ar dhuine, cuma cé’n aois a bhéadh aige nuair a bhíodh fearg air. “Ná bíodh aon cheapadh agad-sa, a fhir óig,” ar seisean, “go bhfuigh­idh tú cead do chinn annseo, mar ní bhfuigh­idh tú. Chon­naiceas-sa ar maidin thú—chonnaic go leór eile de mo mhuintir thú…”

“Acht nach bhfuil a fhios agad féin,” arsa mise—agus bhíos ar tí an sgéal a nochtadh ’n‑a fhírinne dho nuair a chuir sé isteach orm. Acht bhí a fhios agam céard a bhí in’ intinn aige.

“Nuair a fuair m’athair bocht bás fiche bliadhain ó shoin (ar láimh dheis Dé go raibh a anam), nuair a fuair sé bás, adeirim, thug sé comhairle mo leasa dhom. ‘Tá muintir Trott ar an mbóthar anois le leith­chéad bliadhain,’ ar seisean, ‘agus droch-ghníomh ná feall-bheart ná tada dá sórt ní deárnadh ’n‑a dtais­beántas ariamh. ‘Go raibh an sgéal amlaidh choidhche,’ ar seisean. ‘Beidh, a athair,’ arsa mise, ‘beidh ’fhad ’s beó mé.’ ‘Go raibh an t‑ádh ort, a mhic; go gcuid­ighidh Dia leat, a mhic,’ ar seisean, agus d’éaluigh sé ar nós an bhric. Agus ó’n lá sin anuas choin­nigheas-sa cliú mo mhuintir’ i n‑áirde. Na daoine a bhí faoi mo chúram, na mná go mór-mhór, ní ’mo mhaigh­istir orra a bhíos, acht mar bheinn in loco parentis​…​agus má tá m’athair atá ’san bhflaith­eas ag féachaint anuas ar a mhicín mhúir­neach anocht, d’fhéadfadh sé a chruth­ugadh…”

Leis an gcaoi a ndubhairt sé an chaint, le chomh corr­uighthe ’s bhí sé, le chomh dúth­rachtach ’s bhí sé, b’fhacthas dom go raibh sé i ndáir­íribh—gur cheap sé go raibh fúm an bhean reamhar a mhealladh. Acht ní raibh agam acht cuid de’n sgéal. D’imthigh na bliadh­anta sul ar thuigeas i gceart é. Cheapas i dtosach mo chuid-se de’n sgéal a nochtadh dhó, acht bhí diabh­laidh­eacht éigin orm. Bhí mé ag smaoin­eadh ar bheart, agus dá n‑éir­igheadh liom bhéadh greann ann.

“Caithfidh mé sgaradh leat, a fhir óig,” ar seisean, “bíodh is nach bhfuil de locht agam ort é sin amháin.”

“Má’s éigin dom imtheacht,” arsa mise, agus is beag nár bhris gáiridhe orm, “nach bhféad­faidh mé í bhreith liom?”

“Í bhreith leat, an eadh?” ar seisean, agus shíleas go raibh sé ar tí mé bhualadh, “Í bhreith leat! Í bhreith leat! Mh’ anam ó’n diabhal agus gan droch-ní ar m’anam, mara bhfuil sé ar buile i ndáir­íribh!”

“Ní ar buile atáim,” arsa mise, go deas réidh, “acht i gcleamh­nas.”

“I gcleamhnas!”

Is beag nach ndeacha sé i laige. B’éigin dom focal éigin a rádh nó bhéinn ’sna trithíbh gáiridhe.

“I gcleamhnas!” ar seisean an ath-uair.

“I gcleamhnas,” arsa mise, “nach gcreid­eann tú mé?”

Dhearc sé orm. Dhearc­amar ar a chéile.

“Fiafruigh dhi féin é, mara gcreid­eann tú mé,” arsa mise.

Chuaidh duine dá mhuintir thar dhoras an bhotha.

“Abair le Neil a theacht annseo,” ar seisean leis, “abair léithi gur mise chuir fios uirri.”

(Neil a bhíodh aca ar an mnaoi reamhair.)

Thainic an bhean reamhar agus eagla an domhain uirri. Nach aige bhí an smacht uirri? Bhí sí i riocht a dhul i laige roimhe.

“Bhíodh misneach agad,” arsa mise léithi.

Thosuigh sise ag gol.

“Shíleas go raibh tú sásta leis mar chleamh­nas,” ars’ an fear beag buidhe léithi, “acht mara bhfuil…”

Níor chualas a thuill­eadh, má dubhradh é, mar do leig sise streancán eile guil aisti.

“Bhfuil tú sásta an fear seo phósadh?” ar seisean. “Abair go bhfuil nó abair nach bhfuil.”

“An fear seo a phósadh?” ar sise tríd an ngol agus iongantas uirri.

“ ’Seadh, an fear seo a phósadh. Bhfuil tú sásta, adeirim?”

Níor labhair sí. Cheap sí gur ag magadh fúithi bhíomar beirt, acht níorbh’ eadh. Bhí an fear beag buidhe i ndáir­íribh fíre.

“Tá náire uirri romhat-sa,” adeirim féin leis, “acht bhí sí lán-tsásta mé phósadh ar maidin. Nach raibh anois?”

“Bh‑bhí‑í‑í, bhí,” ar sise, ag triom­ughadh na súl dhi.

“Tá sé ’n‑a chleamh­nas,” ars’ an fear beag buidhe, “acht is mian liom,” ar seisean, “an uile shórt a bheith i gceart agus i gcóir againn. Bíodh fiadh­naidhthe againn,” ar seisean, “go bhfuil an fear seo sásta an bhean seo phósadh. Bíodh fiadh­naidhthe againn,” ar seisean, “go bhfuil sise sásta eisean a phósadh. Bíodh sé ’n‑a dhubh agus ’n‑a bhán againn,” ar seisean, “bíodh sé faoi láimh agus faoi shéala na beirte atá i gcleamh­nas,” ar seisean ag tarraint páipéir mhóir as a phóca.

Leig sé fead. Táinic beirt nó triúr dá mhuintir chuige.

“Glaodhaidh ar an bhfuirinn uile go léir,” ar seisean.

Glaodhadh orra. Tháinic an bhean a raibh culaith uirri mar bhéadh ar bhain­rioghain na sídhe, agus an fear a bhí ag tiomáint an chapaill dhi; tháinic lucht coim­eádtha na mbeith­idheach allta; tháinic na ceóltóirí; tháinic beirt inneall­tóir a bhí go dubh agus go smeartha; tháinic an t‑aos grinn; tháinic a mná agus a gclann agus bruith a ladhar orra uile. Acht leig an fear beag buidhe air nach raibh fhios aige sin.

Léigh sé an páipéar. Go rabhas féin sásta an bhean a phósadh—sin a raibh ann. Chuireas m’ainm leis. Chuir an bhean reamhar a hainm leis agus í go cúthalach. Chuaidh beirt eile i bhfiadh­naidhe air. Chuir mo dhuine ’n‑a phóca go cúramach é.

Bhí cuid de na daoine a bhí ’sa láthair ag fagháil an-chuimse grinn as an obair. Cheapfá orm féin nach raibh aon fhear eile i nÉirinn a bhí chomh sásta liom agus lámh na mná raimhe i ngreim agam.

“Tá obair mhór le déanadh agaibh anois,” ars’ an fear beag buidhe le n‑a mhuintir, “acht anocht ar a haon déag a chlog, nuair a bhéas na daoine imthigh­the a-bhaile, nuair bhéas saothar na hoidhche déanta agaibh, tagaidh uile go léir annseo, tagadh gach mac máthar agus gach inghean athar agaibh, agus mara mbeidh sgléip agus greann agus aoibhneas ann, ní mise Alf Trott.”

Bhí a mhuintir ag imtheacht.

“An-oidhche bhéas againn—an-oidhche amach ’s amach bhéas ann,” ar seisean leó, agus cheapas féin nach raibh sé a rádh acht an fhírinne. Togha oidhche bhéas againn, má tá sé ’mo chumas togha oidhche dhéanamh dhi.