An Gaodhal, Deireadh Fómhair, 1900.

[Cúmtha air d-túis I Saics-bhéarla ag Francis Scott Key, ar maidin an cheathramhadh lae dhéag de Mhitheamh-an-Fhóghmhair in san m-bliadhain 1812, an fhaid do bhí luingeas na Sacsann ag pléar-lámhachadh Dhúin-Mhic-Enrí, i g-cuan Bhaile-an-Tíge-mhóir, ó mheádhon oidhche go h-éirghe an lae, agus eisean go h-imsníomhach ag féachaint ortha ó bhórd na luinge, ‘Minden,’ agus aisdrighthe ó Shaics-bhearla go Gaedhilg ann san m-bliadhain, 1898, ag an Athair Eoghan Ó Gramhna.] – F. an Gh.

O abair, an léir duit, le fáinne an lae,
An bhratach bhí ‘n áirde le tuitim na h-oidhche?
Tríd an chath bhí na riabha ‘s na réalta geal-ghlé,
Agá luasgadh go huasal, ‘s ag misniughadh ár gcroidhthe;
Is ar imtheacht de’n ló, níos ghéill sí go deó,
Acht a caor-theinte ag pléasgadh ‘s na spéarthaibh le gleo!
O abair, bh-fuil an bhratach gheal-réaltach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha ‘s talaimh na saor?

Ar an tráigh thall, go doiléir lár ceótha na d-tonn,
Tá sluagh borb Shacsan go gruamdha ‘na luidhe;
Cad é súd ar an árd thuas, ag luasgadh anonn,
Is dá cheilt is dá thaisbeant, réir athrughadh na gaoithe?
‘Nois tá solas na gréin’ ag lonnradh air go tréan!
‘Nois is léir dom a sgáile ‘san tuinn—féach í féin!
‘Sí an BHRATACH GHEAL-RÉALTACH, go raibh sí go síor,
Os cionn tíre na g-cródha ‘s talaimh na soar!

Is cad d’éirigh do’n druing a thug mionna go teann,
Go bh-fágfadh gan tír sinn, gan árus ‘na sheasamh,
Is go d-tiúbhraidís léan leó, ‘s leathtrom is lann?
O! do sgrios a g-cuid fola rian grana a g-cosa,
Ní’l cara ná cáil ag fealltóir ná tráill,
‘San uaigneas, san uaigh, ní’l a bh-fosgadh le fágháil!
‘S tá an bhratach gheal-réaltach go buadhach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha ‘s talaimh na saor!

Gur ab amhlaidh go bráth, ‘nuair sheasfas na laoich,
Idir shluagh na námhad is árus a g-cloinne;
‘S go raibh altughadh a’s glóir d’Athair Buaidhe a’s Síth,
A tug Duthaigh Uaidh féin dúinn, go deire na cruinne
Beidh rath air ár Neart, mar tá linne an Ceart,
Is tá dóchas ár g-croidhthe a’s Dhia na bh-feart!
‘S beidh an bhratach gheal-réaltach go buadhach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha ‘s talaimh na saor.