Saoirseacht na h-Éireann, Márta 1911.

Fonn: “A Nation Once Again.”

I.

Is minic ghuidheas nuair bhíos go h-óg
Go bhfeicfinn gaedhil in uachtar,
As go bhfeicfinn réim as séan as sógh
Ar Éirinn aoibhinn uasail
Is minic ghuidheas le Righ na Naomh
Ná sgarfadh liom mo bhríg
Go bhfeicfinn Gaill fá greidhm ró-ghéar
As Éire ag Gaedhil arís!

II.

Do chloisinn fein Foth-Gaedheal ag nádh,
Go mbfhearr fanamhaint i ngéibhinn;
As chloisinn Gaedhil cé léan mar thárg,
Ag rádh gur bhreág leo an Béarla;
Ach maireas slóighte i bhfóla ghle
A thogfadh páirt am ghuidhe: –
Go bhfeiceam Gaill ‘r a gcainnt gan réim,
Ar Éire ag Gaedhil arís!

III.

Ní cainnt gan ghniomh ná guidhe gan ghnó
Do chuirfidh coróinn ar Róisin;
Ní Béarla binn ó bhuidhin an ghleoidh,
Do chuirfidh béir thar bóchna;
Ach gniomhartha cródha ógradh Gaedheal
Mar ghnidheadh a sinnsear groidhe,
Do chuirfidh Gaill gan feidhm i gcéin
As saorfaidh Éire arís!

IV.

An t-é thug brigh bár sinnsear áígh
Chun Danair cur a hÉirinn
Ní dheaghaidh d’á chomhacht níor fheoidh a cháil
Nior thréig Sé fós ár ngaolta;
Ní hé a thoil ár dtreibh bheith tréith,
As cabhrochaidh linn gan mhoill;
As chidhfear Gaill fé ghreidhm ró-ghéar
As Éire ag Gaedhil arís!

V.

Tréigidh baois ar bruighean go mear,
A gaedheala óga as aosta;
Tréigidh béasa béar, nach maith,
As tréigidh an teanga Béarla;
Bighidh go groidhe as bighidh go tréan,
A mhuinntear óg mo chroidhe,
As chidhfear Gaill gan feidhm gan réim
As Éire ag Gaedhil arís!

LORGA LIATH-BHÁN.”