Sinn Féin, Iúil 19, 1913.

Sgriobhann Éamonn Ceannt maor leanas:—

Ag labhairt do Eoin Mac Néill ag cruinniu d’Ard-Chraobh Chonnartha na Gaedhilge cupla seachtmhain o shoin do mhol se de gach dream politidheachta i nÉirinn, an Gaedhilge. Mar sin fein is cosmhail nach bhuil aon obair is riachtanaighe fa lathair na an obair seo na Gaedhilge. Deanamais an obair sin feasta. Labhramais ar dteanga féin. Sgriobhamais an Gaedhilg, biodh is go gcuidh se sin i bpríosúin sinn. Sasanach eigin thar eis páipéar do chur chugam dha fhiarraighe dhiom cé mheid míle punt sa mbliadhain ata agam. Thugas an t-eolas sin i nGlan-Ghaedhilg do. Do chuir an bodach Sasanach an páipéar ar ais chugam. Nior thuig se an sgribinn do bhí ar leathanach a tri. Beidh se fada go leor ag fanacht le go gcuiridh mise Béarla ar an sgribhinn sin: Da ndeantai an méid sin i-ainm an Chonnartha na laetheanntai seo bheadh daoine simplidhe airighte da radh nach ar mhaith leis an nGaedhilg do bhios ach ar mhaithe liom fhein na ar maithe le cúis eigin poilitidheachta.

‘Ma ta drugal ar dhaoine mhora na Gaedhilge seasamh i n-aghaidh an riaghaltais gallda seo ata i nÉirinn caithfidh gach mac mathar againn an obair do chur ar aghaidh ar an mbealach féin, do réir ar dtola agus ar dtuairim féin.’