An Barr Buaḋ, Bealtaine 18, 1912.

Is deacair sagairt na nGael a ró-ṁolaḋar a ndúṫraċt, agus ar a ndílseaċt dá gcreideaṁ. D’ḟulaingíodar pionós ar son a gcreidiṁ. D’ḟulaingíodar gorta agus anró ar son a gcreidiṁ. D’ḟulaingíodar an bás féin ar son a gcreidiṁ. Ḃí grá Dé riaṁ ina gcroíṫe. Ḃí cion acu ar a muintir, muintir na hÉireann. B’ḟada dóiḃ ina réalt eolais dá muintir i ndorċadas an droċ-ṡaoil; dá molaḋ agus dá gcáineaḋ de réir mar a ṫeastaiġ molaḋ nó cáineaḋ uaṫu; dá dtreorú i gcónaí go Flaiṫis Dé. Is mór an urraim agus an meas a ḃí ag dul dóiḃ dá réir sin.

Buíoċas le Dia, tá an meas céanna ag feara Fódla inniu ar ṡagairt na nGael agus a ḃí riaṁ. Tuilleann siad an meas sin mar níor ċúlaíodar riaṁ ón troid ċoṁḟad agus a ḃí an creideaṁ i gcontúirt. Ní hé sin aṁáin. Ṫroideadar freisin ar son ceart na nGael an lá a ḃí ceart na nGael dá ḃaint díoḃ ag Gaill. Féaċ mar a ṡeas an tAṫair Seán Ó Murċaḋa in aġaiḋ na ngallṗoc i mbliain na ḃFrancaċ.

Ṫroideadar na sagairt i ḃfad ina ḋiaiḋ sin in aimsir ċogaḋ na talún. Sa gcogaḋ sin ní raiḃ aon duine is déine a ṫroid ná sagairt na nGael. Duine de na dea-ṡagairt sin is ea an tAṫair Maitiú Ó Riain atá anois ina Leas-Uaċtarán ar ṁuintir na Gaeilge. Go mba fada a ṁairfeas sé.

Is dual don sagart uṁlú don té a cuir Dia ós a ċionn. Dá ḃiṫin sin bíonn sé uṁal dá easpaig mar a ḃíos an t-easpag uṁal don Ṗápa. Ina ḋiaiḋ sin is uile ċonaic Gaeil Éireann an t-iontas seo: sagairt naċ ngéillfeaḋ dá n-easpaig agus easpaig naċ ngéillfeaḋ dá Naofaċt féin. Is mar seo a ṫarla. An t-am a ṫeip ar ṡlioċt Ṡeáin Ḃuí na Gaeil a ċur faoi ċois, ċinneadar ar ṫoscaireaċt a ċur go dtí an Pápa féin sa Róiṁ dá iarraiḋ air na Catoiliciġ a smaċtú agus ordú dóiḃ géilleaḋ do ḋlí na Sasanaċ. Ċoṁ maiṫ a rinne. D’éist an Pápa le briaṫra bréagaċa na Sasanaċ. Ċuir seisean de ċoṁairle ar easpaig na hÉireann a muintir a ṫaḃairt faoi smaċt agus éirí as an gcogaḋ a ḃí ar siúl acu. Míle glóir do Ḋia, níor glac na sagairt an ċoṁairle a cuir an Pápa orṫu, mar is maiṫ a ṫuigeadar gliocas agus cleasaíoċt an rógaire ḃradaiġ dá ngairmtear Seán Buí. B’in í an ṁíorúilt agus an t-iontas in Éirinn na Naoṁ, Clanna Gael ag diúltú do ċoṁairle a sagart; na sagairt ag diúltú do ċoṁairle na n-easpag; agus na heaspaig ag diúltú do ċoṁairle an Ṗápa féin.

Molaim sagairt na hÉireann ṫar feara Fódla. Molaim a ndílseaċt do ċúis na Gaeilge. Muna mbeaḋ iad is sinn a ḃeaḋ lag inniu, mar tá cuṁaċt ag an gcléir naċ ḃfuil ag aon dream eile in Éirinn.

Aċ tá laġdaiṫe ar an gcuṁaċt sin le déanaí. Féaċ an briseaḋ a fuaireadar i dtaoḃ ceist na Gaeilge san Ollscoil. An tráṫ úd ṡeas easpaig na hÉireann agus na Gaill gualainn le gualainn in aġaiḋ luċt cosanta na Gaeilge. Ḃí de ṁisneaċ ag Clanna Gael gur ionsaíodar na heaspaig agus na Gaill gur ḃuadar orṫu go léir.

B’é a ḟearaċt sin ag na heaspaig i dtaoḃ Reaċt an Áraċais. Ċuireadar de ċoṁairle ar ṁuintir na hÉireann gan a leiṫéid de ḃronntanas a ġlacaḋ ó Ṡeán Buí, mar ṡíleadar go mbeaḋ an bronntanas sin ar nós an Ċapaill Aḋmaid a ṫug na Gréagaiġ do ṁuintir na Traoi fadó. Ṫugadar fir Éireann an cluas ḃoḋar do na heaspaig, faraor, agus tá an reaċt mí-áṁaraċ i ḃfeiḋm inniu.

Tá ceaċt le foġlaim as an méid sin: go mb’ḟearrde na heaspaig gan seasaṁ in aġaiḋ Gaeil Éireann an t-am naċ ḃfuil Gaeil Éireann ag éileaṁ aċ a gcirt. Déanaḋ siad an méid sin ar son na nGael agus ní baol naċ seasfaiḋ na Gaeil leo in aġaiḋ luċt an ain-Ċreidiṁ.

Fáṫ na scríḃinne seo, beirt ṡagart Gaelaċ a ċaiṫ coicís sa bparáiste so le déanaí ag taḃairt misiúin. Mo ṫrua gan sagairt Éireann uile ċoṁ Gaelaċ leo. ‘Tá daoine in Éirinn,’ arsa duine acu oíċe, ‘agus ċuirfeaḋ siad scian tré ċroí Ṡeáin Ḃuí, agus dá ndéarfá leo “Goidé mar atá tú?” ní ṫuigfidís focal.’

ÉAMONN CEANNT.