Ó An Barr Buaḋ, 16 Márta, 1912.

Ó ḃliain go bliain tá siad ag imeaċt uainn, na fir cróga ċalma úd a ṫug airm ina láṁa agus a ċuaiġ amaċ ċun troda in aġaiḋ cuṁaċt Ṡasana.

Fir ḋáiríre ab ea iad—ní staigíní ná seoiníní ná breilleí a ḃí iontu, aċ fir ḟearúla ḟiúntaċa ḟíréanta a ṡeas gan scáṫ gan eagla in aġaiḋ naṁaid na hÉireann. Níor ṁiste coṫrom na Féinne a ṫaḃairt dóiḃ anois; an fuilleaċ beag bídeaċ atá fágṫa againn, is gearr go mbeiḋ siad i measc a gcomrádaiṫe i láṫair Dé. Naċ miṫid do na hEaspaig freisin éirí as a ḃeiṫ dá maslú os coṁair an ṗobail mar a rinneadar arís cúpla seaċtain ó ṡoin?

Fir ab ea iad gan aṁras, cé gurḃ iomaí ógánaċ éadrom-ċroíoċ a ḃí orṫu. Féaċ iad i dtús a n-óige ag leagan amaċ na hoibre móire sin dóiḃ féin: Éire a ṡaoraḋ ó ċuing na Sasanaċ. Agus cúige sin ṫagaḋ siad i gceann a ċéile de ṡiúl oíċe ag foġlaim ceird an tsaiġdiúra ó na Meireacánaiġ a ḃí an uair sin ċoṁ tiuġ le sioc ar fud na hÉireann.

Níor éiriġ leo.” An té a deireas é sin, is duine tuataċ é naċ dtuigeann brí an scéil. Níor leanaḋ an sompla a ṫugadar. Níor tugaḋ onóir fós dóiḃ mar ba ċeart. Ar ndóiġ, níl caoi is fearr leis sin a ḋéamaṁ ná a gcuid eactraí a inseaċt agus a dteagasc a ċur i ngníoṁ.

Deirtear, más fior é, go raiḃ suas le cúpla céad míle fear faoi ṁionna ag Séamus Mac Stiofáin uair dá ṡaol. B’iontaċ an obair a ċuir sé roiṁe le déanaṁ agus d’éiriġ leis go cumasaċ. Cúpla céad míle fear réiḋ ullaṁ ċun troda le Seán Buí a ruaigeaḋ as Éirinn. Is iomaí fear acusan a ḃí ar a ċoimeád tar éis an éirí amaċ. Is iomaí fear acu a ċaiṫ a ṫéarma i bpríosúin na Sasanaċ. Is iomaí fear acu a ċaill a ṡláinte agus a ṁaoin ṡaolta de ḃarr a ṡaoṫair. Agus tá go leor eile arḃ éigin dóiḃ a dtír ḋúċais a ṫréigint agus ón lá sin go lá a mbáis níor leagadar súil ar Ḃánċnoic Éireann.

Tá siad ag imeaċt agus ag imeaċt ina nduine is ina duine. Tá a lá caite agus is miṫid dóiḃ a suaiṁneas a ġlacaḋ. Go dtuga Dia sólás dóiḃ.

Tá taoḃ eile ar an scéal, a ógánaiġ na hÉireann. Naċ miṫid daoiḃse a ḃeiṫ ag corraí? Tá sé ina ṁaidin agaiḃse. Níl néal sa spéir. Ta dóċas in ḃur gcroiṫe. Tá iontaoiḃ agaiḃ as ḃur stuaim féin. Tá aclaíoċt cos agus láṁ agaiḃ. Naċ miṫid an misneaċ agus an spiorad agus an aclaíoċt atá agaiḃ a ċaiṫeaṁ i seirḃís na hÉireann?

ÉAMONN CEANNT.